Ba é an t-eaglaiseach Protastúnach seo ba thúisce a rinne iarracht ar mhisean a bhunú chun Gaeil a iompú ón gcreideamh Caitliceach trí leabhair agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Tá cuntas air in Dictionary of national biography agus b’fhéidir a rá go bhfuil sé ar dhuine de na pearsana is mó a bhfuil trácht ag Nicholas Williams orthu in I bPrionta i Leabhar. Na Protastúin agus Prós na Gaeilge 1567–1724, 1986. Tá trácht air freisin ag H. R. McAdoo in Éigse, Geimhreadh 1940 (‘The Irish Translations of the Book of Common Prayer’).

Bhí beirt John Richardson, eaglaisigh, ar comhaois le chéile. In Ard Mhacha i 1664 a rugadh an John ar mhac é le Sir Edward Richardson; dar le Williams, DNB agus Séamus Ó Casaide (in Irish Book Lover, Bealtaine 1942, ‘An Unrecorded Irish Book of 1716’) gurb é siúd an fear s’againne. Ach is William a bhí ar athair John na Gaeilge agus is i dTír Eoghain a rugadh é i 1668/9, dar le J. B. Leslie in Henry B. Swanzy: succession lists of the diocese of Dromore, 1933 agus dar le Alumni Dubliniensis. Dar leis an dara foinse sin go raibh John Ard Mhacha ina Dhéan ar Chill Mhór ar ball. Ní mór glacadh leis, mar sin, gurb é fear sin Thír Eoghain an John s’againne mar is ina Dhéan ar Chill Mhac Duach a bhí seisean! Deir Vincent Morley in DIB gur in aice leis an gCorr Chríochach, Co. Thír Eoghain, a rugadh é agus gur dhuine é den seisear leanaí (cúigear mac agus iníon) a bhí ag William Richardson, agus gur sa Chlochar, Co. Thír Eoghain, a d’éag sé.

Chuaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide in aois 14 dó ar 27 Iúil 1683. Fuair sé céim BA i 1688 agus oirníodh é i 1693. Bhí sé ina reachtaire i nDoire Lúráin, Co. Thír Eoghain, 1694–1709 (Leslie), i bparóiste Eanaigh i gContae an Chabháin ó 1709 go 1747. Deir Leslie gur spéis leis an reachtaire a bhí ann roimhe freisin, fear dar sloinne Browne, an Ghaeilge a úsáid. D’fhoghlaim Richardson an teanga agus is comhartha ar a dhíograis é gur ina pharóiste féin a bhí cónaí air an chuid is mó den am agus go mbíodh seirbhísí ar siúl aige go laethúil. Thugadh sé seanmóirí i nGaeilge. I 1709 d’iarr easpaig Eaglais na hÉireann ar an gcléir moltaí a dhéanamh i dtaobh conas a b’fhearr a iompófaí Caitlicigh chun an chreidimh bhunaithe. Richardson a dhréacht formhór na moltaí. Bhain siad leis an mBíobla Naofa agus Liotúirge na hEaglaise a bheith i nGaeilge sa chló rómhánach, go gcuirfí caiticeasma oiriúnach ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, go mbeadh daoine oiriúnacha ar fáil i ngach deoise chun seanmóirí, teagasc agus seirbhísí i nGaeilge a thabhairt, agus go mba thairbheach go gcuirfí sagairt Chaitliceacha a bhí iompaithe ina bProtastúnaigh i mbun oibre. In ainneoin na tagairte úd don chló rómhánach is léir bá a bheith ag Richardson leis an gcló gaelach; dar leis gur mhó a bheadh glacadh ag an náisiún Gaelach leis. Cuireadh na moltaí, nó na hachainíocha seo, chuig Diúc Urmhumhan, Tiarna Ionadaí na hÉireann. Scríobh Jonathan Swift in Journal to Stella ar 6 Márta 1711: ‘I presented a parson of the Bishop of Clogher’s, one Richardson, to the Duke of Ormond today; he is translating prayers and sermons into Irish, and has a project about instructing the Irish in the Protestant religion’. Shíl an t-údar cáiliúil é a bheith ródhígeanta; is í iontráil choilgneach 2 Aibreán: ‘I am plagued with one Richardson, an Irish parson, and his project of printing Irish bibles ...’.

D’fháiltigh an Diúc roimh na moltaí agus cuireadh faoi bhráid Thiarnaí Giúistisí na hÉireann agus faoi bhráid na Banríona iad. ‘Tháinig siad ar ais go hÉirinn ansin agus cuireadh faoi bhráid dhá theach na Parlaiminte agus dhá theach Chomhthionól na hEaglaise iad, ach sa deireadh thiar ní dhearnadh faic na ngrást fúthu’ (Williams). Bhí William King (1650–1729), Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, go tréan ar son an togra. Ach deir Williams gurbh é fáth na teipe nár theastaigh ón gCinsealacht Phrotastúnach go mbeadh Protastúnaigh Ghaelacha líonmhar san eaglais bhunaithe; ina n-aignesean b’ionann Gaeilge a labhairt agus a bheith mídhílis do Shasana. ‘Má bhíothas chun Protastúnaigh a dhéanamh de na Gaeil, chaithfí iad a ghalldú ar dtús.’ Ba é an freagra a bhí ag Richardson ar an meon sin gurbh é an Creideamh Caitliceach agus nárbh í an teanga Ghaeilge a bhí aimhréireach le leas na Sasanach. B’fhuath leis an creideamh sin ach bhí cion aige ar Ghaeil agus ar a dteanga. Ceapadh Richardson ina shéiplíneach ag an Diúc ach níor tugadh ach £200 mar chabhair chun costais foilsitheoireachta a ghlanadh, méid nár chúiteamh in aon chor é ina raibh caite aige.

D’fhoilsigh sé i 1711 A proposal for the conversion of the popish natives of Ireland to the establish’d religion agus dhá bhliain ina dhiaidh sin A short history of the attempts that have been made to convert the popish natives of Ireland to the establish’d religion. Tráchtann sé sa stair seo ar eaglaisigh Phrotastúnacha a rinne a ndícheall chun freastal ar Ghaeilgeoirí na hÉireann agus ar chainteoirí Gàidhlice in Ulaidh go nuige sin. I 1711 freisin d’fhoilsigh sé Seanmora ar na Priom Phoncibh na Chreideamh, arb é atá ann cúig sheanmóir: ceann dá chuid féin an chéad cheann acu, b’fhéidir, agus is aistriúcháin le Pilib Mac Brádaigh agus Seán Ó Maolchonaire ar shaothar le heaglaisigh cháiliúla na ceithre cinn eile. Le cabhair SPCK i Londain d’fhoilsigh sé trí leabhar i 1712: Teagasg-Críosdaighe, Caitecism na hEaglaise, agus Leabhar na nOrnaightheadh cComhchoitchionn. Clóbhuaileadh sé mhíle cóip de gach ceann díobh agus bhí an ceann deiridh sin go háirithe le dáileadh i ngarbhchríocha na hAlban.

Ar leagan Uilliam Uí Dhomhnaill atá an ceann sin bunaithe, deir Williams, ach ní hionann le chéile iad sa mhéid gurb aistriúchán ar leagan Béarla 1662 den Book of Common Prayer is ea saothar Richardson agus go bhfuil ábhar breise ann dá réir. Tá fianaise ann gur thug Cathal Ó Luinín cabhair san aistriúchán sin. Deir Séamus Ó Casaide; ‘The Irish translation of the Book of Common Prayer ..., I have reason to believe, the work of Cathal (or Séurllus) Ó Luinín (anglicé Lynegar) from Fermanagh.’ Deir McAdoo an rud céanna ach cuireann an méid seo leis: ‘Something has already been said to shew that the book of 1712 suffers through its endeavour to keep too close to the English. Its language has not, for the most part, the genuine ring and perfect rhythm of the earlier translation.’ Chuir Robert King eagrán leasaithe amach in 1861.

D’fhoilsigh sé paimfléad dar teideal Fíorthairbhe na ngaoidheal arb é atá ann seanmóir Bhéarla a thug sé i dteampall Bhéal Tairbirt, paróiste Eanaigh, i 1715 mar aon le haistriúchán Gaeilge a rinne sé féin. Sin é an ‘unrecorded Irish book of 1716’ a bhfuil cur síos déanta air ag Seámus Ó Casaide. Cuireann Williams spéis ar leith ann toisc gurb é an sampla is fearr de shaothar Gaeilge Richardson é ó thaobh friotail de. Níl d’ábhar aige ann ach gur leigheas ar aicídí uile na hÉireann go n-iompódh Caitlicigh ina bProtastúnaigh. Scríobh sé freisin The Great Folly. Superstition and Idolatry of Pilgrimages in Ireland, 1727. Níor tugadh dó an t-aitheantas a bhí tuillte aige; theip ar a chairde beinifís oiriúnach a fháil dó ach ceapadh é ina Dhéan ar Chill Mhac Duach i 1731 fad a bhí Eanach aige freisin. Bhí sé ina Ghiúistís Síochána i gContae an Chabháin. Bhí sé pósta agus mac aige. D’éag sé 9 Meán Fómhair 1747.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú