Scoláire Sean-Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rugadh i Sasana é ar 7 Bealtaine 1921. D’fhoghlaim sé Gaeilge chun gurbh fhearr a dhéanfadh sé staidéar ar Bhéarla na hÉireann. Scríobh sé Spoken English in Ireland 1600-1740, 1979. D’éag sé ar 26 Samhain 1985.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú