Is dóigh gurbh é an t-eagarthóir Pádraig Mac Piarais a scríobh an abairt seo ina thaobh in An Claidheamh Soluis 31 Deireadh Fómhair 1908: ‘Micheál Smidic, mathematical professor at Scoil Éanna and auditor of the Law Students’ Debating Society. . . seems to us to embody the Gaelic League ideal at its best. . ., his enthusiasms concerning themselves with things as far apart as athletics and law, higher mathematics and the folklore of Inis Meáin’. I mBéal Átha Slaitín, An Gabhailín, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 20 Aibreán 1878. Ba é Tom Smithwick a athair: ‘Dealer’ an cur síos ar a shlí bheatha sa teastas breithe—ceannaí cruithneachta agus eorna ba ea é. Lá den saol bhí 400 acra ag muintir Smidic in Áth Íseal, mar a bhfuil an mhainistir cháiliúil. Ba í Catherine Guilfoyle ón nGabhailín a mháthair. Creideann a mhuintir sa Ghabhailín go raibh baint aige féin agus ag Sir William Butler (‘The Green Redcoat’) le bunú na chéad fheise sa cheantar.

I gColáiste Charraig an Tobair bhain sé scoláireachtaí sa ghrád sóisearach, sa ghrád meánach agus sa ghrád sinsearach. Fuair sé onóracha sa Ghaeilge sna scrúduithe sin. D’imir sé rugbaí ann leis na deartháireacha Uí Riain, a bheadh ar fhoireann na hÉireann ar ball, agus d’fhanfadh spéis mhór aige sa chluiche. Chaith sé tamall ina mhúinteoir sa choláiste. Is é an cur síos air in An Claidheamh Soluis 11 Meán Fómhair 1909: ‘Late professor of mathematics, Rockwell, and lecturer in maths and science, University College, Blackrock’. Fuair sé scoláireacht sa mhatamaitic agus is chun céim a bhaint amach san Ollscoil Ríoga a chuaigh sé go Coláiste na Carraige Duibhe. Bhí sé mar theagascóir ann tamall agus ina dhiaidh sin bhí ag múineadh ann ó 1903 go 1906 agus arís i 1910 (Blackrock College Annual, Centenary 1860-1960 ). Duine dá dhaltaí ba ea Éamonn de Valera. Deir Tim Pat Coogan in De Valera, 1993: ‘It was, however, a friendship which began the following year [1901] with Michael Smithwick, a former Blackrock student who acted as tutor to the scholarship class in return for free lodgings, that most influenced his future career. Smithwick encouraged him to play rugby, to study mathematics, and, most importantly, to learn the Irish language’. Dar le Seán Réamoinn in Administration Vol. 29 No.4 go ndeachaigh sé isteach sa státseirbhís i 1902 chun a bheith ag obair i ngnó na gcúirteanna dlí. Le linn dó a bheith ag staidéar le bheith ina abhcóide bhí sé ina reachtaire ar Chumann Díospóireachta na Mac Léinn Dlí agus bhuaigh sé Bonn Óir an Phluincéadaigh de bharr a chumais chun argóna. Bhuaigh sé Duais Victoria sna scrúduithe deiridh agus glaodh chun an bharra é i 1908. Le linn dó a bheith i gCarraig an Tobair chuir sé aithne ar Thomás Mac Donnchadha (1878-1916) agus is dá bharr sin a fostaíodh é mar ‘ollamh le matamaitic’ i Scoil Éanna le linn dó a bheith ina oifigeach cúirte go fóill. ‘An t-oide ar áirimhíocht i Scoil Éanna’ an cur síos atá air in An Claidheamh Soluis 12 Meán Fómhair 1908. Deir Coogan gur sa bhliain sin a d’iarr de Valera a chomhairle i dtaobh cá háit a d’fhoghlaimeodh sé Gaeilge agus gur mhol sé dó dul go Coláiste Laighean, mar ar casadh a bhean Sinéad air.

Tuairim an ama seo a thosaigh a thréimhse cheannaireachta i gConradh na Gaeilge. Deir Seán Réamoinn: ‘A testimonial of 12 June 1912 from Dr Douglas Hyde declared inter alia that Mr Smithwick had a thorough knowledge of Irish both written and spoken and was an excellent clear public speaker. He had organised and spoke at many meetings all over the country and presided over all sorts of conferences and labour bodies. He had administrative capacity of a high kind and whenever a specific matter in the League required careful handling he had generally been called upon’. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó ó 1909 go 1915, ina rúnaí ar Chraobh na Carraige Duibhe, ina uachtarán ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath (An Claidheamh Soluis 10 Aibreán 1909). Ceapadh é ina stiúrthóir ar Chlódhanna 1909-10 (idem 25 Meán Fómhair 1909), ina chathaoirleach ar choiste airgeadais an Choiste Gnó (idem 22 Eanáir 1910), agus ina chathaoirleach ar choiste Fheis Bhaile Átha Cliath (idem 18 Márta 1911). Thuigfeá ó mhír nuachta in Sinn Féin 7 Meán Fómhair 1910 i dtaobh cruinniú den ‘All-Ireland Demonstration Committee’ go raibh baint aige leis an bhfeachtas chun go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach i máithreánach Ollscoil na hÉireann. Bhí sé ina chathaoirleach ar an Oireachtas i 1913-14. Chaith sé tamall fada ar choiste na mórfhéile sin agus in Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 luann Donncha Ó Súilleabháin i gcomhluadar suaitheanta é. ‘Bhí daoine a chaith tréimhsí fada gan briseadh ar Choiste an Oireachtais agus chuidigh an leanúnachas sin go mór le cur chun cinn na hoibre. . . Úna Ní Fhaircheallaigh, Tomás Ó hAodha,, Cathal Brugha, Edward Martyn, Eibhlín Ní Dhonnabháin, Liam P. Ó Riain, Tomás Ághas, Micheál Smidic, Seán T. Ó Ceallaigh agus Proinsias Ó Fathaigh’. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh nuair a bunaíodh iad, dar le Scéala Éireann 24 Eanáir 1939, agus ghlac páirt sna gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair.

Phós sé Máire Nic Giolla Craoibhe (Rice) ó na Sceirí, Baile Átha Cliath, 11 Meán Fómhair 1918 (Fáinne an Lae 22 Meán Fómhair 1918). Bhí ar a laghad triúr gasúr acu : Feargal, Micheál agus Máirín. Is beag tagairt dó sna páipéir Ghaeilge ina dhiaidh sin. Tá tuairim ann go ndeachaigh sé ag feirmeoireacht i mBaile Slaitín go ceann cúpla bliain agus is dóigh gur bhain sin le gan mionn dílseachta don choróin a ghlacadh. I 1922 ceapadh é ina rúnaí ar choiste a bunaíodh chun comhairle a chur ar an rialtas i dtaobh bhunú na gcúirteanna agus an bhliain dár gcionn ceapadh é mar dhuine den bheirt Choimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim. D’éag sé 23 Eanáir 1939.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú