Ba é an mac ba shine é ag Arthur Bushe, Máistir Chúirt Bhinse na Banríona. Christian sloinne a mháthar. Óráidí an-cháiliúil ba ea a sheanathair Charles Kendal Bushe (1767–1843) ó Chill Mhuire, Co. Chill Chainnigh, ball parlaiminte a bhí gó mór in aghaidh Acht na hAontachta. Ba choil chúigir leis Edith Somerville agus Violet Florence Martin (‘Martin Ross’)

Bhí C. P. Bushe (nó Cormac Feorus Buais) trí scór bliain nuair a chuir Eoin Mac Néill aithne air sna Ceithre Chúirt. Ba é an post a bhí aige “Cléireach na bPléadálacha”, post nach raibh ann ina dhiaidh. Tugann Mac Néillan míniú seo ar spéis Bhushe sa teanga: “He was more than middle-aged when he took up the study of Irish. He was a devoted angler, and, I understood, he had the freedom of Lord Ardilaun’s fishing rights in Co. Galway. His boatmen usually spoke Irish and so he became interested. He compiled two manuscript volumes of words and phrases, Irish-English and English Irish, all from oral sources – I don’t know what became of them. While I knew him, he was always adding to them” (Béaloideas XIII 1943). Deir Mac Néill freisin gur éirigh Bushe cairdiúil le Gaeilgeoir ó Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe, darb ainm Séamus Ó Muiris, a bhí ag obair mar ghlantóir sráide do Bhardas Bhaile Átha Cliath agus go mbíodh Séamus istigh in oifig Bhushe sna Ceithre Chúirt ar an Satharn ag tabhairt focal, frásaí agus giotaí seanchais do Bhushe. Tá cuid dár bhailigh Bushe uaidhsean, ó Bhrian Shaffrey ó Mhaigh nEalta, agus i gContae Mhaigh Eo i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge in 1891.

An spéis sin an fáth, is dóigh, gur thug Mac Néill cuireadh do Bhushe chuig na cruinnithe ag ar bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893. Bhí Bushe ina bhall de Chomhairle an Chonartha ar feadh tamaill ach ní cosúil go raibh sé ina bhall an-ghníomhach. Bhí sé pósta ar Dorcas Atkinson agus bhí beirt mhac aige. Cailleadh é ina theach, 40 Bóthar Waterloo, Baile Átha Cliath, ar 4 Meán Fómhair 1898. Tá sé curtha i Reilig Chnocán Iaróm.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú