BERGIN, Osborn Joseph (1873–1950) Osborn Joseph BERGIN Crádh Croidhe Éigeas Osborn Ó hAimhirgín 1873 1950 Bóthar Thobar Rí an Domhnaigh, Corcaigh M An Scoil Ghramadaí , Bóthar na Dúcharraige, Corcaigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

“Prionsa na scoláirí Gaeilge” a thug an tAthair Francis Shaw C.Í. air nuair a d’éag sé. Ag cuimhneamh dó ar a eolaí a bhí sé ar an teanga i gcaitheamh a staire shíl Gearóid Ó Murchadha nach mbeadh a chómhaith de scoláire Gaeilge arís ann. I léacht chuimhneacháin a thug sé uaidh i Márta 1968 d’aontaigh D.A. Binchy leis an mbreithiúnas sin.

I mBóthar Thobar Rí an Domhnaigh i gcathair Chorcaí a rugadh é ar 26 Samhain 1873. D’aistrigh an chlann go “Westcourt”, Bóthar an Choláiste, in 1886. Ba é Osborn Roberts Bergin, ceannaí lóin, a athair. Iníon siopadóra a mháthair Sarah Reddin. Easaontóirí Protastúnacha a mhuintir, iad ag dul tamall go dtí Bráithre Phlymouth, chuig an séipéal Modhach tamall agus go dtí séipéal neamhspleách ina dhiaidh sin. Murarbh fhear séipéil é nuair a d’fhás sé suas is cinnte gur fhan togha an eolais aige ar an mBíobla agus col aige i gcónaí le deochanna meisciúla, le cearrbhachas agus le cluainearacht. Bhí ar a laghad deirfiúr agus deartháir aige; bhí an deartháir, William, fostaithe mar innealtóir cathrach in Tientsin sa tSín.

Liobrálaithe sa pholaitíocht ba ea a mhuintir. Níorbh aon mhórathrú é nuair a rinne náisiúnaí de féin. Bhí sé ag freastal ar Scoil Ghramadaí Chorcaí ag an am. An náisiúnachas sin an fáth ar chuir sé spéis sa Ghaeilge an chéad lá. Thosaigh sé féin agus mic léinn eile i gColáiste Ollscoile Chorcaí ag iarraidh teacht ar oide maith Gaeilge sa chathair. Nuair a theip orthu d’imigh sé féin ina aonar go dtí na hAoraí i mBéarra. Bhí léamh agus scríobh na Gaeilge ann ag múinteoir náisiúnta, Pádraig Ó Laoghaire. Faoi 1895 bhí eolas maith aige ar an teanga mar is léir ar litir uaidh in Irisleabhar na Gaedhilge an Mhárta.

An léann clasaiceach a bhí ar siúl aige sa Choláiste Ollscoile agus i ndiaidh céim a fháil thosaigh sé ag múineadh i meánscoileanna Chorcaí agus go háirithe sa Scoil Ghramadaí. Ceapadh é ina léachtóir le Ceiltis sa Choláiste Ollscoile in 1897. Brú ón gConradh faoi deara an post a bheith ann agus ní raibh de thuarastal aige ach an méid a d’fhaigheadh sé mar tháillí nuair a bhíodh mic léinn aige. Ag tagairt do An Leughthóir Gaedhealach, iris a ndéanadh Bergin eagarthóireacht uirthi do Chraobh na Laoi, dúirt Irisleabhar na Gaedhilge faoi in Iúil 1897: “In our opinion, one of the acutest and most accurate of living Irish scholars, and master, to a marvellous degree, of the powers of expression of the Irish language”.

I Meitheamh na bliana roimhe sin bhí a eagrán de “Caoine Airt Uí Laoghaire” i gcló, é bunaithe ar lámhscríbhinn a bhí i seilbh an Athar Peadar Ó Laoghaire. Bhí aithne curtha aige ar an sagart agus é go mór faoina thionchar cheana féin i gcúrsaí na teanga. Chuir sé eagar ar “Laoi Chnuic an Áir” in 1897 agus foilsíodh Eachtra Lomnachtáin an tSléibhe Riffe (Bergin agus Mac Néill) i 1901. ‘Osborn Ó hAimhirgín’ an leagan dá ainm ba rogha leis sna blianta sin nuair a bhí sé ina Chonraitheoir díograiseach. Bhí sé ar dhuine de cheannairí Chraobh na Laoi a cuireadh “faoi choinnealbhá” (féach Donnachadh Pléimionn).

In 1899 bhí sé i láthair ag an gComhdháil Phan-Cheilteach agus ag Gorsedd na Breataine Bige.

Bhuaigh sé bonn óir ar thrí dhán liriceacha ag an gcéad Oireachtas. Níor cnuasaíodh a dhéantús go dtí 1918 nuair a foilsíodh Maidin i mBéarra. “Crádh Croidhe Éigeas” an t-ainm pinn a bhí aige. An dán a thug a theideal don chnuasach bhí sé ar cheann de na hamhráin nuachumtha ab fhorleithne ar eolas ag an bpobal.

D’fhreastail sé ar sheisiún 1904 de Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus chuir sé eolas ar an seanteanga, ar an teangeolaíocht agus ar an bpalaegrafaíocht agus é anois thar tríocha bliain d’aois. Bhí aistí aige sna huimhreacha tosaigh de Ériu agus meastar gurbh iad sin a chuir tús leis an staidéar eolaíoch ar an Nua-Ghaeilge. Ba é an t-údar ba mhó ar an Nua-Ghaeilge é feasta gur ghéill sé an chraobh do Thomás Ó Rathile.

Thug Scoil Ard-Léinn na Gaeilge scoláireacht dó chun cúpla bliain a chaitheamh ag foghlaim faoi Zimmer i mBeirlín agus in Freiburg faoi Thurneysen. I 1906 bronnadh dochtúireacht air i bhFreiburg agus foilsíodh a thráchtas “Contributions to the history of palatalization in Old Irish” in Ériu Iml. 3 (1907). Nuair a fuair John Strachan bás an bhliain sin ceapadh Bergin ina ollamh ina áit sa Scoil. Ba é ríscoláire Gaeilge a linne féin é feasta. I 1909 ceapadh é ina Ollamh le Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. D’éirigh sé as an bpost sin i 1940 chun bheith ina Stiúrthóir agus ina Ollamh Sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltighd’Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Sula raibh bliain caite aige ann d’éirigh sé as na poist sin mar gheall ar easaontas leis an Rialtas. Fuair sé bás ar 6 Deireadh Fómhair 1950.

Tá cuntais mholtacha ag Gearóid Ó Murchadha in Studies, Nollaig 1950 agus ag D.A. Binchy in Osborn Bergin: the Osborn Bergin memorial lecture, 1970. Tá cuntas ag Seán Ua Súilleabháin air in Scoláirí Gaeilge: Léachtaí Cholm Cille XXVII, 1997, in eagar ag Ruairí Ó hUiginn.

Ní miste a shaothar a roinnt faoi na cinnteidil “Nua-Ghaeilge” agus “Meán-agus Sean-Ghaeilge”. Sa chéad roinn tá Stories from Keating’s History of Ireland (1909); eagrán de “Pairlement Chloinne Tomáis” in Gadelica (1912–3) (a ndeir an t-eagarthóir is deireanaí N. J. A. Williams ina thaobh i 1981: “his text in Gadelica is full of careless slips”!; Irish Grammatical Tracts (1916-); cuid d’fhilíocht na scoileanna in eagar aige in Studies 1918–26, é cnuasaithe ag David Greene agus Fergus Kelly in Irish Bardic Poetry (1970); Trí Bior-ghaoithe an Bháis: The Three Shafts of Death (1931); The Native Irish Grammarian (1938).

Chabhraígh sé lena chairde Shán Ó Cuív, an Dr Risteard Ó Dálaigh agus Tomás Ó Rathile chun an Leitiriú Shimplí a chur ar fáil i 1910 agus chuir sé féin amach eagrán de Leabhairín na leanbh, scéalta le Hans Christian Andersen i nGaeilge ag Norma Borthwick, sa litriú sin.

Maidir leis an dara roinn, chuir sé féin agus R. I. BestLebor na hUidre i gcló i 1929; ar éigean aon uimhir de Ériu sna blianta 1928–49 gan saothar leis ann; Tochmarc Étaíne, maraon le haistriúchán, i 1938; eagrán nua de A Grammar of Old Irish (Thurneysen) aistrithe aige féin agus Binchy ón nGearmáinis i 1946; i 1949 aistriúchán ag an mbeirt chéanna ar Old Irish Reader with a supplement to A Grammar of Old Irish (Thurneysen) agus an bhliain chéanna sin a eagrán deireanach de Old Irish paradigms and selections from the Old Irish glosses (Strachan). Bhí sé ag obair le Best ar eagrán den Leabhar Laighneach nuair a sciob an bás é. Ar feadh tamaill fhada bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí Ériu agus bhí sé ina eagarthóir ginearálta ar fhoclóir an Acadaimh Ríoga.

Mar chabhair dó ina chuid scoláireachta bhí eolas aige ar mhórchuid teangacha agus eolas fairsing aige ar an litríocht. Bhí cumas neamhchoitianta aige ar bhuanchairdeas a shnaidhmeadh le daoine a bhí éagsúil le chéile: An tAthair Peadar, George Russell, Pádraig Ó Laoghaire, W.J. Moloney, R. I. Best, Éamon Cuirtéis, James Stephens, Stiofán Mac Enna, Frank O’Connor, Torna, John Fraser, Shán Ó Cuív ... agus gan amhras lena mháistrí agus a mhic léinn – Thurneysen, Binchy, Knott, Ó Rathile . . . Chuaigh sé i gcion ar léann na Gaeilge go mór tríd an oiread sin dá mhic léinn a fuair poist sna hollscoileanna agus na hinstitiúidí eile léinn.

An rud is mó a rinne sé ar son léann na Gaeilge, b’fhéidir, a thaispeáint go bhfuil eolas ar an teanga labhartha inchurtha mar eochair ag mac léinn na Sean-Ghaeilge leis an teangeolaíocht chomparáideach fiú. Bhí an dá eochair aige féin chun seomraí uile na Sean-Ghaeilge a oscailt.

Théadh sé go dtí ceantair Ghaeltachta na Mumhan gach bliain. Deir Binchy: “Every summer, during our time together in Dunquin, we would read a series of Old and Middle Irish texts . . . and I can imagine no pupil can ever have been so fortunate both in his teacher and environment. To be taught Old Irish by such a master, with the sound of the modern language all around me, was surely a blessing for which I can never be sufficiently grateful”.

Is mar seo ba mhaith le Gearóid Ó Murchadha cuimhneamh air: “the bearded professor who would lie in the shallow water of the Sullane on a day of July sunshine discussing etymologies, or suddenly quote Dante as he climbed the hill to hear John the Bull tell in vivid Irish how he wrestled with the bear in America”.

Agus é ag oscailt Scoil Shamhraidh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath i 1987 d’fhág an tArdeaspag Donal Caird an pictiúr seo againn: “It was nearly impossible to have lived in Dublin in the nineteen forties without having seen the spare figure of Osborn Bergin striding down the Rathmines Road, often towards the Stella Cinema where he took his relaxation watching cowboy films”.

Tráchtar go minic ar a ionracas mar scoláire. Ach níl aon súáilce gan a dúáilce féin. Faightear de locht air nach raibh sé riamh sásta dul i gcontúirt an bhotúin. Eagla an bhotúin a bhac air mórán dá eolas a roinnt ar an saol. Rinne a shampla dochar dá dheisceabal Micheál Ó Briain. Dar le Binchy go raibh seisean inchurtha le Bergin féin mar scoláire ach d’fhiafraigh sé conas a thaispeánfaí gurbh fhíor é sin nuair a thug an Brianach a chuid eolais chun na huaighe leis. Cuid den bhéaloideas anois an tAimhirgíneach bheith i láthair ag adhlacadh an Athar Peadar, é ag stánadh go formhothaithe ar chónra a sheanchara go ndúirt lena raibh timpeall: “Disgraceful! That coffin plate contains seven grammatical errors.”

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »