Is túisce ná Charlotte Brooke agus Joseph Cooper Walker a dhírigh sé aird phobal léitheoireachta an Bhéarla ar fhilíocht na Gaeilge lena Poems translated from the Irish language into the English, 1782. Tá trácht air ag Robert Welch in A history of verse translation from the Irish: 1789-1897, 1988, agus iontráil aige faoi in Oxford companion to Irish literature, 1996, agus trácht air ag Russell K. Alspach in Irish poetry from the English Invasion to 1798, 1959. Ach níor tugadh bheith istigh dó i bhfoclóirí beathaisnéise ná i startha litríocht na Gaeilge. Ba mhinic fiosruithe á ndéanamh in Irish Book Lover ina thaobh de bhrí gur thug Sir Walter Scott ceithre líne as a aistriúchán ar ‘Pléaráca na Ruarcach’, línte nach raibh aistrithe ag Jonathan Swift. Tá tagairt ag Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Meitheamh-Iúil 1916, do leabhar gan teideal i gcatalóg leabharlann Scott ach a bhfuil scríofa uirthi Tales translated from the Irish by Charles Wilson; tugann Ó Casaide cur síos ar a bhfuil ann agus is é a shílfeá gur chóip easnamhach de leabhar 1782 í. Ceann de na fáthanna leis an neamhshuim a dheacracht a bhí sé teacht ar chóip den leabhar ceannródaíoch sin. Luann Welch fáth eile: ‘... it does not appear to have made a great impact on publication’.

Síltear gur i gCoill an Chollaigh, Co. an Chabháin, a rugadh é. Ministir ba ea a athair. Deir Séamus Ó Casaide (Irish Book Lover, Deireadh Fómhair 1912) gur oileadh i gColáiste na Tríonóide é ach ní léir a ainm a bheith i liostaí an Choláiste. Rinne sé staidéar ar dhlí ach níor chleacht an cheird sin. Tuairisceoir parlaiminteach ba ea é. Réamhtheachtaire ag Reliques of Irish Poetry, 1789 le Charlotte Brooke an tsamhail ab fhéidir a thabhairt dá dhuanaire. Bhí baint éigin ag Wilson le clann Brooke; ba é a chuir eagar ar Brookiana, 1804, páipéir Henry Brooke, athair Charlotte.

Sa Leabharlann Náisiúnta freisin tá cóip lochtach dá Select Irish poems translated in English ina bhfuil tuairim 17 dán agus ina measc ‘Pléaráca na Ruarcach’, ‘Gearrán Bhriain Uí Bheirn’ le Séamus Dall Mac Cuarta maille le haistriúchán. Tá ann freisin ‘Laoi Thailc mac Treoin’ agus ‘An Teagasc Ríoga’ (‘Luigh agus éirigh ar do lámh dheis’) agus ‘Ode to Hugh O’Neill from the Irish of Thady Ruddy [Tadhg Ó Rodaigh]’.

Luaigh J. C. Walker é ina Historical memoirs of the Irish bards, 1786: ‘a neglected genius, now struggling with adversity in London.’ Thagair Nioclás Ó Cearnaigh dó sa réamhrá a chuir sé le Transactions of the Ossianic Society, Iml. 1: ‘Though Ossianic lore has been almost neglected by most writers, nevertheless it is but fair to record a few honourable and praiseworthy exceptions. The first is C. Wilson, who published a small quarto volume of Ossianic poetry in 1780.’ Dúirt Hardiman faoi ina Irish minstrelsy: ‘... a youth of promising genius who afterwards repaired to the great theatre of Irish talent and Irish disappointment, London; where in essaying “To climb the steep where Fame’s proud temple shines afar” he sunk, like most of his countrymen, unnoticed and unknown.’ Tá aiste ag Micheál Mac Craith dar teideal ‘Charles Wilson (c. 1756-1808): Réamhtheachtaí Charlotte Brooke’ i gcló in Eighteenth-Century Ireland: Iris an dá chultúr, 2002.

Scríobh sé: Compleat Collection of the Resolutions of the Volunteers, 1782; The wandering islander or the history of Mr Charles North, 1798; Myrtle and the vine, 1802, bailiúchán bailéad; The Polyanthea, 1804; Irish valet, 1811, dráma grinn. Chuir sé eagar ar The beauties of Edmund Burke, 1798. D’aistrigh sé an dráma Poverty and wealth, 1799 ón Danmhairgis. Seo é an meas a bhí ag Thomas MacNeven, údar The Volunteers of 1782, ar leabhar Wilson ar na hÓglaigh: ‘It is one of the worst compilations that was ever published, and absolutely contains little or nothing on its nominal subject.’

D’éag sé ar 12 Bealtaine 1808 in aois caoga dó, dar le D.J. O’Donoghue (Irish Book Lover, Deireadh Fómhair 1912) agus Ó Casaide (Bibliographic Society of Ireland, Iml. 111, uimhir 6).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú