Deartháir é le William Elliot Hudson. Fiaclóir cáiliúil a athair agus lean Henry é sa ghairm sin. Bhí cleachtas aige ag 24 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Thosaigh sé ag bailiú ceolta tíre in aois 14 bliana dó. D’fhreastalaíodh sé ar an scoil Ghaeilge a bhunaigh Edward Farmer ó Chontae an Chabháin ag 1 Sráid Risteamain, Portobello, in 1810. Tá tagairtí ag Séamus Ó Casaide di ina aiste ‘The Farmer and O’Reilly Collection of Irish Music’ in The Irish Book Lover, Meán Fómhair 1941. Cailleadh an bailiúchán sin ach bhí na céadta de na foinn cóipeáilte ag Hudson. Ó 1841 go 1843 bhí sé ina eagarthóir ceoil ar The Citizen, iris a bhí ag a dheartháir, William Elliot, agus ar The Dublin Monthly Magazine. Chuir sé 106 fonn i gcló iontu. Bhailigh sé cuid mhór fonn i gConnachta idir 1840 agus 1842, 138 díobh ón bpíobaire Pádraig Mac Conaola sa Chlochán. D’éirigh sé as an bhfiaclóireacht roimh 1860 agus chuaigh chun cónaithe i nGleann an Phréacháin, Co. Chorcaí. Is ann a d’éag sé 6 Eanáir 1889. Dúradh sna tuairiscí gur bhaintreach fir é a raibh 93 bliain d’aois aige. Deir Donal O’Sullivan in Irish folk music and song, 1952: ‘His manuscripts contain a total of eight hundred and seventy tunes, of which seven hundred and fifty-seven are genuine Irish folk melodies and the remaining one hundred and thirteen were composed by himself after traditional models.’ Sa Leabharlann Phoiblí i mBoston atá siad. Deir Breandán Breathnach (Ceol agus rince na hÉireann, 1989) gur chuir sé dallamullóg ar Bunting, ar Petrie agus ar Patrick Weston Joyce leis na foinn a chum sé féin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú