Rugadh Bernard Edward Barnaby Fitzpatrick, an dara Tiarna Castletown, ar 29 Iúil 1849. Ba í Augusta Mary Douglas a mháthair. John Wilson, Granston Manor, Baile Cholla, Co. Laoise, a athair. Ba mhac é siúd le hIarla Osraí Uachtaraigh (a d’éag 1819) ach bhí meas mic mhídhlistinigh air, dar leis an Complete Peerage, toisc gur shagart Caitliceach a phós an tIarla. Ní raibh teideal an athar le fáil ag John Wilson ach fágadh an talamh go léir le huacht aige. Ghlac sé leis an sloinne Fitzpatrick agus tugadh an teideal Tiarna Castletown dó in 1869.

Bhí an fear s’againne ar scoil in Ashbridge agus Eton roimh dhul go dtí Oxford. Chaith sé saol eachtrúil taistealach ina dhiaidh sin. Bhí sé le hinsint aige gur casadh Jesse James air. Chuaigh sé i mbun obair otharlainne sa Chogadh Franco-Phrúiseach. An bhliain chéanna (1871) chuaigh sé isteach in arm na Breataine agus bhí sé mar mhaíomh aige gurbh é an coirnéal marcach deireanach é dár ceapadh. Bhí sé páirteach i gcogaí san Éigipt agus i ndeisceart na hAifrice. In 1880 toghadh é ina bhall parlaiminte do Chúil an tSúdaire. Ar feadh a shaoil fear mór fiaigh agus foghlaerachta in Éirinn ba ea é agus sealgaire ainmhithe móra thar lear.

Ní raibh a fhios go cinnte riamh cén pholaitíocht a bhí aige. I nDáil na Breataine ba é an t-aon duine amháin é a thugadh Coimeádach/Liobrálaí air féin. Ina dhiaidh sin bhí sé (de réir Dod) ina Liobrálach (1893–7), ina Aontachtaí Liobrálach (1898–1909) agus ina Liobrálach arís (1910–11).

Tháinig sé in oidhreacht 23,000 acra in 1883. Bhí sé gan amhras in aghaidh Chonradh na Talún (rinneadh bagairt air agus ba é a fhreagra: “I’ll shoot first and apologise later!”) ach is fíor go raibh sé ar son leasaithe a dhéanamh ar dhlí na talún. Foilsíodh a aiste “A Definite solution of the Irish land question” in New Ireland Review Bealtaine 1898.

Bhí sé in aghaidh féinrialtais d’Éirinn ach chloistí tuairimí fíornáisiúnta uaidh uaireanta. Bhí sé ar son an chomharchumannachais agus scéimeanna Sir Horace Plunkett. I 1906 d’fhoilsigh sé A plea for tillage farming on co-operative lines.

Bhí sé ina Sheansailéir ar an Ollscoil Ríoga ó 1906 go 1910 agus thug an Canónach P. A. Ó Síocháin agus Propast Choláiste na Tríonóide cabhair dó chun scéim nua ollscolaíochta a ullmhú. As an bhfoirmle a chum siad a d’fhás plean Ollscoil na hÉireann. I rith an ama seo bhí sé ina Rí-Chomhairleoir agus ina Thiarna Giúistís.

Pearsa imeallach nó ábhar fonóta é maidir le saothrú na Gaeilge, é ina shampla ar chineálacha neamhdhóchúla a bhí i bhfabhar na hathbheochana.

Dóbair gur bádh é uair ina óige nuair a bhí sé ar a laethanta saoire i gConamara. Ar an dea-uair bhí beirt fhear as Garmna ag déanamh poitín in aice láimhe agus shábháil siad é. Thug a athair pinsean dóibh. D’fhoghlaim sé roinnt Gaeilge san áit thiar agus bhí spéis ar leith aige sa tseanlitríocht. Dúirt sé: “Whether or no we are all and everyone of us to study our literature in the original is a question which for the present we may lay aside. Until that day arrives when we all know Irish, I think we might do more than we do to make ourselves acquainted in fact with our National Literature in the many translations at our disposal ... Let us at least go so far as to be able to inform the Sassenach as to the names of the works we would rescue from oblivion” (Journal of the National Literary Society Vol. 1, Part 1, 1900).

Bhunaigh sé féin agus Fournier D’Albe an Celtic Association agus bhí baint mhór aige leis na feiseanna i gCo. Laoise. Bhí sé tamall ina chathaoirleach ar Chomhaltas na Feise. I gcuntas iarbháis sa Times dúradh: “He encouraged the revival of the Irish language and gave substantial help to the movement”. Ach arís i 1919 tháinig bagairt an fhoréigin chuig doras a thí. “I replied in Irish and asked him his business”. B’in an chaoi ar chuir sé an fear gunna ó dhoras, más fíor.

Phós sé Ursula St Leger, iníon Bhíocunta Dhún ar Aill. Ní raibh aon chlann acu. D’éag sé ar 29 Bealtaine 1937. I 1923 foilsíodh a dhírbheathaisnéis Ego.

Tá de chuma air gur ag leanúint a shampla a bhí an Tiarna Ashbourne nuair a thug sé Mac Giolla Bhríde air féin. Sórt freagra ar Phádraig is ea Bríd! Ach cibé ab áil leis an Tiarna Castletown a thabhairt air féin níorbh fholáir le muintir a cheantair dhúchais an t-ainm leath-tharcaisniúil “Barney Bogstock” a thabhairt air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú