Bhí beirt fhilí, ar scríobhaithe iad freisin, a raibh an t-ainm agus an sloinne seo orthu, iad comhaimseartha le chéile, agus cónaí orthu beirt i gContae Luimnigh. An Séamas a d’éag in 1836 is i Ráth Chathail i bparóiste Mhóin Achaidh Ghae a bhí cónaí air ach luaitear freisin sráidbhaile na Trá i mbaile fearainn an Ghleanna Mhóir atá teorainneach le Ráth Chathail (b’ionann ceantar Ráth Chathail agus paróiste Mhóin Achaidh Ghae uair). Bhí scoil scairte aige ó 1819 amach agus fuair sé deontas ó Chumann Phlás Chill Dara in 1824-26; nuair a fuair an Cumann sin amach nach raibh na Scrioptúir á léamh sa scoil agus go raibh an teagasc críostaí á mhúineadh stop an deontas. Thuairiscigh na Coimisinéirí Oideachais in 1834 go raibh gramadach na Gaeilge i measc na n-ábhar sa scoil. ‘Setter Quinlivan’ a thugtaí ar an bhfile i mBéarla. Fíodóir i bhFíodhnach in Eas Géitine ba ea an file eile, a dtugtaí Séamus mac Donnchadha Ó Caoindealbháin air agus is i ndiaidh 1847 a d’éag seisean; bhí sé ar dhuine den triúr filí a scríobh marbhnaí ar fhear Ráth Chathail.

Scríobh Pádraig Ó Cearbhaill tráchtas máistir in 1980 (‘Filíocht Shéamais Uí Chaoindealbháin ó Cheantar Ráth Chathail i gContae Luimnigh’) agus d’aimsigh 18 amhrán a chum sé sa tréimhse 1809-35: aislingí, tuirimh, dánta grinn agus dán i mBéarla. Is léir ar litir a sheol Daniel McNamara, Mainistir na Féile, chuig William Smith O’Brien in 1864 gur chum sé amhráin eile i mBéarla agus i nGaeilge nach bhfuil teacht orthu anois. Is é an tuireamh a rinne sé do Sylbhester Ó Súilleabháin (Mac Fínín Duibh) an píosa is iomráití dá dhéantús; bhuaigh sé £10 a thairg deirfiúr Uí Shúilleabháin, a bhí pósta ar Ratty Brown i Ráth Chathail, ar an marbhna ab fhearr tar éis do Mhac Fínín Dubh bás timpisteach a fháil i Ráth Chathail. Foilsíodh é seo in Irisleabhar na Gaedhilge, XV, 1906 agus chuir Seán Pléimeann eagar ar dhánta eile leis san iris chéanna, imleabhar III, 1888 agus imleabhar VIII, 1897. Bhí sé ar dhuine d’fhilí Luimnigh a thug tacaíocht don Athair Uilliam Mac Gearailt sa troid a rinne sé in aghaidh na ‘New Lights’, dream a bhí ag iarraidh Caitlicigh a iompú chun Protastúnachais sa Chaisleán Nua Thiar. Píosa eile dá dhéantús is ea ‘Oidhe an Chait Ghlais’, dán 400 líne; mharaigh gréasaí a pheata cait agus molann an file tréithe an chait agus guíonn sraith de mhallachtaí ilchineálacha ar an ngréasaí.

Bhíodh cúirt éigse de shaghas ar siúl aige ina theach féin agus i dteach na mBrúnach; rian de thraidisiúin Fhilí na Máighe ba ea é. Bhí aithne aige ar Eoghan Ó Comhraí nuair a bhí seisean ag obair i nGealtlann Luimnigh agus bhí teagmhálacha aige le Eoghan Caomhánach, Diarmuid Ó Riain agus Seán Ó Domhnaill. Bádh é nuair a sciobadh dá chapall é agus é ag trasnú abhainn na Féile ar 9 Márta 1836. Bhí an dáta sin i gcóip den tuireamh a chum Micheál Ó Núnáin: ‘Ag seo Marbhna Shéamuis uasail ghlémhéinigh Uí Chaoindealbháin do chónaigh i Ráth Chathail i gContae Luimnigh agus do bádh go cinniúnach mífhortúnach in Abhainn na Féile san gContae réamhráite, an 9ú lá de mhí Márta, aois an Tiarna 1836’ (litriú an lae inniu ag na húdair). Dúirt Séamus, fíodóir, agus Ó Núnáin ina dtuirimh gur i Mainistir na Móna a cuireadh é agus deir Ó Cearbhaill gurb in í reilig Mhóin Achadh Ghae. Tháinig a lámhscríbhinní i seilbh William Smith O’Brien agus tá siad anois in Acadamh Ríoga na hÉireann. (Tá na húdair fíorbhuíoch den Dr Pádraig Ó Cearbhaill a thug tamall dá thráchtas dúinn; má tá aon bhotún sa chuntas seo ní ar Phádraig atá a mhilleán).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú