Seo é an duine a chum na hamhráin ‘Ócum an phríosúin’, ‘Amhrán an tSlat lascaigh’, ‘Gadaí Beag mo Phíopa’ agus ‘Na Banks of Waterloo’. Ba leasdeartháir do mháthair Mháirtín Mhic Dhonnchadha é agus scríobh Máirtín nóta faoina bheatha agus, in éineacht le Seán Ó Morónaigh, chuir eagar ar a shaothar in Eachtraí Mhuintir Tam, 1988. ‘Bunús úrscéil’ a thugann Máirtín Mac Donnchadha ar a bhfuil sa leabhrán sin.

I mBun a’ Charnáin in aice na Trá Báine i gConamara a tógadh é. Ba iad Neaine Choilm Con Rí agus Micil Pheadair Mhóir Ó Lochlainn a thuismitheoirí. Ba é an máistir scoile i Scoil na Trá Báine a spreag ar dtús é chun filíocht a cheapadh. Cuireadh trí mhí príosúin air i ngeall ar phoitín a dhéanamh agus is i rith an ama sin a chum sé ‘Ócum an Phriosúin’. Chaith sé cúpla tamall san arm agus tamaill eile ag spailpínteacht in oirthear na Gaillimhe. Chuir sé aithne ar Mháirtín Ó Cadhain sa Charn Mór. An tAthair Eric Mac Fhinn a spreag é chun béaloideas a bhailiú agus a d’fhoilsíodh sin agus ábhar eile a d’fhaigheadh sé ó Thomás in Ar Aghaidh. Tá sé curtha i reilig na Trá Báine.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú