I mBaile na hAbhann, Eachroim, Co. na Gaillimhe, ar 21 Márta 1763 a rugadh an ball seo de na hÉireannaigh Aontaithe. Ba é an mac ba shine é ag James MacNeven agus a bhean Rosa Dolphin. Tá cuntas air ag Deasmumhan Ó Raghallaigh in Studies, Meitheamh 1941, in Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1930, ag Séamus Mac Cnáimhín in Éireannaigh san eolaíocht, 1966, arb é an cuntas is cuimsithí ar fad é, b’fhéidir, agus gan amhras tá caibidil iomlán ina thaobh ag R.R. Madden in The United Irishmen, their lives and times, 1843-46; thug a iníon, Jane Maryanne, eolas don Mhaidíneach.

Mar ‘innocent papists’ agus i gcúiteamh an ghabháltais mhóir in Ulaidh a chaill siad in aimsir Chromail is ea a fuair a shinsir eastát i nGaillimh, dar le R.R. Madden, ach déanann Mac Cnáimhín spior spear de sin. D’éag a mháthair nuair a bhí sé fíoróg agus ba í deirfiúr a athar a thóg é féin agus triúr eile dá dheartháireacha. Bhí sé i scoil scairte ar dtús in Urrach Réidh agus i scoileanna i mBéal Átha na Sluaighe. Nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois cuireadh é go dtí a uncail i bPrág, an Barún William O’Kelly MacNeven (1713-1787), a bhí tráth ina lia ag an mBanimpire Maria Theresa agus ag an Impire ina diaidh. Chaith sé deich mbliana ansiúd agus fuair oiliúint i scoil chlasaiceach agus i scoil leighis. Deir Madden gur chaith sé tamall i gcoláiste míleata. Cháiligh sé mar dhochtúir in Ollscoil Vín i 1783. D’éirigh go maith leis in a chleachtas i mBaile Átha Cliath. Bhí an Ghaeilge óna óige aige agus bhí Gearmáinis, Fraincis, agus, is cosúil, Spáinnis agus Iodáilis aige. Toghadh ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann é ach cuireadh an bhallraíocht ar ceal tar éis 1798.

Bhí sé ar dhuine de bhaill ghníomhacha sin Choiste na gCaitliceach nár chuir a muinín sa tláithíneacht ná fiú sa mheasarthacht mar straitéis. Bhí sé ina ionadaí sa ‘Back Lane Parliament’ thar ceann na Mí. Ba é a chéadmhol go mbeadh an vóta ag na ‘forty-shilling freeholders’. An Tiarna Eadbhard Mac Gearailt agus Arthur O’Connor (1763-1852) a thug isteach sna hÉireannaigh Aontaithe é agus ba bhall den bhord stiúrtha é. I 1797 bhí beartaithe go lorgódh sé cabhair ar an bhFrainc. Níor éirigh leis dul go Páras de dheasca deacrachtaí a bhain lena phas ach chuir sé cáipéis chuimsitheach ar chúrsaí na hÉireann ann ó Hamburg. Tugadh cóip do rialtas na Breataine agus nuair a d’fhill sé ar Éirinn bhíothas ag faire air. Scríobhadh tuairisc air um Nollaig 1797: ‘MacNeven went for England a few days since in a wherry from Clontarf and was nearly lost; I suppose he went to Yarmouth. Will you not send after him? He is a neat little man of 5 feet 4 inches.’ Gabhadh é ar 12 Márta 1798 agus cuireadh é féin agus ceannairí eile i bpríosún Chill Mhaighneann. Ar mholadh Francis Dobbs (1750-1811) socraíodh go dtabharfhadh sé féin, Thomas Addis Emmet (1764-1827) agus Arthur O’Connor cuntas ar an ngluaiseacht don rialtas. In 1802 d’fhoilsigh sé é mar Memoire or detailed statement of the origin and progress of the Irish Union, delivered to the Irish Government by Messrs. Emmet, O’Connor and MacNeven. Ar chuid de sin a bhunaigh sé Pieces of Irish History, 1807. Bhí sé le díbirt go dtí na Stáit Aontaithe ach is go Fort George in Albain a cuireadh é féin agus na ceannairí eile i Márta 1799. Le linn dó a bheith ann d’aistrigh sé scéalta Fiannaíochta go Béarla agus bhí ag bailiú eolais ó shaighdiúirí Albanacha ar sheanchas agus ar bhéaloideas. Deir Desmond Ryan in The Sword of Light gur bhreac sé síos gach píosa eolais mar ‘confirmation of the first colonisation of Scotland by the Irish, in spite of all James Macpherson’s loud and angry denials and insults’. Ba é a dúirt a iníon leis an Maidíneach: ‘He understood Irish, his native tongue, perfectly well and conversed in it fluently. I have heard him say it was the first he ever spoke.’ In Fort George freisin mhúin sé Fraincis do chlann Thomas Addis Emmet; bhí i ndán dá leasiníon mac le Emmet a phósadh. Saoradh é in 1802. Chuaigh sé ar thuras coisíochta san Eilbhéis gur fhoilsigh A ramble through Switzerland in the Summer and Autumn of 1802.

Chaith sé tamall ina chaptaen in arm na Fraince le súil go rachadh siad i gcabhair ar Éirinn; deirtear gur iarr sé agallamh a dhéanamh le Napoleon. D’fhág sé an t-arm in 1805 le dul go dtí na Stáit Aontaithe. Deir an Maidíneach go raibh sé mar fhear taca i gcomhrac aonair inar maraíodh comhraiceoir agus go raibh baint aigesean lena imeacht ón bhFrainc. In 1808 ceapadh ina ollamh é i gColáiste na Lianna agus na Máinlianna i Nua-Eabhrac. Maítear gurbh é a bhunaigh an chéad saotharlann cheimiceach sa chathair. Bhí poist éagsúla aige ann go dtí 1826 nuair a d’éirigh easaontas idir dochtúirí agus an New York Board of Regents. Chaith sé tamall ag múineadh i Rutger’s Medical College ach tar éis ceithre bliana druideadh an coláiste. Chaith sé an cuid eile dá shaol mar ghnáthdhochtúir. Bhí cáil air mar eolaí agus tugadh ‘Father of American Chemistry’ air. Ba é an leabhar eolaíochta ba thábhachtaí dár scríobh sé Exposition of the atomic theory of chemistry and the doctrine of definite porportions, 1819. In 1821 d’ullmhaigh sé eagrán nua de Manual of chemistry le William Thomas Brande. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an New York Athenaeum. San aiste fhada in Studies tugann Ó Raghallaigh aird ar leith ar a shaothar eolaíochta.

In 1810 phós sé Jane Margaret Tom, baintreach arbh iníon le teachta comhdhála í, agus bhí sliocht orthu. D’fhan sé cairdiúil le baintreach Wolfe Tone, Matilda, agus lena mhac, agus le Thomas Addis Emmet. Bhí baint aige le cúrsaí na nÉireannach i Meiriceá agus bhunaigh malartán feidhmeannais d’inimircigh Éireannacha. Bhí sé ina uachtarán ar Friends of Ireland Society agus d’eagraíodh sé bailiúcháin ar son fhuascailt na gCaitliceach. Bhain timpiste dó in 1840 agus theip ar a shláinte. D’éag sé i dteach a leasiníne ar 12 Iúil 1841 agus cuireadh é i Reilig Naomh Pól in Broadway íochtarach. I dtuairisc bháis in New York Medical Gazette 11 Lúnasa 1841 dúradh: ‘As a lecturer he was simple, clear and animated; as a practitioner judicious and efficient; as a patriot, ardent, active, bold, disinterested; with him the love of country was a passion as well as a principle, and when that country shall cease to cherish his memory she will be unworthy of him’. Deir D.J. O’Donoghue in Poets of Ireland, 1892 gur foilsíodh cuid dá dhánta i Meiriceá in A selection for the ancient music of Ireland, : arranged for the flute or violin, some of the most admired melodies, adapted to American poetry, 1824, le John McCreevy.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú