Seo é an sagart a bhfuil ‘Father O’Flynn’, amhrán A.P. Graves (1846-1931), bunaithe ar a charachtar. Tugann Donal O’Sullivan cuntas air (‘A Sermon for Good Friday by Father Michael Walsh of Sneem’) in Éigse Iml. IV, Cuid a III, 1944. Ceapadh é ina shagart paróiste sa Snaidhm tuairim 1828. Dar le cartlann Dheoise Chiarraí gurbh i gCill na Mallach, Co. Chorcaí, a rugadh é ach dhearbhaigh Graves gurbh as Tiobraid Árann dó. ‘Tall and active with a humourously benevolent face and, although well filled out, he still hunted below the Sneem mountains with his own harriers’, an chuimhne a bhí ag Graves air. Dhealródh sé gur ag fiach a bhí sé lá agus gan a fhios cá raibh sé nuair a bhí seanpharóisteánach ag fáil bháis. Nuair a shroich an scéal seo an t-easpag is é an pionós a cuireadh air gur tugadh sagart cúnta dó agus gurbh éigean dó pá a thabhairt dó.

Chloiseadh Tadhg Ó Murchadha a athair ag eachtraí air agus tá cuntas aige air san uimhir chéanna de Éigse. ‘Firín beag a b’eadh é—ní raibh sé an-ard ar fad i gcomórtas le cuid desna gaisgíochaibh sagart a bhí suas lena linn. Fear muar fiadhaigh a b’eadh é . . .’. Tugann sé cuntas ríthaitneamhach ar an suí faoistine nó stáisiún le linn an Bhreathnaigh a bheith sa Snaidhm: an lá roimh ré á thabhairt aige ag fiach i gcom éigin imigéineach in aice le teach an stáisiúin; corcán prátaí bruite agus scor de bhradán ón abhainn roimhe i dteach éigin sa chomharsanacht; a ndóthain le n-ithe ag an bpaca gadhar agus a chapall; leaba bhreá tuí nó féir ar an urlár ina gcodlaíodh sé chomh sámh le rí agus an chonairt ina thimpeall. Tá cur síos aige freisin ar an gcaoi a gcuireadh sé stop le bruíonta agus ar na seanmóirí greannmhara a thugadh sé uaidh.

Deir an Súilleabhánach i dtaobh an tseanmóra atá i gcló aige: ‘The writer evidently knew Irish well as a spoken language but was ignorant of its orthography. He occasionally writes a simple word, like talamh, in Gaelic script, but for the most part he makes the roughest of attempts at phonetic writing, in which he shows no consistency.’ Bhíodh sé mar fhear teanga ag giúistísí go minic. Píobaire uilleann agus fidléir ba ea é agus bhailigh sé cuid mhór fonn a bhfuil roinnt díobh ag Petrie in Ancient Music of Ireland, 1855 agus Music of Ireland, 1882.

‘The sermon here printed must have been delivered in the dilapidated, barn-like structure which served as Sneem Parish Church during the greater part of Father Walsh’s incumbency’, a deir O’Sullivan. Ag Denis William Murphy, conrathóir tógála i mBeanntraí a bhí sé eaglais nua a thógáil ina áit ach d’éag sé sula raibh deireadh leis an obair i gcaoi gur ar a mhac, William Martin Murphy (1844-1919), a thit sé an obair a thabhairt chun críche. Mholadh an eaglais a shaothar chomh mór sin gurbh í an cháil a thabhaigh sé dó a chuir tús lena ghníomhréim mar rachmasaí, más fíor. D’éag an tAthair Breathnach 19 Meán Fómhair 1866 agus cuireadh é faoin altóir san eaglais nua. Chum A.P. Graves an t-amhrán, ‘Father O’Flynn’ in Eanáir 1874 agus é ina shuí ag a dheasc sa Roinn Gnóthaí Baile i Londain agus foilsíodh é in Spectator 24 Eanáir na bliana sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú