I gCill Chainnigh 11 Deireadh Fómhair 1815, féile Naomh Cainneach, a rugadh an seandálaí agus an staraí seo; cháineadh sé a athair mar mhagadh nuair nár Chainneach a baisteadh air. Tá cuntais air in Dictionary of National Biography agus in Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 1886, agus arís san iris sin in 1887, ag Arthur Wynne Foot. Ba é an tUrramach Richard Graves, a raibh scoil chlasaiceach sa chathair aige tráth, a athair. Oirníodh é in 1840 agus bhí sé ina churáideach i Scadharc i gContae Laoise agus i bparóiste Naomh Pádraig i gcathair Chill Chainnigh sular ceapadh ina reachtaire ar Inis Snag é in 1863.

Is ina theach in 1849 a bhí an chéad chruinniú den Kilkenny Archaeological Society agus chaith sé a dhúthracht le hobair an chumainn sin. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris a d‘fhoilsigh siad; thogh an Royal Society of Antiquaries of Ireland ina bhall é agus bhí sé ina eagarthóir ar a n-iris-sean agus tá 47 dá aistí i gcló inti. Bhí sé ina chisteoir ag an gcumann agus, lena fhear ghaoil John George Augustus Prim, ina chomhrúnaí oinigh. Bhí ábhar á bhailiú aige le fada agus é ar intinn aige, i gcomhar le Prim, stair an chontae a fhoilsiú. D’fhoilsigh siad cuid den obair sin faoin teideal The history, architecture and antiquities of the Cathedral Church of St Canice, Kilkenny, 1857. Chuir sé A roll of the proceedings of the King’s Council in Ireland for a portion of the sixteenth year of the reign of Richard II, A.D, 1392-3 in eagar san Rolls Series in 1877. Bronnadh pinsean £100 ón Liosta Sibhialta air i ngeall ar an saothar a rinne sé. Chuidigh sé le hathchoiriú Mhainistir Sheireapúin agus Ardeaglais Naomh Cainneach i gCill Chainnigh. Nuair a rinneadh creachadóireacht ar dhealbha i gCluain Mhic Nóis ba é a d’fhéach chuige gur cuireadh an dlí ar an dream a bhí ciontach.

Bhí spéis aige sa Ghaeilge: ‘Mr Graves, although not an Irish scholar himself, yet made great efforts to have the Irish language taught long before the present movement in favour of its revival was initiated’ (Foot, 1887). Ba bhall den Celtic Society é ó thosach agus bhí ar an gcoiste in 1850, agus bhí sé ina shíntiúsóir de chuid Irisleabhar na Gaedhilge in 1882.

Ba luibheolaí, beachaire agus geolaí é. Tugann Foote pictiúr taitneamhach dá theach agus dá ghairdín álainn in Inis Snag. Bhí sé pósta ach ní raibh sliocht air. Deirtear go ndearna ualach na hoibre a dhéanadh sé dochar dá shláinte. Cailleadh é 20 Márta 1886. Dúradh in Irish Times i ndiaidh a bháis: ‘The Irish people deplore the loss of a great scholar, who in his time contributed so much to their instruction. Scientific circles in no less degree feel that they have suffered by the removal of one who was faithful and accurate in enterprise and painstaking in every profitable investigation.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú