I gCrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo, a rugadh an ginealeolaí seo i mí na Nollag 1824. In Irish pedigrees or the origin and stem of the Irish nation, 1878 [2nd series], tá sin le léamh sa chuntas a thugann sé ar a mhuintir. Ba é a shin-seanathair Shane an duine deireanach de mhuintir Uí Airt a aithníodh mar thaoiseach na treibhe. Bhí an teideal ‘Hereditary Prince of Tara’ ag a mhuintir fadó, dar leis. Faoi 1878 ba é féin an t-aon mhac a mhair de sheisear mac agus ceathrar iníonacha a saolaíodh dá athair ShaneJohn ó Crois Mhaoilíona agus do Nora Kilroy. Tógadh le Gaeilge é. Deir sé: ‘The estrangement on the part of the Irish towards the English was equally intense; for I well remember having, in my boyhood, asked my mother why, as she understood the English language, she would not speak it. Her reply to me, interpreted, was: “ My child, I hate the English for the cruelties they inflicted on our people, since first they came to Ireland; my heart can therefore never warm to the language of the Sassenachs”.’ Bhí beartaithe go rachadh sé le sagartacht agus d’fhreastail sé ar scoil chlasaiceach. Cailleadh deartháir leis a bhí ina shagart agus, ós air a chúnamhsan a bheadh a mhuintir ag brath, bhí air glacadh le post sa Chonstáblacht Ríoga. Go Baile an Róba a cuireadh é ach síleadh ansiúd go raibh sé leochaileach agus gurbh fhearr a d’oirfeadh obair oifige dó. Chaith sé tamall in Uachtar Ard. Fuair sé post múinteora náisiúnta in 1845 agus ceapadh é ina mháistir sa Rinn i mBaile Átha Cliath in 1856. Is ón am sin amach a chaith sé a dhúthracht le taighde ar ghinealaigh. Bhain sé aitheantas éigin amach mar scoláire. Foilsíodh an chéad eagrán de Irish Pedigrees in 1876. ‘... a work which bore testimony to the marvellous amount of research bestowed on it and the patience and skill with which the author had arranged his material,’ a dúradh in An Gaodhal, Meán Fómhair 1902. Ba mhinic é ag síneadh líne ghinealaigh siar go hÍr nó go hÉireamhóin. Scríobh sé The last princes of Tara, cuntas ar a mhuintir féin agus Irish landed gentry when Cromwell came, 1884, ar forlíonadh le Irish pedigrees é. Phós sé Elizabeth Burnett as Inis Crabhann in 1845 agus bhí seachtar iníonacha agus triúr mac acu. In 1883 bhí sé ar dhuine de shíntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge. I nDaonáireamh 1901 taispeántar go raibh sé 78 bliain d’aois. Bhí conaí air ag 1, Woodside, Vernon Avenue, Cluain Tarbh. Dúirt sé go raibh Gaeilge aige féin agus ag a bhean. Ní raibh ag an triúr iníonacha sa teach ach Béarla. D’éag sé ar 7 Lúnasa 1902 agus cuireadh nóta Gaeilge ina thaobh in An Claidheamh Soluis 16 Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú