Mac Diarmada agus Walter Macken an bheirt fhear amharclainne proifisiúnta is mó a shaothraigh ar son amharclann na Gaeilge sa tréimhse 1930-60. Dúirt Aodh Mac Dhubháin i dtaobh Mhic Dhiarmada: ‘Nór casadh orm, go fóill, aon léiritheoir a bhí ábalta an oiread sin muiníne as féin a chothú sa té a bhí ag glacadh páirte i ndráma...’ (Ardán, Earrach 1970). I bparóiste Naomh Séarlas in Chicago, Illinois, a rugadh é 24 Feabhra 1907. D’éirigh le cartlann dheoise Chicago (litir dar dáta 30 Eanáir 1996) teacht ar thriúr den teaghlach i dtaifid pharóiste Naomh Séarlas Borremeo: Frank Martin Dermody a rugadh ar 24 Feabhra 1907 agus arbh iad a thuismitheoirí Frank Dermody agus Mary Monroe. Ba iad Máirtín Monroe agus Bridget Monroe a sheas dó. Rugadh Michael ar 5 Lúnasa 1905—agus ba iad Frank Dermody agus Mary Melroe [sic] na tuismitheoirí. Rugadh Andrew ar 27 Nollaig 1909. Ina chás-san ba iad Frank Dermody agus Mary Mulroe [sic] na tuismitheoirí ! Tógadh le Gaeilge ansin é. Nuair a cailleadh an mháthair thug an t-athair an chlann abhaile go hÉirinn i 1915. Phós sé Mary Earnor i 1918 agus chuir siad fúthu sa Cheapaigh Dhuibh i gContae Mhaigh Eo. Ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh ansin freisin. Liostáil Proinsias san Arm i 1924. Chaith sé tamall i mBeairic Portobello i mBaile Átha Cliath agus i 1925 aistríodh go Gaillimh é agus bhí sé ina bhall den Chéad Chath Gaelach ansin i mBeairic na Rinne Móire.

I 1928 thosaigh sé ag aisteoireacht sa Taidhbhearc agus bhí páirt Oisín aige sa chéad léiriú de Diarmuid agus Gráinne le Micheál Mac Liammóir an bhliain sin. In Comhar, Márta 1943, déanann Mac Liammóir tagairt dó in ‘Eachtra aisteora’. Tá léargas ar a thábhachtaí a bhí sé sa Taibhdhearc agus ar a chaidreamh ar Liam Ó Briain in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail. Deacracht a bhí sa tslí ar Mhac Diarmada sa Taibhdhearc, is cosúil, an drochmheas a bhí, más fíor, ag meánaicme na Gaillimhe ar ghnáthshaighdiúirí airm. Ó Briain a mhol um Shamhain 1929 go gcuirfí é go Baile Átha Cliath chun oiliúint a fháil agus, le cabhair Earnáin de Blaghd , rinneadh sin i 1930. Bhí dualgais airm le déanamh aige i roinn an Ardaidiúnaigh i Sráid Gheata na Páirce le linn dó a bheith ag fáil oiliúna le foireann Edwards/Mac Liammóir. D’fhill sé ar bheairic na Rinne Móire an bhliain dár gcionn agus ceapadh ina léiritheoir/bainisteoir ar an Taibhdhearc é. Go ceann bliana eile is saighdiúir san arm a bhí ann gur scaoileadh saor é 17 Samhain 1932. Ní i gcónaí a bhí sé ag réiteach le Liam Ó Briain. Ach deir Pádraig Ó Siadhail: ‘B’iad Ó Briain agus Dermody a choinnigh Taibhdhearc na Gaillimhe ar a bonnaí idir 1931 agus 1938’. Léirigh sé timpeall 100 dráma ann. Aistriúcháin a bhformhór ach bhí an caighdeán léirithe an-ard. Le cabhair Walter Macken scríobh sé féin bundráma, Ceart agus cúiteamh, a bhaineann leis an Loingseach úd a chuir a mhac chun báis. Sholáthair sé freisin ábhar do roinnt mhaith clár raidió a craoladh as Gaillimh. Agus é ag scríobh in Irish Times i ndiaidh bhás Mhic Dhiarmada ba chuimhin le Seán Mac Réamoinn an draíocht a bhain le cúrsaí amharclainne i nGaillimh. ‘That was in 1936. . . Was it all as marvellous as I thought and as I still remember? I believe that it was; and nobody who recalls the miracles that Dermody—at his best—could work, will deny that it might have been. Of course, it wasn’t on the night of the play that I saw Frank, but a few days later, when he was pointed out to me by a classmate whose brother was actually in the cast (what glory!). I was shocked to think that such an insignificant-looking little man could have created such wonders’.

Ar chuireadh ó F. R. Higgins chuaigh sé go hAmharclann na Mainistreach um Shamhain 1938, mar aoi-léiritheoir. Ceapadh ina Léiritheoir Drámaí é i mBealtaine 1939. In aiste in Inniu 9 Iúil 1978 dúirt Eibhlín Ní Chathailriabhaigh: ‘Is deacair anois a chur in iúl chomh tábhachtach is bhí sé an uair sin Proinsias a theacht go dtí an Amharclann Náisiúnta—idir 1938 agus 1968. Chuir sé beatha nua inti agus cheangail sé an sean agus an nua inti—rinne sé cairdeas leis na mór-aisteoirí a bhí fós inti agus chuir sé leo ainmneacha aisteoirí óga a thuill clú dóibh féin ina dhiaidh sin, mar atá Siobhán Nic Cionnaith, Ciarán Moore, Brian O’Higgins. . . . Léirigh sé drámaí i mBéarla agus i nGaeilge agus ba é a smaoinigh ar na Geamaireachtaí a thóg croíthe an lucht éisteacha sna daichidí’. I 1945 a bhí an chéad gheamaireacht díobh. In Comhar, Eanáir 1946 dúradh gurbh é a léirigh an chéad gheamaireacht riamh i nGaeilge, Súgradh na mBláth le Micheál ‘Eoghan’ Ó Súilleabháin, i dTaibhdhearc na Gaillimhe i 1937. Bhí aiste aige, ‘Drámaíocht Ghaelach nó, dráma i nGaeilge’ in Éire, bliainiris Gael 1944/45. Ag Oireachtas 1945 bhuaigh sé an chéad duais ar dhráma ilghníomh agus ba é a sheoladh 72 Bóthar Haddington, teach Pheadair Uí Annracháin; is cosúil go bhfuair sé leaba na hoíche ann uair agus go ndearna athbhaile den teach. Scríobh sé script an tóstail ‘An Gnáthphobal’ a cuireadh ar siúl ar fhaiche Choláiste na Tríonóide le linn Oireachtas an Iubhaile Órga i 1947.

Le linn a thréimhse thosaigh sa Mhainistir bhí sé ina léiritheoir ag an gComhar Drámaíochta. Tuairiscíodh an ceapachán in An Glór 17 Eanáir 1942. Dúradh in Comhar, Bealtaine 1942: ‘Tuigtear dúinn go mbeidh drámaí Gaeilge le feiceáil go minic in Amharclann na Mainistreach feasta, má chuirtear i ngníomh scéim nua atá á beartú chun prímh-léirithe an Chomhar Drámaíochta d’fheabhsú. ’Sé tá ar intinn ná go rachaidh beirt de stiúrthóirí na Mainistreach ar bhuan-choiste an Chomhair, is go mbeidh glaoch aige sin as seo amach, ní h-amháin ar a aisteóirí fhéin ach ar aisteóirí agus acmhainn teicniciúil na Mainistreach. Leanfaidh Proinsias Mac Diarmada de bheith i mbun na léirithe, agus is oíche Dhomhnaigh agus oíche Luain a cuirfear ar siúl iad’. Dúirt Proinsias le Ginnie Kennealy in Sunday Press 10 Feabhra 1974: ‘I was in my element in the hard-working days of the Abbey in the early 1940s, when I’d be rehearsing a big production in the morning, a Gaelic production in the afternoon and teaching School of Acting students in the evening’. Timpeall an ama chéanna d’eagraigh sé ranganna Gaeilge do na haisteoirí. Léiriú amháin dá chuid, Mungo’s Mansions le Walter Macken, a tharraing aird Sir Alexander Korda agus Gabriel Pascal air agus tugadh cuireadh dó dul isteach san Irish Film Company i 1947.

Bhí sé ag obair i Sasana ó 1947 go 1956. D’fhoghlaim sé ceird na teilifíse sa BBC ach bhíodh ag léiriú drámaí amharclainne freisin. Ba é a bhí ina stiurthóir ar Reluctant Heroes, dráma le Colin Morris, a léiríodh sa Whitehall Theatre i Londain agus a lean ó 1950 go 1954.

I 1956 d’fhill sé ar an Mainistir mar aoi-léiritheoir nuair a thug Earnán de Blaghd cuireadh dó. Ceapadh ina léiritheoir/bainisteoir é sa Damer i 1957 agus ba é a thug a chéad léiriú do An Giall le Breandán Ó Beacháin. Deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Tionchar réabhlóideach a bhí ag Dermody ar an Damer. Ó 1957 go tús 1961... ba ghnách leis thart ar leathchuid de na drámaí a léiriú in aghaidh an tséasúir. . . . Chuir Dermody snastacht is proifisiúntacht ar thaispeántais an Damer nach raibh ann roimhe sin, is nach raibh le fáil go fóill sna léirithe neamhspleácha. Ina theannta sin, d’fhorbair grúpa aisteoirí thart ar Dermody...’. Thosaigh sé ar aisteoirí a oiliúint agus chuir tús le cúrsaí drámaíochta sé sheachtain sna blianta 1957 agus 1958. Deir Ó Siadhail gur fhreastail slua mór orthu. Is faoina thionchar freisin a tháinig Aisteoirí na Gaeltachta le chéile. Imeacht Mhic Dhiarmada ón Damer a chuir scaipeadh orthu. D’éirigh sé as a phost, is cosúil, nuair nach raibh sé sásta leanúint de choinníollacha áirithe oibre nár chleacht sé ó d’fhág sé an Taibhdhearc. Áirítear a sheal sa Damer mar chuid mhór de ré órga na hamharclainne sin.

I 1963 ainmníodh é ina Stiurthóir Dráma sa Mhainistir mar chomharba ar Ria Mooney. D’athchóirigh sé Scoil Aisteoireachta Amharchlann na Mainistreach agus chuir tús arís le ranganna. Lena léiriú de The Plough and the stars a osclaíodh an amharclann nua i 1966. ‘Ar ais in Éirinn dó, rinne sé saothar fónta sa Mhainistir agus sa Damar, cé nár shroich sé ariamh arís ardréim na 1920idí. Ach chuir sé pobal amharclainne na Gaeilge faoi chomaoin mhóir, idir dhrámadóirí agus aisteóirí agus lucht éisteachta, gan trácht ar na printísigh a ghabh lena cheird féin ina dhiaidh sin’ (Seán Mac Réamoinnop cit ). Chuaigh sé amach ar pinsean i Meán Fómhair 1970. D’éag sé ar 26 Meitheamh 1978.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú