Níl aon duine is fearr a léirigh ina phearsa an gaol idir Conradh na Gaeilge agus an scarúnachas. Scríobhadh péire beathaisnéis Ghaeilge: Cathal Brugha, 1942 lena chara ‘Sceilg’ (Seán Ó Ceallaigh) agus Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969 lena nia Tomás Ó Dochartaigh.

Ag 13 Ascal Risteamain, Baile Átha Cliath, a rugadh é (Charles William St John Burgess) 18 Iúil 1874. Ba é Thomas Burgess, fear de bhunadh Protastúnach i gCeatharlach, a athair. Cabinéadaire ba ea é tráth ach iompórtálaí saothair ealaíne, agus siopa aige i Sráid Nassau agus brainse i Londain, ba ea é nuair a rugadh Cathal. Bhí sé saibhir agus bhunaigh sé brainse i Melbourne ar ball. Ba í Maryanne Flynn an mháthair. Pairneilíteach ba ea Tomás agus chreid a mhuintir go raibh sé ina bhall de na Fíníní. Deichniúr cailíní agus ceathrar buachaillí a bhí ag an lánúin. D’aistrigh siad go 29 Sráid Fheardorcha Thuaidh nuair a bhí Cathal cúpla bliain d’aois agus d’fhreastail sé ar Scoil Cholmcille, Sráid Doiminic. Theip ar bhrainse Melbourne. Nuair a glanadh na fiacha go léir bhí Tomás fágtha gan ghnó, gan airgead. Bhí sé 62 bliain d’aois ag an am. D’aistrigh an teaghlach go teach a bhí ag an máthair i Sráid Shéarlais Thuaidh. Bhí Cathal ag freastal ar Choláiste Belvedere ag an am agus is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge. Bhí sé ar intinn aige dul le leigheas agus d’éirigh leis sa scrúdú tosaigh sa choláiste i Sráid Cecilia. Ach ní raibh an t-airgead ann chuige agus ghlac sé le post cléireachais i gcomhlacht Sasanach, Hayes & Finch, mórdhíoltóirí earraí eaglasta. D’éag Tomás in 1899 agus is ar Chathal a thit cúram na clainne.

Dhealródh gur i 1901 a chláraigh sé ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge. ‘Ní mór an spéis a chuir sé sa Ghaeilge go dtí gur bunaíodh Craobh an Chéitinnigh’, a deir ‘Sceilg’. Bhuaigh sé bonn airgid i 1904 ar aiste i gcomórtas ‘i gcomhair daoine fásta ná fuil thar trí bliana ag foghlaim Gaeilge’. Chaitheadh sé a chuid saorama i seomraí na craoibhe, ag freastal ar ranganna, ar léachtaí agus ar imeachtaí eile na craoibhe. Ba é a mhol go mbunófaí an scéim ‘Sparán Sgillinge’ chun airgead a sholáthar i gcomhair mhúineadh na Gaeilge. Bhí sé san fhochoiste a d’eagraigh bailiúchán don Chonradh ó theach go teach sa chathair. Amhránaí binn ba ea é agus dornálaí, gleacaí agus snámhaí maith. I mBelvedere bhí sé tugtha do rugbaí ach dhírigh sé anois ar an iománaíocht agus ar an bpeil. Nuair a bhíodh sé i mbun gnó faoin tuath dhéanadh sé freastal ar ranganna áitiúla an Chonartha agus bhíodh ar thóir cainteoirí dúchais d’fhonn snas a chur ar a chuid Gaeilge féin. I bPort Láirge théadh sé gach tráthnóna ar cuairt chuig Mártan Ó Colmáin, fear dall ó cheantar na gCumarach nach raibh Béarla aige agus a raibh cuid mhór dá shaol caite aige mar scuabadóir sráide ag Comhairle na Cathrach; bhí scéalta, dánta, seanfhocail agus paidreacha na gCumarach aige. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902 go bhfuair Cathal onóracha i scrúduithe Chompántas an Phléimionnaigh. Tar éis tamaill bhí sé ina léachtóir ag Craobh an Chéitinnigh agus ag craobhacha eile. Faoin ainm ‘Cathal Buirséis’ toghadh é ina bhall den Choiste Gnó (An Claidheamh Soluis 26 Lúnasa 1905).

I 1908 toghadh ina uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh é mar chomharba ar Phádraig Ó Duinnín. Bhí sé sa phost sin go lá a bháis. Dúirt Tadhg Ó Scanaill faoi: ‘Fear an-chiúin a bhí ann, an-chneasta agus lách le gach éinne. Gach ceist a tháinig os comhair an choiste, bhí sé ag iarraidh an scéal a leigheas. Níorbh fhéidir leis a bheith clamprach ná naimhdeach’. Bhí sé ag iarraidh cuma Ghaelach a chur ar gach gné dá shaol. Scar sé leis an gcomhlacht Sasanach agus bhunaigh sé féin agus beirt deartháireacha, a bhí fostaithe ag an gcomhlacht sin, gnó déanta coinneal Lalor Ltd. ag 14 Cé Urmhumhan Íochtarach. Chuidigh sé le gach iarracht chun déantús na hÉireann a chur chun cinn. Timpeall 1908 chuaigh sé isteach i mBráithreachas na Poblachta. Ba eagraí taistil acu sin é ar ball. Ba é a thug Piaras Béaslaí isteach ann. Ba mhinic duine á earcú aige do Chraobh an Chéitinnigh agus don Bhráithreachas ag an am céanna, dar le ‘Sceilg’. Toisc é a bheith ag taisteal na tíre agus aithne curtha aige ar bhaill Chonradh na Gaeilge i ngach baile bhí sé in ann baill oiriúnacha a aimsiú don Bhráithreachas. Ach i ndiaidh Éirí Amach 1916 ní raibh muinín as an eagraíocht sin aige.

Ba chuimhin le Eoin Mac Néill é ag labhairt go poiblí ag cruinniú ar chúl Theach an Chustaim i gcoinne fháiltiú an Bhardais roimh Edward VII i 1903: ‘Is féidir liom a thabhairt chum mo chuimhne is a fheiscin go soiléir anois... ; é i mbláth na hóige, culaith liath rothaíochta uime agus é ag déanamh ar an gcóiste ard a bhí mar ardán ag an lucht cainnte, ag preabadh in airde mar eiteallódh éan is ag preabadh anuas i dtráth chomh lúfar céanna’ (i gcló ag ‘Sceilg’). Scríobh ‘Torna’ [Tadhg Ó Donnchadha B1] epithalamium nuair a phós sé Caitlín Nic Ghiolla an Rí (Kingston) ó Bhiorra 8 Feabhra 1912. Chuaigh sé chun cónaithe léi i dteach a máthar. Rugadh cúigear cailíní agus mac dóibh.

Toghadh é mar 1ú Leifteanant ar Chomplacht D i gCathlán a 4 de na hÓglaigh i Márta 1914. Chuaigh sé go Binn Éadair agus go Chill Chomhghaill chun na gunnaí a thabhairt i dtír. Bhí sé in Aontas (Teach na mBocht) Bhaile Átha Cliath Theas Seachtain na Cásca 1916, é ina leas-Cheannfort ag Éamonn Ceannt. Gortaíodh é go dona le granáid agus lámhachadh é ach rinne sé cosaint ina aonar ar na hÓglaigh a bhí ag cúlú. Shíl saighdiúirí na Breataine, más fíor, gur scata Óglach a bhí ar an taobh eile den chlaí cosanta.

Nuair a géilleadh tugadh Cathal chuig otharlann an Chaisleáin. Ligeadh saor é tar éis cúpla mí; síleadh nach mbeadh an tsláinte aige feasta. Rinneadh dochar mór dá chois chlé agus bhíodh air bróg speisialta a chaitheamh. D’fhreastail sé ar Ard-Fheis an Chonartha i 1916. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste a d’atheagraigh Óglaigh na hÉireann agus bhí sé ina Ard-Cheannfort orthu i 1917-19. Toghadh ar choiste Shinn Féin é i 1917. I 1918 chuaigh sé féin agus dháréag eile anonn go Londain, é ar intinn acu baill den rialtas a fheallmharú dá gcuirtí an coinscríobh i bhfeidhm in Éirinn. Sheas sé in olltoghchán 1918 i bPort Láirge. ‘Insisted on having Irish speeches delivered at every meeting held on his behalf during 1918 election’, a deir Matthew Butler in Fifty Golden Years. I nGaeilge a bhí an manifesto toghchánaíochta aige. Chuaigh a bhean agus na páistí chun cónaithe sa Rinn i rith bhlianta Chogadh na Saoirse agus tá tagairt dóibh in Beatha Mhichíl Turraoin,maille le sceulta agus seanachas.

Bhí sé ina Cheann Comhairle ag an gcéad chruinniú de Dháil Éireann agus is i nGaeilge ar fad a rinneadh gnó an lae sin. Bhí sé ina Phríomh-Aire sealadach freisin go dtí gur toghadh de Valera. Ba é a mhol go mbunófaí Aireacht na Gaeilge. Bhí sé ina Aire Cosanta 1919-1922. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus bhí ina bhall den gharastún sna Ceithre Chúirt. Ar 5 Iúil 1922, go gairid i ndiaidh don Chogadh Cathartha a thosú, goineadh é tar éis ionsaí ar Óstán Hammam i Sráid Uí Chonaill. D’éag sé ar 7 Iúil in Ospidéal an Mater. Tá sé curtha i nGlas Naíon. Bhí ochtó sagart ag canadh an Benedictus ag béal na huaighe. Scríobh Aindrias Ó Céileachair, Seán Ó Ciarghusa, Micheál Ó Murchú agus Diarmuid Ó Muimhneacháin dánta caointe.

Scríobh Micheál Ó Coileáin: ‘At worst he was a fanatic—though in what has been a noble cause. At best I number him among the very few who have given their all... that this country should have its freedom. When many of us are forgotten, Cathal Brugha will be remembered’ (i gcló in Michael Collins: a biography, 1990 le Tim Pat Coogan). Tá an cur síos a rinne Piaras Béaslaí air i gcló ag Tomás Ó Dochartaigh. ‘Cé gur dhlúthchara liomsa é ar feadh na mblianta agus an bheirt againn ag obair as láimh a chéile... ba mhinic a thug mé faoi deara lúb ar lár ina bhreithiúnas faoi phointe polasaí; le teann ceanndánachta a bhí sé amhlaidh, dar liom. Gan ach cuid bheag de na sonraí a bhí ar fáil a mheas shocraíodh sé a intinn faoi gach rud sa chaoi nach mbeadh ann ach cur amú ama do dhuine ina dhiaidh sin sonraí nua a mheabhrú dó nó pointí a ndearna sé dearmad iad a chur san áireamh a lua leis. Duine a raibh dearcadh den tsórt sin aige ní ionadh ar bith go mbainfeadh sé an bhrí chontráilte as oibriú a intinne féin, go nglacfadh sé le foirmlí mar réasúnacht agus le claontuairimí mar phrionsabail. Ní ionadh ar bith go dtabharfadh a leithéid dínit phaisean morálta d’fhuath pearsanta agus gur díoltas a bheadh á lorg aige faoi chulaith troda ar son an chirt agus na fírinne’.

Bhí sé ina bhall thar ceann Chúige Mumhan den choimisiúin a bunaíodh i 1921 chun scéal na timireachta agus cúrsaí an Chonartha a iniúchadh. Bhí i gceist aige, a luaithe a dhéanfaí socrú cóir leis an mBreatain, gan aon bhaint a bheith aige le polaitíocht feasta ach an Ghaeilge a spreagadh ar fud na tíre.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú