Ba é príomhchartlannaí a linne in Éirinn é. Mar Ulster King of Arms ba é a bhí i gceannas ar chúrsaí ginealais na tíre. Ach an fáth is mó a bhfuil cuimhne air, b’fhéidir, gur ina sheilbh phríobháideach a bhí cuid mhór de shean-lámhscríbhinní na tíre: síleadh gurbh fhiú £10,000 a raibh díobh aige go fóill ag am a bháis.

Ar 22 Bealtaine 1779 a rugadh é in Stradbrook, Suffolk. Bhain a mháthair leis an gclann Huguenot, Damant. Tá cuntas ar a athair agus ar a dheirfiúr Mary Matilda in Dictionary of National Biography. I scoil a athar, an tUrr. William Betham, in Stonham Aspall, Suffolk, a cuireadh oideachas air. Phós sé ar dtús in 1802 agus cailleadh a bhean agus a leanbh. Ag an tráth seo d’éirigh idir é agus a athair. Faoi 1805, tar éis dó raic a bheith aige lena athair, bhí sé an-bhocht agus báite i bhfiacha nuair a cuireadh go hÉirinn é chun taighde a dhéanamh ar sheancháipéisí le haghaidh cáis dlí. Cúpla bliain ina dhiaidh sin ceapadh é ina leas-stiúrthóir in Oifig an Armais in Éirinn agus tugadh ridireacht dó. Phós sé Elizabeth Crampton in 1807. Ar 15 Feabhra 1808 bhí sé i gceannas ar an searmanas a eagraíodh le haghaidh ócáid cloch bhoinn Ghallán Nelson a leagan agus gairid sular éag sé d’eagraigh sé an searmanas mórshiúlach ag ócáid oscailt an Olltaispeántais Tionsclaígh ar 12 Bealtaine 1853. Fear mór coistí ba ea é. Sa réamhrá a chuir P. Beryl Phair le ‘Sir William Betham’s Manuscripts’ in Analecta Hibernica 27 (1972) tá cuntas aici ar a thapúlacht a d’éirigh leis bualadh chun cinn sa saol. Deir sí: ‘It must be remembered that he was never an Irish scholar for he only learned the language late in life, translating Irish poems because their stories fascinated him. He formed a huge collection of Irish manuscripts and sold them to the Royal Irish Academy in 1849.’ Bhí baint aige leis an Iberno-Celtic Society a bunaíodh in 1818. Maidir lena shaothar ginealaigh agus staire deir sí: ‘Betham’s unpublished manuscripts now have an enhanced value owing to the destruction in 1922 of the original documents from which he had drawn his material.’ Deir Alfred Webb (A Compendium of Irish biography: comprising sketches of distinguished Irishmen, and of eminent persons connected with Ireland by office or by their writings, 1878): ‘His greatest MS work was his index to the names of all persons mentioned in the wills at the Prerogative Office in Dublin. It consists of forty large folio volumes, begun in 1807 and not completed before 1828, during a great part of which period he devoted to it from eight to ten hours a day.’ Tá scéal a bheatha freisin in Dictionary of National Biography. In Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, 92 (1962), sa roinn ‘Miscellanea’, tá eolas i gcló ag Phair ar an gcaoi ar éirigh leis teacht ar Leabhar Dimma, Leabhar Ard Mhacha, Cathach Cholm Cille agus ar lámhscríbhinní éagsúla. Le Petrie agus Otway bhí sé ina bhall den choiste triúir ar ar chuir Acadamh Ríoga na hÉireann cúram foilsithe Sanas Cormaic.

Saothar ceannródaíochta ba ea Irish Antiquarian Researches, 1827. Scríobh sé freisin The Gael and Cymbri, or an Inquiry into the Origin and History of the Irish, Scots, Britons and Gauls; and of the Caledonians, Picts, Welsh, Cornish and Bretons, 1834. Ar nós Vallancey bhí teoiricí aisteacha aige i dtaobh an ghaoil a bhí ag an nGaeilge le teangacha eile agus scríobh séEtruria Celtica: Etruscan Literature and Antiquities investigated, or the language of that people compared and identified with the Iberno-Celtic, and both shown to be Phoenician, 1842. Toghadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann in 1826 agus bhí sé ag feidhmiú mar rúnaí tamall, ach faoi 1840 ní raibh sé ag réiteach le Comhairle an Acadaimh, go háirithe nuair a d’fhoilsigh siad cuid de shaothar George Petrie. Is léir ar Samuel Ferguson: beatha agus saothar, 1993 le Gréagóir Ó Dúill gur shíl scoláirí óga gurbh é a dhíothaigh Coimisiún na dTaifead in 1830 agus rannóg taighde séadchomharthaí seandachta na Suirbhéireachta Ordanáis. ‘Ba é a bhí ar aigne aige ná iomlán chumhacht aircíviúil agus cartlannaíochta na tíre a lárnú ina lámha féin, mar choimeádaí na státpháipéar sa Chaisleán agus mar Ulster King at Arms.’ Nuair a scríobh Ferguson léirmheas ar Etruria Celtica dúirt sé: ‘I have given the presumptuous dunce a dressing.’ Fuair Betham bás 26 Deireadh Fómhair 1853 agus cuireadh é i reilig Charraig Bhraonáin i mBaile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tugann Étain Murphy cuntas spéisiúil air in A Glorious Extravaganza: The History of Monkstown Parish Church, 2003. Bhí sé ina bhardach teampaill ansin (1816-18) agus tógadh ina onóir an Betham Memorial Window. Ba iad a bheirt mhac, Molyneaux agus Sheffield, a dhear í. Arailt ba ea iad, duine i gCorcaigh agus fear eile i mBaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú