Is é a thug Theobald Wolfe Tone air: ‘The best man I have ever known’. Tá Stokes ar na sloinnte is cáiliúla i stair an leighis in Éirinn. Tá cuntas ag J.B. Lyons in Brief lives of Irish doctors 1600-1965, 1978 ar chúig ghlúin díobh, agus in Dictionary of National Biography, san iontráil i dtaobh a mhic William (1804-78), tugann Norman Moore cuntas ar an bplanda seo den phór uasal. I bPort Láirge a rugadh é. Ba é Gabriel Stokes, eaglaiseach, a athair agus ba í Susan Boswell a mháthair. Chuaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide i 1778 agus toghadh ina chomhalta den choláiste é in aois a 25 bliain. Cháiligh sé mar dhochtúir i 1793 tar éis dó tamall a chaitheamh i nDún Éideann. I 1791 chuaigh sé isteach sna hÉireannaigh Aontaithe agus dúirt Tone faoi gurbh é an té ab oiriúnaí chun dul i gceannas ar chóras náisiúnta oideachais dá mbeadh Éire neamhspleách. Cé gur shéan sé go raibh baint leis na hÉireannaigh Aontaithe aige i ndiaidh 1792, d’fhéach an Tiarna Clare chuige, agus é ar a chuairt cigireachta ar an gcoláiste i 1798, go gcuirfí ar fionraí é mar theagascóir go ceann trí bliana. Ceapadh ina chomhalta sinsearach den choláiste é in 1805 agus ina léachtóir ar stair aiceanta in 1816. Faoi 1830 bhí sé ina ollamh regius le leigheas.

Theastaigh uaidh an Bíobla i nGaeilge a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann agus d’iarr sé ar Patrick Lynch ó Loch an Oileáin na soiscéalta a aistriú agus iad a chur ar fáil i gcló a bheadh soléite ag daoine a bhí i dtaithí litriú an Bhéarla. Foilsíodh An Soisgeal do réir Lucais, Agus Gniovarha na Neasbol. The Gospel according to St Luke and the Acts of the Apostles i 1799 leis an nGaeilge i litriú foghraíochta agus an téacs Béarla os a comhair amach. In 1806 d’fhoilsigh sé paimfléad dar teideal Observations on the necessity of publishing the scriptures in the Irish language. D’fhoilsigh sé suirbhé in 1806 ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa chuid is mó de chontaethe na hÉireann. Ba é a d’íoc na costais a bhain leis An English-Irish dictionary intended for the use of schools; containing upwards of eight thousand words, with their corresponding explanation in Irish, 1814 a d’ullmhaigh Thaddeus Connellan, cé nach luaitear ceachtar den dá ainm ann (nóta ag Séamas Ó Casaide in Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1933).

D’éag sé ar 13 Aibreán 1845 ina theach i Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Mary Anne Picknell agus bhí deichniúr leanaí acu. Mac leis ba ea William Stokes (1804-78), fear a raibh dúil mhór aige i gceol na hÉireann agus a scríobh Life and Labours in Art and Archaeology of George Petrie, 1868 agus arbh é athair an scoláire Whitley Stokes é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú