Nuair a d’éag sé scríobh ‘Sceilg’ [Seán Ó Ceallaigh]: ‘The Gaelic League loses in him a great champion of their ideals and the Irish of Argentine their leader’ (An Claidheamh Soluis 5 Feabhra 1910). In Guth na nGaedheal, Márta 1910, áiríonn Máire de Buitléar é i measc dhíograiseoirí na Gaeilge a fuair bás go hóg. I nDoirín an Locha in aice le Biorra a rugadh é. Faoi Dhaonáireamh 1901 bhí a athair agus a mháthair marbh agus ba é a dheartháir Joseph (31), feirmeoir, a bhí ina cheann teaghlaigh. Seo iad na daoine a bhí sa teach in éineacht leis: a uncail Thomas (61); a dheartháir Francis (27). Ní raibh Gaeilge ag aon duine díobh. Bhí Joseph gan a bheith pósta go fóill i 1911 agus in aontíos leis bhí: baintreach William, Annie (42), a rugadh i gContae na hIarmhí, agus a hiníon Aileen (11); Francis arís; a dheirfiúr Mary (33). Cuireadh síos go raibh Gaeilge acu go léir. Ag Doirín an Locha a rugadh Joseph Bulfin ar 21 Deireadh Fómhair 1869. William, feirmeoir, a athair agus ba í Margaret Grogan a mháthair. Rugadh cúpla dóibh ar 12 Feabhra 1874, James agus Francis. Ní raibh teacht ar theastas breithe William. Baisteadh é ar 14 Samhain 1863 i bparóiste na hEaglaise. Colcheathar é leis an nGinearál Edward Stanislaus Bulfin (1862-1939) a throid in arm na Breataine i gCogadh na mBórach agus sa Chéad Chogadh Domhanda.

Fuair sé oideachas i Scoil Bhráithre na Toirbhearta agus san Acadamh Clasaiceach i mBiorra, sa Chairtscoil Ríoga i mBeannchar agus sa Scoil Ghramadaí i nGaillimh. D’imigh sé go dtí an Airgintín tuairim 1885 in éineacht lena dheartháir Peter agus chuaigh ag obair ar eastát a bhí ag imirceach Éireannach sna pampas. Thosaigh sé ag scríobh in The Southern Cross, seachtanán Éireannach. Faoi cheann ceithre bliana bhí sé ina fho-eagarthóir agus go luath ina dhiaidh sin ba é an t-eagarthóir agus an t-úinéir é. Phós sé Annie O’Rourke in 1891. Deirfiúr ba ea í le hAilsa a phósfadh Pádraig Mac Mághnais. D’éag sí 4 Iúil 1945.

Bhí sé sa láthair nuair a bunaíodh Craobh Bhuenos Aires de Chonradh na Gaeilge i mBealtaine 1899. Thuairiscigh An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair go raibh an dara £100 le teacht ón Airgintín agus go raibh duaiseanna Oireachtais á dtairiscint ag The Southern Cross. ‘The editor... has been resident in South America for fifteen years. As an enthusiastic Gaelic Leaguer he devotes considerable space in his paper to articles and reports dealing with the movement. He owes his first introduction to the language to the late John Tierney, the Irish-Canadian scholar of the Andes, of whom Mr Bulfin writes: “When I met John Tierney he was dying at the time, yet he spoke with such fire and passion regarding our Irish heritage that he forced me to think on the matter. Then came Pádraic MacManus, also with fire, who has done more than anyone else to forward the language movement in Argentina, working tirelessly, careless about personal credit, and studiously keeping in the background”. To his acquaintance with these two Gaels and Mr Dinneen [Michael Dinneen ó Chorcaigh a bhí ina eagarthóir/úinéir roimhe in The Southern Cross], Mr Bulfin attributes generously his present strong interest in the old tongue’.

Nuair a tháinig sé abhaile i 1902 le David Suffern (an fear a chuir a ainm ar an gcéad seic ó Bhuenos Aires chuig an Conradh) chuir Coiste GnóChonradh na Gaeilge dinnéar ar siúl in onóir na beirte in Óstán de Barra, Sráid na Danmhairge, Baile Átha Cliath (An Claidheamh Soluis 13 Meán Fómhair 1902). Ní fhéadfadh an Craoibhín bheith ann agus ba é Eoin Mac Néill a bhí sa chathaoir. Bhí ainmneacha móra uile an Chonartha ann agus labhair Pádraig Mac Piarais, Mac Néill, Seosamh Laoide agus Séamus Ó Dubhghaill (‘Beirt Fhear’). Dúirt an Piarsach: ‘Níl in Éirinn páipéar a rinne an oiread ar son na Gaeilge agus a rinne an Southern Cross. Níl páipéar in Éirinn is féidir a chur i gcomórtas leis’ (An Claidheamh Soluis, 13 Meán Fómhair 1902). Dúirt ‘Beirt Fhear’ go raibh seanaithne aige ar dhuine de na cuairteoirí. ‘Bhí aithne agam air nuair a bhí sé ag dul go dtí an scoil nó ag éalú ón scoil...’. Bhí tamall caite ag ‘Beirt Fhear’ i mBeannchar agus bhí deartháir a chéile, Pádraig Ó Conraoi Seoighe, a bhí ag an dinnéar freisin, ag múineadh sa Chairtscoil Ríoga ó 1873 go 1890. Is inspéise gur sa Spáinnis a d’fhreagair Bulfin na sláintí.

Bhí sé tugtha don rothaíocht—bunaíodh Cumann Rothaíochta Bulfin (An Claidheamh Soluis 6 Aibreán 1912) go luath i ndiaidh a bháis. Cheannaigh sé meaisín de dhéantús Pierce agus thug turasanna ar fud na tíre. Foilsíodh cuntais orthu in The Southern Cross, United Irishman agus Sinn Féin . Cuireadh cuid díobh le chéile mar leabhar dar teideal Rambles in Éirinn agus foilsíodh é i 1907. Ba ghairid go raibh stádas clasaicigh aige. D’éirigh sé an-chairdiúil le hArt Ó Gríofa, fear eile a bhí tugtha don rothaíocht. ‘Is ar éigean aon bhliain le deich mbliana ná bíodh sé i gcuideachtain Uí Ghríofa ar an mbóthar go Feis Charman, agus toisc gurbh fhear mór scéal Bulfin, “the Pacha of many tales”, mar a thug Séamus Ó Conghaile air, bhíodh na fáiltí geala ag muintir Loch Garman roimhe, agus ní raghadh sos ar an scéalaíocht sa tigh ósta go dtí a ceathair ar maidin. . . . “D’imigh an ghlóire go léir as cruinnithe Fheis Charman tar éis bháis Bhulfin”, a dúirt Máire Ní Chillín liom’ (Art Ó Gríofa, 1953 le Seán Ó Lúing). Thaithíodh sé An Stad, siopa tobac Chathail Mhic Gharbhaigh. ‘In An Stad lounge sat Senor Bulfin, recounting adventures from the Irish colony in Argentina. . . . Clearing out his pipe, he would tell tale after tale of Buenos Aires and the pampas’ (It all happened: reminiscences of Seamus Fenton [Séamus Ó Fiannachta]), 1948). Scríobh sé Tales of the Pampas.

I nDeireadh Fómhair 1903 bhí de hÍde ag achainí air a thuilleadh airgid a iarraidh ar Éireannaigh Buenos Aires d’fhonn fiacha an Chonartha a ghlanadh (Douglas Hyde: a maker of modern Ireland, 1991 le Janet Egleson agus Gareth W. Dunleavy). D’imigh sé ar ais go dtí an Airgintín i 1904. Rinne ridire d’Ord Naomh Griaire de i ngeall ar a shaothar ar son an phobail Chaitlicigh ó Éirinn. I 1909 chuir sé faoi in Éirinn arís. Bhí alt dar teideal ‘The National University and the Irish abroad’ aige in An Claidheamh Soluis 29 Bealtaine 1909 agus bhí sé ar dhuine de na cainteoirí ag cruinniú ollmhór i dTulach Mhór (idem 3 Iúil 1909). Tuairiscíodh in Sinn Féin 7 Lúnasa 1909 gur bhronn sé peann óir ar Mhicheál Ó hIceadha thar ceann Éireannaigh Bhuenos Aires. ‘Dhíol sé a raibh de mhaoin agus de cheart aige sa Southern Cross agus tháinig go hÉirinn chun cabhrú le Sinn Féin Daily ’, a deir Seán Ó Lúing. Chuir sé a mhac Éamonn go Scoil Éanna. Is in Tournai na Fraince a bhí a iníon Mary ar scoil ag am a bháis. Bhí alt,‘The Cuchulainn pageant at Scoil Éanna’, aige in An Claidheamh Soluis 3 Iúil 1909. Chuaigh sé féin agus Micheál Seosamh Ó Rathghaille chun na Stáit Aontaithe um Shamhain 1909 chun teacht ar dhaoine a dhéanfadh infheistíocht sa pháipéar. Is beag a d’éirigh leo a dhéanamh. D’fhill siad abhaile in Eanáir 1910 agus fuair Bulfin bás den niúmóine i nDoirín an Locha 1 Feabhra. Deir Marcus Burke in The O’Rahilly, 1967 gur chuir an fuacht i Meiriceá isteach go mór air agus gurbh in faoi deara an niúmóine. Tá sé curtha in Eaglais. Sa Leabharlann Náisiúnta atá a chuid litreacha agus péire úrscéal nár foilsíodh riamh.

Bhí tuairiscí a bháis mar aon le cuntas ar a bheatha in Sinn Féin 5 agus 12 Feabhra 1910. Scríobh ‘Conán Maol’ (Pádraig Ó Séaghdha 1855-1928) aiste in The Irish Nation 12 Feabhra 1910. Bhí aiste ag Sceilg in An Claidheamh Soluis 12 Feabhra 1910 agus dúirt sé ann gur chreid Bulfin go láidir sa mheasarthacht ó thaobh ólacháin de. Agus tá an cur síos seo aige: ‘Standing 6’4” in height and of splendid symmetry, he presented a type of Irish manhood worthy to rank with the knights of old’. Dúradh sa pháipéar céanna an tseachtain dár gcionn go raibh beartaithe aige sraith a scríobh ar thurasanna timpeall Uladh.

Toghadh a dheartháir Frank in Olltoghchán 1918. Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh. Bhí sé féin agus Éamonn, mac William, le chéile in Frongoch. Bhí Éamonn i mBráithreachas na Poblachta agus sna hÓglaigh agus bhí in Ardoifig an Phoist um Cháisc 1916. Phós iníon Liam, Catalina (‘Kid’) (1901-1976), Seán MacBride. Tá nóta beathaisnéise ina taobh ag Henry Boylan in A Dictionary of Irish Biography, 2ú heagrán, 1988.

Breis is tríocha bliain i ndiaidh a bháis bunaíodh Craobh Liam Bulfin de Chonradh na Gaeilge. Meastar gurbh as uncail leis, fear a bhí ina ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath in 1871, a ainmníodh Bóthar Bulfin san ardchathair.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú