Aisteoir, scéalaí cáiliúil. Sa Ráth Mhór, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 30 Márta 1914. Ba é an duine ba shine é den ochtar leanaí a bhí ag Ned Kelly, siúinéir, agus Johanna Cashman. Bhí sé pósta ar Maura O’Sullivan, iníon le Micheál Ó Súilleabháin agus bhí iníon agus beirt mhac acu. D’éag sé ar 24 Deireadh Fómhair 2001. Gheofar eolas ar a óige sna leabhair a scríobh sé: The Apprentice, 1995; The Journeyman, 1998. Tá cuntas iarbháis in Irish Times 27 Deireadh Fómhair 2001. I measc na n-onóracha a bronnadh air tá: dochtúireacht Ollscoil na hÉireann, 1989; Gradam Amharclann na Mainistreach, 1991.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú