Cuntas ar a shaol féin, ar a shinsir, ar an saol a bhí ina thimpeall, ar stair agus ar nósanna Mhionlaigh i bparóiste an Chaisleáin Ghearr is ea Seanchas Thomáis Laighléis, 1977 in eagar ag Tomás de Bhaldraithe. Bhunaigh Proinsias Ó Maolaithe C.SS.R cuid dá alt ‘Graiméar Mhionlaigh’ (Éigse, earrach 1954) ar chaint Thomáis agus seo é an cur síos a rinne seisean ar an mbaile beag: ‘Is é Mionlach an ceantar Gaelach is goire do chathair na Gaillimhe. Go deimhin, tá sé ag dul isteach go “doras na Gaillimhe” féin: is é teach Pháraic Uí Cheallaigh, ceann de na cainteoirí a bhfuil an trácht seo bunaithe orthu, an teach is goire do Ghaillimh ar bhóthar Áth Cinn—i bhfoisceacht ceathrú míle don chathair. Is é Mionlach, freisin, an t-aon bheo-Ghaeltacht atá fágtha taobh thoir den Choirib…. Is é Mionlach is lú Béarla agus is mó daonra [de na bailte fearainn sa Chaisleán Gearr]. Tá sé trí mhíle bealaigh ó Ghaillimh, san uillinn a dhéanas an abhainn leis an loch. Tá tuairim 30 teach fós ann, ach deir [William] Wilde go raibh 1,100 de líon daoine ann in 1841.’ Deir de Bhaldraithe: ‘Cois na Coiribe, ar an mbruach thoir den abhainn, atá Mionlach, i bhfoisceacht timpeall trí mhíle do Chathair na Gaillimhe de shiúl cos agus níos cóngaraí ná sin di bealach na habhann. Baile tuaithe é, ní sráidbhaile é. Níl aon líne tithe i bhfostú dá chéile ann, níl siopa, beairic, monarcha, teach sagairt ná teach ósta ann.’

Ann a rugadh Tomás Laighléis (Tomás Mháire Ní Fhathaigh); baisteadh é ar 2 Meitheamh 1895. In 1852 a rugadh a athair Pádraig agus b’as Mionlach freisin dá mháthair Máire Ní Fhathaigh. Phós siad in 1881. Bhí feirm bheag ag Pádraig agus chaith sé blianta ina Poor Law Guardian. Bhí bá aige le Charles Stuart Parnell agus suim sa pholaitíocht aige. Chaith sé mí i bpríosún mar gheall ar achrann a tharla ag sochraid Sir Thomas Blake in 1875 nuair nach searmanas Caitliceach a bhí sa reilig; tá tagairtí ag de Bhaldraithe do chuntais chomhaimseartha ar an eachtra seo. Daoradh ceathrar, Pádraig ina measc. Cháin an tAthair P. S. Ó Móráin ón altóir é uair faoi ólachán. Bhí drochmheas ag Tomás féin ar an sagart céanna: gheall sé culaith éadaigh don té is fearr a chruthódh sa rang a bhí ag dul faoi lámh an easpaig. Tomás is fearr a chruthaigh ach ní bhfuair ach cúig phingin!

D’éag Máire Ní Fhathaigh in 1898. Deir Tomás gur seisear clainne a rugadh dá thuismitheoirí. Ba é an t-athair a líon isteach foirm Dhaonáireamh 1911 i nGaeilge. Dearbhaíonn sé gur rugadh duine agus deichniúr clainne dó ach nár mhair díobh ach seisear, triúr mac agus triúr iníonacha, iad go léir sa teach: Seán, Pádraig, Tomás, Máire, Cáit agus Eibhlín. Bhí léamh agus scríobh aige féin agus ag gach duine sa teaghlach. Léadh sé trí pháipéar sa tseachtain. Tús a bheith curtha le múineadh na Gaeilge sna scoileanna an fáth a raibh ina chumas an teanga a scríobh. Deir Tomás: ‘Tháinig an chéad chuid de leabhra beaga Gaeilge leis an Athair Ó Gramhnaigh amach ar na scoileanna ansin. Is iad na litreacha a bhí ár mbascadh. Is gearr go raibh m’athair in ann ceart a bhaint díobh agus in ann í a léamh agus chomh luath is a bhí, níorbh fhada go raibh mise freisin.’ Cuid insuime dá sheanchas an chaoi ar tugadh an Ghaeilge isteach sa scoil náisiúnta; gan dua a d’fhoghlaim na daltaí léamh agus scríobh na teanga agus bhí an múinteoir ag foghlaim na teanga labhartha uathusan agus í buíoch go háirithe de Thomás; thairngir sí go rachadh an Ghaeilge chun leasa dó lá éigin ar ball.

Agus é ina ghasúr go fóill fuair sé leabhar scéalta fiannaíochta agus léadh scéal amach i dteach airneáin: ‘An t-éisteacht agus an tost a d’fhaighinn fad’s a bhínn ag léamh an scéil, ní dhearna mé dearmad ó shin air, agus is minic a smaoinigh mé ó shin cé acu is mó a raibh siad ag déanamh ionadh de ghaiscíocht na bhFiann a bhí mé tar éis a léamh nó den Ghaeilge a bheith le léamh amach as leabhar. Níorbh iontaí leo ná an sneachta dearg gurbh fhéidir í a scríobh is a léamh.’

Bhí baint aige le tiomáint nó scaoileadh na mbullán a bhí ar thalamh an Tí Mhóir i 1917. Cúisíodh cúigear, Tomás ina measc. Chaith siad oíche i bpríosún; gheall an t-athair smacht a choimeád orthu agus níor daoradh iad. Nuair a phléideáil sé nach raibh iontu ach páistí beaga is é a d’fhreagair an giúistís: ‘The small children, Mr Lawless, of the old block.’ Chaith Tomás tamall de 1917 ag obair do Bhord na gCeantar gCúng sular thosaigh sé ag obair ‘i stór an leasú i nGaillimh’. D’éag Pádraig, a dheartháir, go tobann agus ar Thomás a thit cúraimí na feirme. Fuair deirfiúr leis bás tamall roimhe sin. Cailleadh an t-athair i 1927 agus d’éag an deirfiúr a bhí in aontíos le Tomás i 1943. Bhí deirfiúr beo i Meiriceá ach bhí gach duine eile marbh. Moladh dó pósadh agus d’iarr sé Nóra Ní Chrábháin ar a máthair, comharsa béaldorais dó. Ba é freagra na máthar: ‘Is cuma liom é ach Nóra a bheith i ngar dom.’ Rugadh iníon agus cúigear mac dóibh: ‘Is í an Ghaeilge an teanga teallaigh a bhí ag mo mhuintir chomh fada siar is atá mé in ann a dhul, agus fós. An méid seo de mo shaol, níor labhair mé smid Bhéarla ar an teallach le mo bhean ná le mo mhuintir atá imithe’.

Ina réamhrá le Seanchas Thomáis Laighléis deir Tomás de Bhaldraithe: ‘Ag iarraidh eolas a bhailiú ar Ghaeilge Mhionlaigh a bhí eagarthóir an leabhair seo nuair a chuir sé Tomás Laighléis á scríobh. Eolas ar bhrí focal is leaganacha, ar fhoghraíocht, dheilbhíocht is chomhréir na Gaeilge sin a bhí á iarraidh aige. . . . Chonachtas dom féin go ndéanadh sé an obair sin chomh slachtmhar sin go mba cheart é a mhealladh le tuilleadh a scríobh ar an saol i Mionlach mar a chonaic is mar a chaith sé féin é. De bharr na hoibre sin ar fad tá os cionn fiche míle cárta agus os cionn míle leathanach lámhscríofa againn uaidh a scríobh sé ón mbliain 1954 anuas (i gCartlann na gCanúintí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath atá an t-ábhar seo). Ní raibh i gceist agam féin ach bunábhar a sholáthar le staidéar a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den teanga. Ní raibh aon chuimhne aige féin go ndéanfaí leabhar de thoradh a shaothair. Níl sa leabhar seo mar sin ach cuid an-bheag de shaothar Thomáis.’ In Tomás de Bhaldraithe: Cuimhní Cairde, 1997 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa deir Proinsias Mac Cana i gcomhthéacs obair fhoclóireachta de Bhaldraithe: ‘Sampla den scoith é an díolaim thoirtiúil de chuimhní cinn Thomáis Laighléis a chuir sé in eagar faoin teideal Seanchas Thomáis Laighléis. . . , leabhar, dar liom, nach ndeachaidh a luach ceart air go fóill agus ceann de na leabhair a bhfaighim féin blas ar leith orthu idir chaint agus ábhar agus ar breá liom pilleadh orthu ar feadh scathaimh anois agus arís.’ Deir sé freisin go ndúirt cuid mhór daoine leis go raibh siad ar aon intinn leis ‘nach bhfuil leath an iomrá air is atá ar shaothair eile nach bhfuil ionchurtha leis ar dhóigh ar bith ó thaobh saibhreas cainte agus ábhair’. D’éag Tomás 23 Deireadh Fómhair, 1984. Sin é an dáta atá deimhnithe ag a mhuintir; an 24 Deireadh Fómhair atá i dtaifead an Chláraitheora. Tá sé curtha i Mionlach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú