‘By his death Ireland has lost one of her most vigorous and persevering patriots’, a dúradh in Scéala Éireann 9 Meán Fómhair 1936. Deirtí gurbh é an fear ba shaibhre in Éirinn lena linn é. Is dóigh go bhfuil sin ábhairín áibhéalach; fuair sé timpeall £35,000 óna athair. Sa teach ‘Silver Acres’, Ráth Fearnáin, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é ar 9 Lúnasa 1844. Ba é John Sweetman (1805-1859), Cearnóg Muirfean, Baile Átha Cliath, agus Honoria O’Connor a thuismitheoirí. Bhí grúdlann ag an athair i Sráid Naomh Proinsias i mBaile Átha Cliath agus ba uncail leis sin an John Sweetman (1752-1826), grúdaire, arbh é an tÉireannach Aontaithe é a díbríodh as Éirinn agus arbh é an t-ailtire amaitéarach é a deirtear a dhear an Leas-Ardeaglais Chaitliceach i mBaile Átha Cliath. Nuair a d’éag a athair cheannaigh John s’againne Droim Barach in aice le Ceannanas Mór i gContae na Mí; bhí aige freisin teach ag 13 (47 anois) Cearnóg Muirfean a fuair sé óna athair.

Scríobh Seán T. Ó Ceallaigh faoi in Seán T., 1963: ‘Bhí Sweetman ina fheisire ar son Chontae na Mí i bhfad roimhe sin [roimh 1905]. Ba fhear é a rinne a lán chun cabhrú le daoine, feirmeoirí ó Chontae na Mí go háirithe, a shocrú i Meiriceá. Chabhraigh sé le heaspag St Paul, Minnesota, an Dr John Ireland, chun daoine a thabhairt amach as Éirinn mar choilínigh sa stát sin .... Ní hé gur áitigh John Sweetman ar dhaoine as an tír seo imeacht leo go Minnesota ach nuair a fuair sé amach go raibh fonn ar dhaoine áirithe dul amach go Meiriceá, thug sé luach a bpasáiste nó cabhair éigin eile dóibh. Chomh maith leis sin cheannaigh sé na mílte acra talún ó chomhlacht na mbóithre iarainn i Minnesota agus chuir sé a lán Éireannach ag obair ar an talamh sin. . . . Ach ba shuimiúil an turgnamh coilíneachta ag Éireannaigh an scéim ar fad’. Bhí sé orthu sin a shínigh achainí ar Éireannaigh i Meiriceá gan daoine a mhisniú chun dul ar imirce agus gan dul i muinín an ‘mischievous prepaid ticket’ (An Claidheamh Soluis 9 Aibreán 1904)

In Sinn Féin 28 Eanáir 1911 tá tuairisc ar léacht a thug sé do Ard-ChraobhShinn Féin agus dúirt sé ann gur cuireadh ina leith uair gur rainseoir é agus go raibh tailte i Meiriceá agus in Éirinn aige: ‘For over 40 years my hobby has been the abolishing of ranches and 30 years ago I bought over 20,000 acres of grassland in America for the purpose of breaking it up into small farms and I succeeded in doing so’. Tá cuntas ag Eibhlín Ní Mhurchú in Siúlach Scéalach, 1968 ar an Sweetman Colony a bhunaigh sé in Currie, Minnesota. Bhí sé gníomhach ar son cearta na dtionóntaí i bhfad sula raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Talún. Ba é a mhol Parnell mar uachtarán ar an ngluaiseacht sin. Bhí sé ina bhall parlaiminte thar ceann Chill Mhantáin Thoir ó 1892 go 1895. D’éirigh sé as toisc go raibh muinín caillte aige as an bPáirtí Parlaiminteach. Phós sé in 1895 Alice, iníon John P. (‘King’) Hanly ón Uaimh.

I nDaonáireamh 1901 is é an cur síos a rinne sé ar a shlí bheatha ‘Farmer, income chiefly from dividends’. Bhí a bhean Agnes tríocha bliain d’aois agus bhí a mhac John Walter, dhá bhliain d’aois. Chuir sé síos go raibh Gaeilge ag an leanbh seo. Bhí seachtar dá chuid oibrithe sa teach agus bhí Gaeilge ag duine díobh, Mary Molloy as Gaillimh, a bhí ag obair mar ‘nursery maid’. I nDaonáireamh 1911 scríobh sé nach raibh Gaeilge aige féin ach go raibh sí ag Agnes. Bhí Gaeilge ag a mhac William (7) ach ní raibh sí ag Honoria (3) ná ag Alicia (1). Bhí máistreás cónaithe sa teach a raibh Gaeilge aici, Agnes Curtin ó Chontae Chiarraí, agus buime, Julia Connolly ó Chontae na Gaillimhe, a raibh Gaeilge aici.

B’fhéidir gur tamall roimh 1901 a thosaigh a spéis i gConradh na Gaeilge. In An Claidheamh Soluis 4 Bealtaine 1901 dúradh go raibh litir in Irish Independent aige faoi bhunú craoibhe i gCeannanasna Mí. An tseachtain dár gcionn tuairiscíodh gur thug sé £100 do Chiste na Teanga. Dúirt sé: ‘On reading Dr O’Hickey’s pamphlet on The Future of Irish in the National Schools I see that funds are required for pushing on the work of the Gaelic League. As I believe no movement will do more to make Ireland a nation I beg to enclose a cheque for £100 towards its funds. I think Dr O’Hickey’s pamphlet should be sent to every Catholic manager of National Schools in Ireland’. Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó i 1901 ach fuarthas litir uaidh 11 Meitheamh á rá go raibh brón air nach bhféadfadh sé feidhmiú. Mhol sé rún ag cruinniú de Chomhairle Chontae na Mí (idem 17 Lúnasa 1901): ‘... a motion to give every assistance possible to the efforts of the Gaelic League in the revival of the Irish Language has been passed by the Meath County Council’. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha gach bliain ó 1902 go dtí gur cuireadh riail nua i bhfeidhm i dtaobh an Bhéarla. I litir dar ceannteideal ‘An tOireachtas’ in An Claidheamh Soluis 26 Lúnasa 1911 iarrann sé go mbainfí leas as an mBéarla i gcásanna áirithe. I rith an ama sin bhí sé ina bhall d’fhochoistí an eagrúcháin agus na tionsclaíochta. Bhí sé ar dhuine d’iontaobhaithe Chiste an Mhaolánaigh i 1903. Bhí sé ina chomhchisteoir ar Fheis na Mí (idem 30 Aibreán 1904). Chuir sé £10 chuig Ciste na Teanga i 1911(idem 28 Eanáir 1911).

Dar le The Nationalist 16 Samhain 1905 go ndearna sé botún tuairim an ama seo. ‘We are pleased to note that Mr Sweetman’s illiberality in confining to boys the scholarship scheme offered by him has provoked expressions of protest from several points of view .... From the Gaelic League standpoint it is particularly regrettable that this sex-restriction should be placed upon a scholarship which has the encouragement of Irish studies as one of its objects. It is obvious that the fortunes of the Irish Language depend as much upon the women as upon the men of Ireland—probably more’.

Bhí gaol gairid aige leis an Athair John Sweetman, an Beinidicteach a bhunaigh an scoil cháiliúil i Mount St Benedict in aice le Guaire, Co. Loch Garman, le £5,000 a fuair sé ar iasacht ó John Sweetman s’againne (The Gonne-Yeats letters 1893-1938: always your friend, 1992 in eagar ag Anna MacBride White agus A. Norman Jeffares). Bhí sé orthu siúd a chuir i gcoinne an taispeántais idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath i 1904 agus dúirt go raibh sé ag súil leis an lá nuair a bheadh an fógra ‘No British goods sold here’ le feiceáil i siopaí na tíre. Duine mór le rá i Sinn Féin ba ea é. ‘Bhí John Sweetman, Droim Barach, Ceanannasna Mí, ar dhuine acu san a chabhraigh go fial leis an bpáipéar [United Irishman ]. Ní uair amháin a thug sé £100 ach go minic agus is é a shábháil é ó dhul as cúpla uair. Cheannaíodh sé luach £100 de scaireanna sa pháipéar ach b’ionann é sin agus airgead a thabhairt in aisce mar ní bhíodh aon tsúil go bhfaighfí sochar ná tairbhe as na scaireanna san’ (Seán Ó Lúing, Art Ó Gríofa, 1953). Toghadh é ina uachtarán ar Shinn Féin i 1908 nuair a d’éirigh Edward Martyn as. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Mí nuair a thug an Rí Éadbhard V11 cuairt ar Éirinn agus bronnadh gradam air mar gheall ar an stádas sin. Sheol sé ar ais é agus dúirt go raibh taise níos luachmhaire aige féin, leabhar póca Wolfe Tone agus rian a chuid fola air. Ba é athair Tone, ar iarratas Tone féin, a bhronn an taise seo ar ‘John Sweetman, the rebel’, a sheanuncail.

In Sinn Féin 28 Eanáir 1911 tuairiscíodh go ndúirt sé gur caitheadh amach as Comhairle Contae na Mí é toisc go raibh sé in aghaidh an Pháirtí Pharlaimintigh. Thacaigh sé le huachtaránacht an Chraoibhín i 1913 (An Claidheamh Soluis 19 Iúil 1913). Gabhadh é tar éis 1916 agus aistríodh ó Bheairic Risteamain go Wandsworth é 8 Bealtaine; scaoileadh saor é 22 Bealtaine (Weekly Irish Times Sinn Féin Rebellion Handbook). Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh ach faoi 1932 bhí sé ag tacú le de Valera. Scríobh sé: Liberty, [1909]; Nationality, [1907]; Ireland and conscription, [?1916]; Protection; some letters to the press with regard to the protection of Irish industries, 1926. D’éag sé 8 Meán Fómhair 1936 ina theach, 47 Cearnóg Muirfean. Tá sé curtha sa reilig a bhronn sé féin ar pharóiste Cheanannus Mór. Dar leis an Meath Chronicle 12 Meán Fómhair 1936 gur thug Eoin Mac Néill ardmholadh dó i gcaint a chraol sé ar Radio Éireann cúpla lá roimhe sin. Cailleadh a bhean 17 Samhain na bliana céanna. Bhí beirt iníonacha acu agus ceathrar mac, ar dhuine díobh an Breitheamh Bill Sweetman a bhí tamall ina eagarthóir ar Scéala Éireann.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú