I mBaile Átha Cliath a rugadh é, ag 32 Cé Árann, mar a raibh a athair William, arbh as Carraig na Siúire dó, ina dhochtúir agus ina phoitigéir. Ba dheartháir dó Charles (1789-1866) a scríobh Scandinavian Kingdom of Ireland, 1881 agus a chuir le chéile an cnuasach mór paimfléad atá anois ar cheann de sheoda Acadamh Ríoga na hÉireann. Dochtúir i bPáras, a raibh de cháil air go raibh sé báúil leis na hÉireannaigh Aontaithe, ba ea an deartháir eile aige, Dan. John Toler, an Tiarna Norbury (1745-1831), breitheamh an mhíchlú, a bhí mar charas Críost ag William, toisc é a bheith ina chara ag an athair, agus nuair a cháiligh sé mar aturnae ba é a d’fhéach chuige go mbeadh post ‘Deputy Filacer’ ag William sna Ceithre Chúirt.

Le heagla go gcloisfeadh a athair faoi is ea thug sé ‘Uilliam Ó hEaghra’ agus ‘William O’Hara’ air féin nuair a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge in aois 17 bliana dó. Triúr Muimhneach a bhí ina gcónaí sa chathair na múinteoirí a bhí aige: Mac Faelchú (tuairimíonn Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1933 gurbh é seo James Wolfe), Ó Conaill agus Ó Cathasaigh. In 1807 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Gaelic Society. Scríobh sé Uraicecht na Gaedhilge. A Grammar of the Gaelic Language, 1808 agus chuir E.O’C., Charleville, August 8, 1808’ leis an réamhrá. Ceann dá ainmneacha pinn ba ea ‘Edmund O’Connell’, dar leis an gCaisideach, agus b’fhéidir gurbh as an Ráth don Chonallach a bhí ar dhuine dá mhúinteoirí. D’fhoilsigh sé cuid de Foras Feasa ar Éirinn an Chéitinnigh in 1811 maille le haistriúchán, ach arís gan a ainm a chur leis an saothar. Bhí George Petrie ag múineadh líníochta do William agus bhí seisean ag múineadh Gaeilge do Phetrie, más fíor. ‘To this fact the devotion of Petrie to Irish archaeology is attributable’, a deir Fred W. Saunders in Irish Book Lover, Bealtaine 1939. Bhí sé ag bailiú ábhair le haghaidh foclóir Gaeilge.

Fuair sé bás go hóg agus d’iarr a mhuintir nó a dheartháir, b’fhéidir, ar John Lanigan a fheartlaoi (i gcló ag Desmond Ryan in The Sword of Light: from the Four Masters to Douglas Hyde, 1939) a scríobh. ‘Beneath this stone are deposited the remains of William Haliday, Junior, cut off by a lingering disease in the early bloom of life. He anticipated the progress of years in the maturity of understanding, the acquisition of knowledge, and the successful cultivation of a mind gifted by Providence with the endowments of the highest order. At a period of life when the severer studies have barely commenced, he had acquired an accurate knowledge of most of the European languages, of Latin, Greek, Hebrew, and Arabic; but of his own, the Hiberno-Celtic, so little (oh! shame to the youth of his once lettered Ireland) an object of attainment or study, he had fathomed all the depths, explored the beauties, and unravelled the intricacies. He possessed whatever was calculated to exalt, to ennoble, to endear—great talents, extensive information, social virtues, sincere religion; a good son, an affectionate husband, a steadfast friend. Carried off in the 24th year of his age, his worth will be long remembered, and his death lamented. Obiit, 26th October, A.D. 1812. Requiescat in pace.’ Tá sé curtha i nDún Droma, Co. Bhaile Átha Cliath, agus ann freisin a cuireadh na deartháireacha. I bhFeabhra 1812 phós sé bean dar sloinne Alder.

Ní dheachaigh ábhar an fhoclóra úd amú. Bhain Éadbhard Ó Raghallaigh feidhm as ina fhoclóirsean (1817). Tá cuntas ar a shaol ag Norman Moore in Dictionary of National Biography. Ní foláir nó fuair seisean, Ó Casaide agus Saunders cuid dá n-eolas sa réamhrá a chuir John P. Prendergast le The Scandinavian Kingdom of Dublin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú