Tá an file agus an t-aistritheoir seo luaite ag Desmond Ryan in The Sword of Light: from the four masters to Douglas Hyde, 1636-1938, 1939 mar dhuine de phríomhbhaill an Chumainn Oisínigh. Bhí sé ina leasuachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann. B’as an Ráth, Co. Chorcaí, dá athair John agus chaith sé cuid dá óige i mBrú Rí, Co. Luimnigh. Seacaibítigh ba ea a sheanmhuintir agus Caitliceach Rómhánach ba ea a athair. D’iompaigh John ina Phrotastúnach. Tá a cháil mar fhile ag seasamh ar a aistriúchán fileata arFaust le Goethe in 1835; ba é ba thúisce a sholáthair leagan Béarla. Bhí ardmheas ag an bhfile Coleridge air agus bhí meas chomh mór sin ar a shaothar liteartha gur tugadh pinsean £150 dó. Is mar abhcóide a shaothraigh sé a bheatha agus ceapadh é ina Ollamh Regius le Dlí i gColáiste na Tríonóide. Tar éis a bheith tinn den ghúta le cúpla lá d’éag sé ar 9 Meitheamh 1867 ina theach ag 5 Sráid Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath. Tá cuntas air in Dictionary of National Biography. Sa Leabharlann Náisiúnta tá leabhar nótaí dá chuid (Ms 348) ina bhfuil cúpla laoi Fiannaíochta a d’aistrigh sé; ‘Seilg Shliabh na mBan’ ceann díobh ar léir uaidh gur cheadaigh sé Leabhar Uachtaráin Leasa Móir d’fhonn cur lena aistriúchán agus é a cheartú.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú