Bhí an file aitheanta seo ina bhall de chomhairle Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge in 1876 agus chuir sé a ainm le hachainí ar na coimisinéirí oideachais go dtabharfaí aitheantas don teanga sna bunscoileanna. Tá sé ar dhuine de Phreispitéirigh Uladh sa 19ú céad a rinne iarracht ar oidhreacht Ghaelach na tíre a shealbhú; d’fhéach sé le heolas uirthi a chraobhscaoileadh trí aistriúcháin oiriúnacha a sholáthar agus bhí sé ar dhuine d’aistritheoirí a linne féin is fearr a thug leo spiorad na mbundánta. Bhí bá aige leis an traidisiún Oráisteach ach bhí claonadh ann freisin chun an náisiúnachais chultúrtha. Bhí sé báúil le haidhmeanna Éire Óg agus bhunaigh an Protestant Repeal Association. Chuir polasaithe an rialtais le linn an Ghorta fearg air agus bhí sé ina rúnaí ar an Irish Council in 1847, iarracht ar mhaolú ar an bhfulaingt; bhí gach dream polaitiúil rannpháirteach inti.

Tá a bheathaisnéis scríofa ag Gréagóir Ó Dúill: Samuel Ferguson: Beatha agus Saothar, 1993 agus tá aige ann leabharliosta cuimsitheach chomh maith le liosta d’fhoinsí lámhscríbhinne agus aircíviúla. Ag an údar céanna tá ‘Ferguson, an Stát agus an Léann Dúchais’ in Studia Hibernica 19, 1979 agus ‘Samuel Ferguson, Adminstrator and Archivist’ in Irish University Review, fómhar 1986. Norman Moore a scríobh an iontráil in Dictionary of National Biography agus tá gearrchuntais le fáil in Oxford Companion to Irish Literature, 1996 agus i leabhair thagartha eile. Leabair eile a foilsíodh le tamall anuas is ea: Samuel Ferguson: a Centenary Tribute, 1987 in eagar ag Terence Brown agus Barbara Hayley (is ann atá aiste Ghearóid Uí Thuathaigh, ‘Sir Samuel Ferguson, Poet and Ideologue’ agus aiste Bhreandáin Uí Bhuachalla, ‘The Gaelic Background’); Samuel Ferguson: The Literary Achievement, 1990 le Peter Denman.

Sa tSráid Ard i mBéal Feirste ar 10 Márta 1810 a rugadh an mac seo le John Ferguson agus Agnes Knox. Ba de shliocht na hAlban in oirthear Uladh a athair. Fuair seisean sciar de luach an eastáit a bhí ag a athair agus deir Ó Dúill: ‘Ó tharla gan oiliúint ar aon ghairm aige, agus gan toil ar bith don ghnó ann, nó dáimh le hobair d’aon chineál, ba ghá do John Ferguson bogadh ó áit go háit ar ghearrléis.’ D’fhreastail Samuel ar Acadamh Ríoga Bhéal Feirste agus ansin ar an Belfast Academical Institution (‘Inst’), ar gheall le coláiste tríú leibhéal é. Ba chuid den churaclam san dá scoil sin an Ghaeilge ach níor thosaigh Ferguson ar í a fhoghlaim go dtí tús na 1830idí nuair a d’fhreastail sé ar rang príobháideach. Tuairimíonn Ó Dúill gurbh é Pádraig Ó Loingsigh [Lynch B6] Loch an Oileáin an múinteoir. Ní raibh ach beagán den teanga aige. Chuir Norman Moore cruth níos fearr ar an scéal nuair a dúirt: ‘He was not perfectly acquainted with the Irish language.’

Chaith sé tamall de 1832–33 ag foghlaim dlí in Lincoln Inns i Londain, é beo ar cibé teacht isteach a bhí aige ó dhánta agus gearrscéalta agus ó ábhar a chóipeáil don tSuirbhéireacht Ordanáis. Cláraíodh é ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide in 1834 ach, cheal airgid, b’éigean dó é a fhágáil gan céim a fháil; do dhuine eile den ainm an tagairt sin ag Moore go bhfuair sé BA in 1826 agus MA in 1832. Cháiligh sé mar abhcóide i gcúirteanna na hÉireann in 1838; ba é a chosain Richard Dalton Williams, file agus Éireannach Óg, in 1848. Rinne Q.C. de in 1859 ach d’éirigh as an gceird nuair a d’fhéach Thomas Larcom, ceann na státseirbhíse, chuige gur ceapadh é mar Leaschoimeádaí na dTaifead Poiblí in 1867; bhí William Maunsell Hennessy ar an bhfoireann aige ansiúd.

Phós sé Mary Catherine Guinness 16 Lúnasa 1848. Fuair sé spré £2,000 léi. Bhí teach acu i Sráid Mhór Sheoirse Thuaidh. Bhronn Coláiste na Tríonóide dochtúireacht oinigh air tar éis dó Lays of the Western Gael a fhoilsiú in 1865. Bronnadh ridireacht air 17 Márta 1878 agus toghadh é ina uachtarán ar an Acadamh Ríoga in 1882. D’éag sé ar 9 Lúnasa 1886 i mBinn Éadair agus cuireadh é i dteampall dúchais a mhuintire in Donegore, Co. Aontroma.

Bhí sé in ann cairdeas a shnaidhmeadh le mórán daoine, fiú leosan nach raibh ar aon intinn leis i gcúrsaí polaitiúla agus le duine mar James Hardiman taréis dó fogha fíochmhar a thabhairt faoina Irish Minstrelsy; or, Bardic remains of Ireland, with English poetical translations. Tá eolas go forleathan ar an gcaoineadh a chum sé ar Thomás Dáibhis. Bhí meas ar Ferguson ag Seán Ó Donnabháin, John Mitchel, George Petrie, Charles Gavan Duffy, Eoghan Ó Comhraí, William Carleton, Whitley Stokes, Séamus Mac Domhnaill.... Scríobh sé na scórtha aistriúchán ar dhánta Gaeilge agus is iad na cinn is aitheanta: ‘Cashel of Munster’, ‘The Coolun’, ‘Dear Dark Head’, ‘Páistín Fionn’, ‘Uileacán Dubh Ó’. Ba é a chum focail an amhráin ‘The Lark in the clear air’. Bundánta eile leis ar chuir pobal mór na hÉireann eolas orthu is ea: ‘The Burial of King Cormac’, ‘The Welshmen of Tyrawley’, ‘The Forging of the Anchor’, ‘Willy Gilliland’, ‘Una Phelimy’. Scríobh sé scéalta a bhí bunaithe ar eachtraí staire agus ar scéalta sa tseanlitríocht agus bailíodh le chéile iad in Hibernian Nights’ Entertainments, 1887. Scríbhinní eile leis a luaitear go minic is ea: ‘A Dialogue between the Heart and Head of an Irish Protestant’ (1833) atá i gcló in Field Day anthology of Irish writing, Vol. I, 1991; a léirmheas ar Irish minstrelsy Hardiman in Dublin University Magazine in 1834, a chuir tús le ré nua i gcúrsaí dánta Gaeilge a aistriú, agus san iris chéanna an bhliain sin a léirmheas ar aistriúcháin a rinne Tomás Ó Fiannachtaigh ar scéalta le Maria Edgeworth; caibidil a scríobh sé faoin gcláirseach agus faoin bpíb le haghaidh Ancient Music of Ireland, 1840 le Petrie. Scríobh sé cuid mhaith faoin ársaíocht agus luaitear go háirithe Ogham inscriptions in Ireland, Wales, and Scotland, 1887. Eipic is ea Congal: a poem in five books , 1872 i dtaobh ‘Ceas Naoindean Uladh’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú