‘Aisteoir cliste grinn an Chomhair Drámaíochta’ a thug Muiris Ó Droighneáin air. I 1924 bhí an baol ann gur dó a bheadh drámaí á scríobh agus gur dhrámaí éadroma tuaithe iad go léir dá réir sin. Léiriú é ar an gcáil a bhí bainte amach aige.

Rugadh Tadhg Ó Scanaill ar 9 Bealtaine 1883. Saidléir ba ea a athair Peadar agus b’í Máire Ní Chéilleachair a mháthair. B’as Baile Bhuirne dóibh beirt. Naonúr clainne a rugadh dóibh. Bhí Tadhg sa scoil náisiúnta i mBaile Bhuirne i dtosach agus ansin igColáiste na Toirbhearta i gCorcaigh. Sé bliana déag a bhí aige nuair a fuair sé post foghlaimeora in Oifig an Phoist. I ndiaidh tamaill i Londain fuair sé post sortálaí ar na traenacha a ritheadh idir Londain agus Bristol. Thaitin na blianta sin den tointeáil idir an dá chathair leis.

Fuair sé post in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath i 1910. Bhí sé ina bhall den Chonradh i Londain agus anois chuaigh sé i mbun ranga i gCraobh an Chéitinnigh. Bhunaigh sé gasra drámaíochta ann freisin. Na Mullacháin an t-ainm a bhí orthu. Piaras Béaslaí, Colm Ó Murchadha agus Tadhg ba mhó faoi deara An Fáinne a bhunú in earrach 1916. Colm a mhol ‘An Fáinne Gaelach’ a thabhairt ar an gcumann nua. Chuir sin i gceann Taidhg fáinne a bheith mar chomhartha acu agus aige féin a bhí an chéad fháinne riamh (‘Bunú an Fháinne’ in Iris an Fháinne, Lúnasa 1922).

Bhí Tadhg sna hÓglaigh ach nuair a fuair sé ordú cealaitheach Mhic Néill um Cháisc 1916 d’imigh sé féin agus Colm Ó Murchadha ar a laethanta saoire ag rothaíocht go dtí Tiobraid Árann. Nuair a fuair Tadhg scéala an Éirí Amach chuaigh sé go Baile Bhuirne. Bhí sé socair gurbh ann a roinnfí amach cuid de na gunnaí ón Aud. Ba chuimhin leis gur chuir muintir na háite an milleán ar an dream i mBaile Átha Cliath nuair nár tháinig na gunnaí.

Ag Oireachtas 1923 d’éirigh thar cionn leis na drámaí a léiríodh sa Ghaiety. Bhí Tadhg ar dhuine de na haisteoirí agus mhol sé go mbunófaí an Comhar Drámaíochta. D’fhéach Earnán de Blaghd chuige go bhfuair siad deontas ón Rialtas.

Ar 12 Samhain 1923, in Amharclann na Mainistreach, a bhí an chéad léiriú acu. Dúchas le Máire Ní Chinnéide an dráma.

Bhí Tadhg ag obair mar aistritheoir in Oifig na Dála nuair a ceapadh é ina Rúnaí ar Choimisiún na Gaeltachta. B’oiriúnach an ceapachán é mar i 1925/6 bhí sé i gceannas na ranna den Choiste Gnó ar a raibh cúram na Gaeltachta. Tar éis do Thuarascáil an Choimisiúin teacht amach fuair sé post sa roinn stáit a bhí ag déileáil leis an nGaeltacht. Bhíodh air camchuairt na Gaeltachta a thabhairt gach bliain féachaint an rabhthas sásta le hobair na roinne. D’ainneoin a thaithí ar an nGaeltacht bhí sé i bhfabhar caighdeán labhartha a bheith ag Gaeilgeoirí. Chloígh sé riamh leis an gcló rómhánach freisin.

I 1953 foilsíodh a Thall is abhus, úrscéal a scríobh sé i bhfoirm litreacha. Phós sé Siobhán Ní Chathasaigh ó Bhaile Bhuirne ar 26 Samhain 1917. Bhí seachtar clainne acu. Gortaíodh go dona é i dtimpiste bhóthair agus cailleadh é dá deasca ar 18 Eanáir 1967. Is minic a thugtaí Tadhg Beag air chun go n-aithneofaí é thar Tadhg Ó Scanaill (1870–1939) col seisir dó a bhí ina mhúinteoir i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú