Bhí sé ar dhuine de na heolaithe b’aitheanta in Éirinn sa 19ú haois; é féin agus Sir Robert Kane (1809-90) is mó a chuir spéis inár n-acmhainní tionsclaíocha. Scoláire ioldánach ba ea é agus spéis ar leith aige i stair na hÉireann agus i léann na Gaeilge. Seo í an inscríbhinn ar a leacht i Reilig Naomh Fionnbharra, Corcaigh: ‘In learning profound, in science a master, he devoted to the intellectual and industrial progress of Ireland the fruits of his deep study of her history, language and character, and a knowledge unparalleled of her resources.’ Tá caibidil ina thaobh ag Séamus Mac Cnáimhín in Éireannaigh san eolaíocht, 1966. A chara George Sigerson a scríobh an cuntas in Irish Monthly, Aibreán 1892 (‘Sketches in Irish biography No.22’); scríobh an Dr T.S. Wheeler an t-alt ‘The Life and Work of William K. Sullivan in Studies, Márta 1945; agus is é is mó atá faoi thrácht ag James Coleman in ‘Some Notable Cork Scientists’ (Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Vol. x, 1904). Tugann an tOllamh John A. Murphy tuairisc ar a uachtaránacht san ollscoil i gCorcaigh in The College: a history of Queen’s / University College Cork, 1845-1995, 1995.

Bhí muileann páipéir ag a athair, James Bartholomew Sullivan, sa Druipseach, Co. Chorcaí. I ndiaidh a bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí i gCorcaigh cuireadh go hOllscoil Giessen sa Ghearmáin é mar a raibh an Barún Justus Liebig, ceimicí cáiliúil, mar mhúinteoir aige. Bhí dochtúireacht aige ag filleadh ar Éirinn dó tuairim 1845 agus ceapadh é ina a chúntóir faoi Kane a bhí anois ina ollamh le ceimic i Músaem an Tionscail. Bhí sé sna hÉireannaigh Óga agus ina scairshealbhóir san Irish Tribune, an páipéar a lean United Irishman an Mhistéalaigh, ach bhac fiabhras daitheacha air páirt a ghlacadh san éirí amach in 1848; lean an tinneas sin go ceann bliana agus d’fhág rian air go deireadh a shaoil.

Nuair a ceapadh Kane ina uachtarán ar an gColáiste Ollscoile i gCorcaigh fuair sé post Kane sa Mhúsaem agus bhí ina ollamh le Ceimic Theoiriciúil ann nuair a rinneadh an Coláiste Ríoga Eolaíochta de in 1867. Bhí baint mhór ag an mbeirt acu leis an Taispeántas Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath in 1853. Nuair a bunaíodh an Ollscoil Chaitliceach in 1854 cheap John Henry Newman é ina ollamh le ceimic ann agus bhí sé ar ball i gceannas ar Dhámh na hEolaíochta, in ainneoin gur dhuine de na ‘quasi-rebels’ é, mar a thug Newman air, agus gur chuir an ceapachán olc ar an gCairdinéal Cullen. Nuair a d’éirigh Kane as uachtaránacht Choláiste Ollscoile Chorcaí in 1873 mhol sé gurbh é an Súilleabhánach a cheapfaí sa phost, rud a rinneadh. Arís chuir sé olc ar Ardeaspag Chaisil go dtréigfeadh sé ollscoil Chaitliceach chun post a fháil in ollscoil neamhsheicteach. Bhí sé sa phost sin gur cailleadh é 12 Bealtaine 1890. Bhí sé pósta ar Frances Hennessy, deirfiúr le Henry Hennessy (1826-1901), an t-ollamh le Fisic san Ollscoil Chaitliceach, agus le Sir John Pope Hennessy (1834-91), agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu. Garmhac leis ba ea an tOllamh Tomás Diolún.

B’fhéidir scríobh air faoi cheithre cheannteideal: an t-eolaí agus a spéis i gcúrsaí tionscail; an staraí; an t-oideachasóir; a spéis i léann na Gaeilge. Faoin eolaíocht ní miste a lua gur ceapadh ina cheimicí é don Royal Agricultural Improvement Society, go raibh sé ina eagarthóir ar Journal of Progress, míosachán a bhunaigh sé in 1854, go raibh sé ina rúnaí tamall ag Acadamh Ríoga na hÉireann, agus gur scríobh sé aistí ceannródaíocha ar an móin agus ar an mbiatas mar acmhainní tábhachtacha tionscail. Maidir le stair, i bpáirtíocht le Sigerson scríobh sé an cuntas ar an tréimhse 1691-1782 in Two Centuries of Irish History, 1888 in eagar ag James Bryce. Scríobh sé go leor aistí faoin ollscolaíocht agus faoin oideachas i gcoitinne.

Níl a fhios conas a chuir sé eolas maith ar an nGaeilge agus ar theangacha eile seachas an Ghearmáinis. Deir Wheeler go mba chainteoir dúchais Gaeilge é ach ní ghlacann John A. Murphy leis sin. Bhí sé ar dhuine de leasuachtaráin an Chumainn Oisínigh in 1855. An t-éacht is mó a rinne sé an réamhrá fada úd, maille le haguisíní, atá ag líonadh imleabhair amháin de thrí himleabhar On the Manners and Customs of the Ancient Irish, 1873 le Eoghan Ó Comhraí. É féin agus John E. Pigot a mhisnigh an Comhraíoch chun leanúint air ag léachtóireacht ar na hábhair sin agus nuair a d’éag sé in 1862 ghlac siad an cúram orthu féin eagar a chur ar a raibh gan foilsiú. D’imigh Pigot go dtí an India. Toisc gan údarás a bheith tugtha ag Ó Comhraí le haon rud ina léachtaí b’éigean don Súilleabhánach a bhunfhoinsí agus a nótaí uile a léamh. Bheartaigh sé a raibh foghlamtha aige a fhoilsiú sa réamhrá. Is ann atá ‘The Fight of Ferdiad and Cuchulaind’, idir théacs agus aistriúchán, aige, agus ‘The Ancient Fair of Carman’. Seo é an cur síos a rinne James Coleman ar an saothar: ‘He had to search for O’Curry’s references, explain his allusions, and supplement his remarks; till at last it suggested itself that he should embody the fuller knowledge derived through his own investigations in an “Introduction”, which grew and grew until it made a book by itself—the most remarkable treatise we possess on the political and social institutions of Ancient Ireland, studied from the point of view of comparison with the political and social systems of those countries of Northern Europe which did not come under the direct influence of Roman Law.’ D’aistrigh sé ó Ghearmáinis Hermann EbelCeltic Studies: ... with an introduction on roots, stems, and derivitatives, and on case-endings of nouns in the Indo-European languages, 1863. Deir Sigerson gur scríobh sé an t-alt faoin gCeiltis in Encyclopaedia Britannica. In 1858-59 scríobh sé in Atlantis an t-alt ‘On the influence which the Physical Geography, the Animal and Vegetable Productions, etc of different regions exert upon the Languages, Mythology, and early Literature of Mankind, with reference to its employment as a test of Ethnological Hypotheses’, alt a bhfuil cuntas ann ar theangacha na hEorpa agus na hÁise. Bhí sé i gceist go gcuirfeadh sé féin agus Brian Ó Luanaigh eagar ar Táin Bó Cuailgne d’Acadamh Ríoga na hÉireann; is i ngeall ar easaontas éigin idir Ó Luanaigh agus an tAcadamh nach ndearna siad é. Tá an nóta seo ag Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1929: ‘ . . . an octavo volume in my collection ... is titled on the back Táin Bó Cualainge—Sullivan .... No title leaf, ends abruptly p90-1 [An leagan Gaeilge agus an leagan Béarla os comhair a chéile]. I am inclined to think that my volume represents all that appeared of the edition by William Kirby Sullivan and Brian O’Looney, announced for early in 1874 in Sullivan’s edition of O’Curry’s Manners and Customs ...’.

Cibé rud a rinne sé ar son na Gaeilge, ní mór é a áireamh i measc lucht tionchair agus údaráis i gcoláistí 3ú leibhéal a rinne faillí sa Ghaeilge idir 1826 (agus le fada roimhe sin i gColáiste na Tríonóide) agus 1910. I gCorcaigh ní raibh aon ollamh le Gaeilge ná múinteoirí Gaeilge sa choláiste ó d’fhág Owen Connellan a phost in 1862 go dtí gur tugadh obair d’Osborn Bergin in 1897.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú