I gCathair na Gaillimhe a rugadh an scoláire litríochta seo ar 22 Feabhra 1933. Ba iad John Stewart, tógálaí, agus Margaret O’Dea a thuismitheoirí. Ba nós lena athair na leanaí a ainmniú as cibé foirgneamh a bhí á thógáil aige ag an am agus tharla gurbh ag obair ar Choláiste Iarlatha a bhí sé i 1933! B’as Luascán i gceantar Phort Omna, Co. na Gaillimhe, do mhuintir Stewart ach rinne tiarnaí talún iad a dhíshealbhú ansiúd agus chuir seanathair James gnó tógála ar bun i gcathair na Gaillimhe tuairim 1889. Tar éis bunoideachais i Scoil Fhursa, Gaillimh, chuaigh sé go Coláiste Iognáid agus as sin go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe agus ar ball go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Thug scoláireacht é go hOllscoil Uppsala sa tSualainn; ghnóthaigh sé M.Phil. ansiúd agus bhí sé ag múineadh ann ar feadh tamaill.

Tá ailt léannta aige in Éigse, Celtica, Arv: Journal of Scandinavian Folklore, Saga, Angles, Zeitschrift für celtische Philologie, Studia neophilologica (Uppsala), Béaloideas . . .. Is é an saothar is mó a tharraing aird air Boccacio in the Blaskets, 1988. Bhí cuid de scéalta an Decameron inste ag Micheál Ó Gaoithín do bhailitheoirí béaloidis agus síleadh gur scéalta iad a shroich traidisiún scéalaíochta na hÉireann ar chuma éigin, b’fhéidir. Ach d’éirigh le Stewart aistriúchán Gaeilge a rinne Ó Gaoithín ar scéalta Boccacio a aimsiú i measc lámhscríbhinní Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Meastar gurb é rud a tharla go raibh an Decameron ar cheann de na leabhair a d’fhág Brian Ó Ceallaigh ina dhiaidh san oileán. Ar feadh tuairim fiche bliain bhí Stewart ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil Chóbanhávan; le saothar filí mar Yeats agus Heaney, le gnéithe den bhéaloideas in Éirinn agus i dtíortha eile, agus le tionchar na seanlitríochta ar litríocht Bhéarla na hÉireann, a bhaineann cuid mhaith dá ailt léannta. Ba é a thug Heaney chun na Danmhairge. Chaitheadh sé gach samhradh i nDún Chaoin; rinne sé bailiúchán seanfhocal ann a bhfuil súil lena fhoilsiú. Nuair a bhuail stróc é sa tSualainn tugadh go hospidéal in Cóbanhávan é agus is ansiúd a d’éag sé 29 Meitheamh 1992. Níor phós sé.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú