Scríobh an Dr Kenneth Whitaker in Irish Times 26 Meitheamh 1980: ‘By very few in our history—apart, perhaps, from the scribes and illuminators of our greatest MSS and that other Northerner, Bunting—has so great a cultural service been rendered to Ireland’. In Sinsear, 1981 scríobh Bo Almqvist: ‘In his capacity of Honorary Director of the Irish Folklore Commission, Séamus Ó Duilearga was the primus motor in creating one of the largest and most important folklore archives in the world’. I gCoill na dTor, Bun Abhann Dalla, Co. Aontroma, a rugadh é (James Hamilton Delargy), dar leis an teastas breithe, an 26 Bealtaine 1899. James Delargy, óstóir, agus Mary Josephine McQuillan a thuismitheoirí. Fuair an t-athair, a bhí tráth ina chaptaen loinge, bás nuair a bhí sé dhá bhliain d’aois. D’aistrigh an chlann go Gleann Aireamh ar dtús nuair a bhí sé tuairim ceithre bliana go leith d’aois. Is cosúil nach raibh ach aon deartháir amháin aige. Chuala sé a chéad seanscéal ó bhearbóir a bhí ag iarraidh é a choimeád ó bheith ag gol. Chaith sé tamall sa bhunscoil sa Ghleann. D’fhág an chlann Aontroim in 1907 agus cuireadh an bheirt deartháireacha chuig scoil a bhí ag mná rialta i gCill Chomhghaill i gCill Mhantáin. I gCaisleán Cnucha bhí Proinsias Ó Fathaigh mar mhúinteoir Gaeilge aige. Le linn dó a bheith ar saoire i mBun Abhann Dalla chuir a aint é chuig scoil samhraidh i Reachlainn a bhí á eagrú ag Coláiste Chomhghaill, Béal Feirste. Leabhar le Aoidhmín Mac Gréagóir, Sgéalta X Rachreann, a chuir fonn air dul chuig an oileán. Bhí sé ann arís in 1916, 1918 agus, b’fhéidir, 1920.

Bhí sé ag dul le sagartacht ar feadh tamaill ghairid. I gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhí tionchar mór ag Osborn Bergin agus ag Dubhghlas de hÍde air. Bhain sé céim sa léann Ceilteach amach. Chabhraigh sé chun an Cumann le Béaloideas Éireann a bhunú in 1926. An bhliain dár gcionn bhí sé bainteach le Béaloideas a bhunú agus bhí ina eagarthóir ar an iris ar feadh 46 bliain. Bhí baint mhór aige le bunú Institiúid an Bhéaloidis in 1930 nuair a fuarthas cabhair ón rialtas chuige sin. Bhí sé ina léachtóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile ó 1923 agus ina léachtóir le béaloideas ó 1934. Chabhraigh sé an bhliain sin le Robert Flaherty chun an chéad scannán Gaeilge le fuaimrian, Oíche Seanchais, a dhéanamh. An bhliain dár gcionn tugadh ar iasacht é do Choimisiún Béaloideasa Éireann.

Fionán Mac Coluim a mhol in 1923 go dtabharfadh sé cuairt ar Sheán Ó Conaill i gCill Rialaigh chun go gcuirfeadh sé slacht ar a chuid Gaeilge. Bhuail sé le Carl Wilhelm von Sydow agus is ar an gcuma sin a chuaigh sé go hollscoileanna Lund agus Uppsala chun oiliúint a fháil i gcúrsaí béaloidis. In agallamh le Miriam Hederman in Scéala Éireann 18 Márta 1965 dúirt sé gurbh amhlaidh a d’áitigh von Sydow ar Dhonncha Ó Cobhthaigh, uachtarán an Choláiste Ollscoile, ligean dó imeacht ar saoire bliana. Thug sé cuairt ar chartlanna san Iorua agus san Fhionnlainn. Chomh maith leis na teangacha Ceilteacha, bhí Gearmáinis, Fraincis, Sualainnis agus Íoslainnis aige. Ag caint ar eolas Uí Dhuilearga ar theangacha dó agus ar a scoláireacht a bhí sé dúirt a chomharba Bo Almqvist (Sinsear 1981): ‘I have not met with anyone who could equal his bibliographical knowledge in the field of folklore. It was this knowledge that enabled him to assemble such a valuable library for his beloved institution’. Ceapadh é ina Ollamh le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in 1946. Bhí spéis aige gan amhras i mbéaloideas tíortha eile: thug sé iarracht uair, mar shampla, ar spéis a adhaint sa Vatacáin i mbéaloideas a bhailiú sna tíortha a raibh misinéirí iontu.

D’éirigh sé as cathaoir an bhéaloidis in 1969 agus d’éirigh as stiúrthóireacht an Choimisiúin in 1971. Ó 1925 ar aghaidh bhí ábhar i gcló aige in An Réalt, Zeitschrift für celtische Philologie, An Lóchrann, Béaloideas .... Is iad na leabhair a chuir sé ar fáil: Irish folk tales edited with introduction and notes (1942) (scéalta a bhailigh Jeremiah Curtin); The Gaelic storyteller (1945); Leabhar Sheáin Í Chonaill (1948); Seanchas ón Oileán Tiar (1956) (scéalta a bhreac Robin Flower ó Thomás Ó Criomhthain); agus an cnuasach scéalta ó Stiofán Ó hEalaoire ar chuir Dr Dáithí Ó hÓgáin eagar air. Tá cnuasach a bhreac sé ó Sheán Ó Sé ó Uíbh Ráthach i gcló in Béaloideas 29, 1961. Bhronn ollscoileanna sa tSualainn, Albain Nua agus sa Bhreatain Bheag, seacht gcinn díobh, dochtúireachtaí air. Bhronn Rí na Sualainne agus Uachtarán na hÍoslainne gradaim air. D’éag sé 25 Meitheamh 1980 agus tá sé curtha i nGráinseach an Déin. Bhí sé pósta ar Maud McGuigan agus bhí mac agus iníon acu. Tá aiste le T.K. Whitaker ina thaobh in The Glynns 10, 1982 agus ag Jack McCann san iris chéanna, 9 1981. Tá cuntas ag Aindrias Ó Muimhneacháin in Béaloideas 48-49, 1980-8. Bhreac Seosamh Ó Dálaigh, bailitheoir, a chuimhní pearsanta air in Feasta, Lúnasa 1980. Nuair a d’éirigh sé as a phost ollaimh scríobh Anne-Berit Ostereng Borchgrevink cuntas ar a shaothar in Lochlann Iml. 1, 1974. In The Irish Folklore Commission 1935-1970: history, ideology, methodology (2008) le Mícheal Briody (535 lch) baineann 140 lch le ceannasaíocht Uí Dhuilearga.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú