In Mainz sa Ghearmáin, an 14 Meán Fómhair 1791, a rugadh an focleolaí ceannródaíoch seo. Bhog a mhuintir go Aschaffenburg sa Bhaváir agus cuireadh oideachas air sa Lyceum ansin. Bhí spéis aige sa Sanscrait agus chuir an rialtas go Páras é chun a thuilleadh staidéir a dhéanamh. Foilsíodh a chéad leabhar, Über das Conjugationssystem der Sanskritsprache in Vergleichung mit jenem der grieschischen, lateinischen, persichen ubnd germanischen Sprache in 1816. Is é a chuir sé roimhe a dhéanamh ann ná bunús comhchoiteann fhoirmeacha gramadúla na Sanscraite, na Peirsise, na Gréigise, na Laidine agus na Gearmáinise a lorg siar go tús, rud nár triaileadh roimhe sin. Chuir sé ar fáil ar an gcuma sin ábhar iontaofa i gcomhair stair na dteangacha sin. Tar éis dó tamaill a chaitheamh i Londain agus sa Ghearmáin ceapadh é ina ollamh le Sanscrait agus le graiméar comparáideach in ollscoil Bheirlín in 1821. In 1833-52 foilsíodh an sé chuid dá ghraiméar comparáideach. D’fhoilsigh sé monagraf ar na teangacha Ceilteacha in 1839.

Chraol Seán Mac Réamoinn caint ar Radio Éireann 4 Deireadh Fómhair 1956: ‘Sé an tábhacht ar leith a bhaineas le saothar Bopp gurb é ba thúisce a leag amach prionsabail chearta comparáide teangan. Ní raibh sé puinn sásta le sean-nós na comparáide—sé sin focail iomlána nuatheangan, as foclóirí nó téacsa graiméir go minic, a chur i gcóimheas le chéile . . . . Céim mhór ar aghaidh a tugadh sa léann Ceilteach de bharr Bopp dob ea gurbh é a d’aimsigh brí agus údar an “Athrú tús focail” sa Cheiltis—an t-athrú sin ar a dtugaimidne séimhiú agus urú.’ Deir Kim McCone in ‘Prehistoric, Old and Middle Irish’ (caint a raibh teacht uirthi ar an idirlíon): ‘For all its faults from a modern perspective, the work of Prichard, Pictet and Bopp put an end to serious doubts about the Indo-European pedigree of the Celtic languages. The pioneers of comparative Indo-European linguistics were inevitably hampered by inadequate philological information on the different chronological stages of the non-classical languages upon which they worked, with the result that they often failed to cite the oldest forms available.’ Deir sé go raibh Bopp ag brath ar fhoclóirí agus ar leabhair ghramadaí nach raibh iontaofa.

‘Bopp’s researches, carried with wonderful penetration into the most minute and almost microscopic details of linguistic phenomena, have led to the opening up of a wide and distant affinity and the tenets, practices and domestic usages of the ancient Indo-European nations, and the science of comparative grammar may truly be said to date from his earliest publications.’ (eagrán 1911 Encyclopedia Britannica). Bhronn Acadamh Ríoga na hÉireann ballraíocht onórach air. D’éag sé 23 Deireadh Fómhair 1867.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú