I mBaile Átha Cliath a rugadh an seandálaí agus an staraí cáiliúil seo ar 13 Aibreán 1926. Ba iad Paul Power ó Thrá Mhór, Co. Phort Láirge, agus Kathleen Burke ó Bhaile Átha Cliath a thuismitheoirí. Ní raibh aige ach an t-aon deirfiúr amháin, Máire, agus d’éag sise in aois 17 bliain di. Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhuire chuaigh sé go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí an tseandálaíocht agus luathstair na hÉireann mar ábhair aige. Bhí sé fostaithe ag Roinn na Séadchomharthaí Náisiúnta de Bhord na nOibreacha Poiblí ar dtús sular ceapadh é ina léachtóir le seandálaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina chomhairleoir de chuid UNESCO i Neipeal i 1964 agus ceapadh é an bhliain sin ina léachtóir le stair sa Choláiste Ollscoile. Is iomaí tochailt a raibh sé páirteach inti in Éirinn agus thar lear agus bhí ollúnachtaí aige i Nua-Eabhrac, Pittsburg agus Toronto. Thug sé léacht an Oireachtais i 1975 (‘Gaelachas agus Éireannachas—fadhb nó réiteach?’) agus bhíodh aistí aige in Comhar idir 1962 agus 1985. Tá ailt leis in Historical Studies agus i mórán eile irisí staire. Tá caibidlí aige i leabhair mar The Course of Irish History, 1967; Great Books of Ireland, 1964. . . . I gcomhar lena bheanchéile Máire de Paor scríobh sé Early Christian Ireland, 1958. Phós sé Máire i 1946 agus bhí iníon agus ceathrar mac acu. Ba í Deirdre Glenn ó Nua-Eabhrac an dara banchéile aige agus bhí mac amháin acu. D’éag sé ar 13 Lúnasa 1998. I measc na leabhar a scríobh sé tá: Archaeology: an Illustrated Introduction, 1967; Divided Ulster, 1970; Portrait of Ireland: Ireland Past and Present, 1985; Milestones in Irish History, 1986; The Peoples of Ireland: From Prehistory to Modern Times, 1986; Unfinished Business, 1990.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú