Dúirt R.I. Best faoi in Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1931: ‘Though not himself a Celtic scholar, Bradshaw was instrumental in bringing to light the oldest remains of Scottish-Gaelic in the Book of the Deer, and of Breton, in his researches into the collection of Canons known as the Hibernensis.’ Tá cuntais ar an bhfear seo, ar scoláire, leabharlannaí agus leabhareolaí é, ag an leabhareolaí, John Smyth Crone, san uimhir chéanna den Irish Book Lover, agus in Dictionary of National Biography. I Londain a rugadh é 2 Feabhra 1831 (Crone). Ba iad a thuismitheoirí Joseph Hoare Bradshaw, baincéir as Baile Nua na hArda i gContae an Dúin a raibh bailiúchán de leabhair na hÉireann aige, agus Catherine Stewart arbh as Baile an Tuaighe, Co. Aontroma, di. Bhí sise síolraithe ó dhuine de theaghlach ríoga na hAlban ach bhí an t-athair gaolmhar leis an rímharfóir John Bradshaw (1602-59)! Bhain Henry céim amach in 1854 in Ollscoil Cambridge agus chaith dhá bhliain ag múineadh i gColáiste Naomh Columba i gContae Bhaile Átha Cliath. D’éirigh sé cairdiúil le James Henthorn Todd le linn dó a bheith ann agus thosaigh ag cur spéise i seanlitríocht na hÉireann. In 1856 d’fhill sé ar Cambridge mar ar chaith sé a shaol ag obair i leabharlann na hollscoile. Rinne sé staidéar grinn ar an luathchlódóireacht, bhí ina shaineolaí ar chlódóireacht na hÉireann agus d’fhoghlaim go leor teangacha. Deirtear gur chuir a cheapachán mar leabharlannaí na hOllscoile bac ar an taighde a bhí ar siúl aige. ‘Accumulation of knowledge and experience had reached such a point that a few more years of uninterrupted work might have enabled him to produce a scholarly edition of Chaucer, a history of early typography, a treatise on later medieval liturgies, with valuable contributions to Celtic philology, early Irish literature, and kindred subjects . . . . The amount of his published work is small, and the reputation which he enjoyed among contemporaries will be almost unintelligible to those who never knew him, and who are unaware how much of his labour took shape in the productions of others’ (DNB). Bhronn sé a bhailiúchán mór de leabhair na hÉireann ar an gcoláiste in 1870. D’éag sé go tobann agus leabhar díobh á léamh aige oíche an 10-11 Feabhra 1886.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú