In Castelnuova san Iodáil a rugadh an scoláire seo. Ghlac sé páirt i gcogadh in aghaidh na hOstaire in 1848 agus gortaíodh é ag cath Rivoli. Ag deireadh an chogaidh fuair sé post i roinn gnóthaí eachtrachta Piedmont. Bhain sé clú amach mar thaidhleoir. Bhí sé ina rúnaí ag an gCunta di Cavour, Príomh-Aire Piedmont, an fear ba mhó faoi deara aontú na hIodáile, agus chuir sé eagar ar a litreachasan. Chaith sé 16 bliain i bPáras mar mhinistir taidhleoireachta le lánchumhacht: deirtear go raibh an-tionchar aige ar an Rí Napoleon III. Cuireadh go St Petersburg é mar ambasadóir agus in 1882 go Londain. Chaith sé tamall i Vín freisin. Bhronn Rí na hIodáile teideal cunta air. D’éag sé ag Rapallo 1 Iúil 1907.

Dúradh in Times 2 Iúil 1907: ‘Count Nigra was more than a diplomatist. He was at once homme des lettres, poet and savant, never more pleased than when he could exchange a political for a literary theme, recite his own verses or those of poets like Prati, or discourse on Gaelic language and literature on which he was an authority.’ Foilsíodh Glossae Hibernicae veteres codicis Taurinensis, 1869; Glosses Irlandaises du manuscrit de Milan, 1870 agus a Reliquie Celtiche I. Il Manoscritto Irlandese di S. Gallo, 1872. Bhí a ‘Glosses Irlandaises du manuscrit de Berne’ i gcló in Revue Celtique, 1875. Tá a shaothar liostaithe ag R.I. Best.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú