In Upper Tooting, Londain, a rugadh é ar 17 Bealtaine 1878. Ailtire ba ea a athair. Bhí sé ar scoil i Scoil Ghramadaí Bhedford roimh dhul go Coláiste Lincoln, Oxford, dó. I ndiaidh céim a bhaint amach is leis an scoláireacht agus an scríbhneoireacht a chaith sé a shaol. Dhealródh nach raibh post aige riamh.

Phós sé Harriet Ada Peoples i 1909. B’as Bun an Phobail, Dún na nGall, di. Bhí baint aici leis na cumainn Éireannacha i Londain. Sheinneadh sí ceolta tíre ar an veidhlín ag ceolchoirmeacha agus ghlacadh sí páirt i ndrámaí Gaeilge. Chaith sí tamall fada ag obair don Irish Folk Song Society, í ina rúnaí oinigh, ina cisteoir, agus ag tabhairt cúnaimh do Dhónall Ó Súilleabháin, eagarthóir a n-irise.

Ceoltóir maith ba ea Freeman freisin. Cheangail sé leis an IFSS agus bhí ina bhall dá gcoiste foilseachán ó 1920 go 1939. Bhí guth binn teanóir aige.

D’fhoghlaim sé Gaeilge agus deirtear gur faoi stiúir Kuno Meyer a rinne sé staidéar ar an Sean-Ghaeilge. Chaith sé féin agus Ada a laethanta saoire i mBaile Bhuirne i 1913 agus d’fhill siad ar feadh ráithe i 1914. Scríobh sé céad amhrán síos sa cheantar. Tá siad foilsithe, idir fhocail agus cheol, mar aon le haistriúcháin agus nótaí, in Journal of the Irish Folk Song Society, nos. 23–25 (1920–21). Dúirt Dónall Ó Súilleabháin faoin mbailiúchán sin: “Incomparably the finest collection in our time of Irish songs noted from oral tradition”.

Nuair a bhris an Chéad Chogadh Mór amach liostáil Freeman sa Royal Army Service Corps. Nuair a tharla i Salonica é níorbh fholáir leis bheith ag breacadh síos amhrán ann!

Foilsíodh a leabhar Thomas Love Peacock: a critical study i 1911, agus i 1914 Freedom sa tsraith Fellowship a d’fhoilsíodh Batsford. Is iad na leabhair eile a tháinig óna pheann: Vanessa and her correspondence with Swift (1921) The Compossicion Booke of Conought (1936); a eagrán de Annals of Connacht (1944).

D’éag Ada i 1942. Ghoill a bás chomh mór sin air go seachnaíodh sé comhluadar daoine. Ach bhí sé ina bhall de Chomhairle Chumann na Scríbheann Gaeilge ó 1922 ar aghaidh agus i 1945 toghadh é ina chathaoirleach mar chomharba ar Robin Flower. D’éag sé i Londain ar 18 Nollaig 1959.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú