In Gelballe i gcomharsanacht Lunderskov, Jutland, ar theorainn Slesvig a rugadh é ar 7 Aibreán 1867. Tá cuntas cuimsitheach air ag Ole Munch-Pedersen sa réamhrá le Scéalta Mháirtín Neile: bailiúchán scéalta ó Árainn (1994). Is léir go raibh taithí phearsanta aige ar an mbochtanas. Múinteoir ar bheagán pá a athair Kristen agus ba é Holger an naoú duine den aon duine déag clainne aige; fuair sé bás nuair a bhí Holger deich mbliana d’aois. Bhí sé ina mhac léinn in Ollscoil Chóbanhávan ar dtús agus ansin ag foghlaim ó Karl Brugmann i Leipzig agus ó Zimmer in Greifswald. Ceapadh é ar ball ina ollamh i gCóbanhávan. Chaith sé an tréimhse 31 Lúnasa 1895 go 11 Eanáir 1896 ag foghlaim Gaeilge ón seanchaí Máirtín Ó Conghaile i mBaile na Creige in Árainn. Scríobh sé 400 leathanach d’ábhar síos uaidh ar scéalaíocht an chuid is mó de. In Thaitin sé le Peig ( Iris na hOidhreachta 1), 1989, in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta, tá cuntas ag Ole Munch-Pedersen ar an obair a rinne sé. Deir sé gur sheift ag Pedersen chun Gaeilge a fhoghlaim ba ea bailiú béaloidis; d’éirigh leis Albáinis a fhoghlaim san Albáin ar an gcuma chéanna tamall roimhe sin. Bhí an bailiúchán sa Leabharlann Ríoga i gCóbanhávan agus foilsíodh é faoin teideal Scéalta Mháirtín Neile: bailiúchán scéalta ó Árainn (1994). Deirtear gurbh é Pedersen ba thúisce a bhailigh scéal de chineál ‘Taming of the shrew’ in Éirinn. Tá cuid mhaith litreacha a sheol sé sa Danmhairgis ón oileán curtha i gcló ag Ruth Bentzen in Fund og forskning (1984-85). D’éirigh leis mórchuid teangacha idir bheo is mharbh a fhoghlaim. Leis an séimhiú sa Ghaeilge a bhain a thráchtas dochtúireachta in 1897. Chaith sé tamaill ina uachtarán ar Ollscoil Chóbanhávan agus ar Acadamh Ríoga na Danmhairge. Deisceabal aige ba ea Franz Nikolaus Finck agus cheartaigh Pedersen cuid dá raibh aige sin in Die araner mundart (1899).

Tá óráid ag tacú le cúis na teanga aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1896. ‘First of all, I look upon the preservation of Irish as an act of justice due to that part of the Irish people who still speak the Irish language; for the intellectual and moral development of a people cannot be promoted, as it should be, by any other means than the mother tongue. But besides this, the preservation of the Irish language should be considered as part of the national cause by the whole Irish nation, whether they speak English or Irish; lest they should lose the ties connecting them with the great past of Ireland. Of course, the chief thing aimed at by patriotism must be the future prosperous state of the country, but should I arise after my death, having lost every remembrance of the present life, surely this would not be a resurrection at all; it would not be I; it would be another person that would arise. Therefore I think that the oldest monuments of the Irish language ought to be studied, the wonderful tales in the ancient Irish manuscripts ought to be read, and the development of the Irish language and literature ought to be carefully traced down to our own time in all the high schools of Ireland. Irish philology ought to be one of the most prominent disciplines of Irish education. I am sure that this would be a source of refreshment for the national vigour of the people.’

Bhí litir Ghaeilge i gcló aige in An Claidheamh Soluis 8 Aibreán 1899—litir is ea í a chuir sé chuig Risteard de Hindeberg in Washington. Bhí an litir i gcló in The Irish World i nGaeilge, i mBéarla agus sa Danmhairgis roimhe sin. ‘Is binn liom a chloistin go bhfuil tú ag neartú leis an nGaeilge. Ba thrua liomsa an Ghaeilge d’fháil bháis agus na Gaeil a chailliúint a dúchasa dílis féin agus gan bheith iontu as sin amach ach Sasanaigh. Óir an uair nach Gaelach an teanga ní Gaelach feasta an croí ag Éirinn. Agus dar ndóigh ba mhór an trua é sin, óir ba iad na hÉireannaigh thugadar foghluim don Roinn Eorpa go léir anallód, agus is acusan a gheibhtear na scéalta fiannaíochta a rug barr ar a raibh sa domhan mhór fadó, agus fós is í an Ghaeilge an teanga is milse blas agus is binne glór dá bhfuil san Roinn Eorpa inniu. De na Lochlannaigh domsa agus dá bhrí sin ba doiligh liom an lucht sin a bhíodh seal mar oidí léinn agus eolais dúinne a dhul ar ceal, agus ní eile atá a fhios agamsa go maith, má mhaireann na fíor-Éireannaigh beo go mba mhór ab fhearrde an cine daonna.’ Baineann eagarfhocal an pháipéir leis an ‘ríscoláire’ agus ‘an Gaeilgeoir críochnaithe’ seo.

Bhí sé ar dhuine de na scoláirí a chabhraigh leis an gCraoibhín agus é ag bréagnú a raibh ráite ag Mahaffy san fhianaise a thug sé os comhair an Choimisiúin um Oideachas Meánach in 1899 (Mise agus an Connradh). I measc na leabhar a scríobh sé tá: Aspirationen i Irsk (1897); Vergleichende grammatik der keltischen Sprachen (1908-13); A concise comparative Celtic grammar (1937), in éineacht le Henry Lewis (coimre de shaothar 1908-13); Linguistic science in the 19th century. . . methods and results (1931). Deir Munch Pedersen faoina shaothar mór Vergleichende grammatik der Keltischen sprachen: ‘Áirítear an leabhar i measc na leabhar is tábhachtaí a scríobh aon duine riamh faoi na teangacha Ceilteacha, agus murach leabhar Thurneysen, A grammar of Old Irish, a bheith ann, is dócha gurb é leabhar Phedersen a bheadh á léamh ag mic léinn ollscoileanna na hÉireann sa lá atá inniu ann.’ Bhí aiste aige in Féil-sgríbhinn Eoin Mhic Néill (1940). Fuair sé bás in Hellerup in aice le Cóbanhávan ar 25 Deireadh Fómhair 1953. In Études Celtique 7 1955-6 tá obit ag J. Vendryes i bhFraincis.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú