Ba é seo an Súilleabhánach ar ar thit sé an trídhathach a thógáil os cionn Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca 1916: ba é an t-oifigeach ab óige ann é. I gCúil na nGarrán sa Sciobairín a rugadh é ar 28 Eanáir 1891. Jeremiah a baisteadh air. Ba é Micheál Ó Súilleabháin, feirmeoir as Loch Adhain, a athair agus ba í Maighréad Nic Chárthaigh ó Chúil na nGarrán a mháthair. Bhí ar a laghad ceathrar deartháireacha aige.

Fuair sé bunoideachas agus bhí ina mhonatóir i Scoil Náisiúnta an Sciobairín mar a raibh Seán Ó hAodha ina phríomhoide. Ba chainteoir dúchais ó Dhroim Cumhartha i bparóiste na Cathrach eisean agus meas mór aige ar an teanga, dar le Peadar Ó hAnnracháin (Fé bhrat an Chonnartha, 1944). ‘Níor éirigh le puinn acu san a bhí ar scoil aige í a fhoghlaim uaidh’. Ach bhí baint aige leis an gcéad chraobh den Chonradh a bhunaigh Tomás Bán Ó Concheanainn sa Sciobairín i nDeireadh Fómhair 1900. Cuireadh meánscolaíocht ar Ghearóid i Scoil Idirmheánach agus Ollscoile an Sciobairín.

Is cosúil go ndeachaigh sé isteach sa Chonradh go hóg ina shaol. Dar le Philip O’Regan (Southern Star 18 Aibreán 1992) go raibh tionchar mór air ag Peadar Ó hAnnracháin agus ag Séamus Ó Dubhgáin, fear mór le rá sa ghluaiseacht náisiúnta i mbaile an Sciobairín. Ghlac sé páirt i gcomórtas díospóireachta ag Oireachtas 1909. Bhí an dara bliain ealaíon san Ollscoil Ríoga déanta aige agus chuaigh sé isteach an bhliain chéanna sin i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Cháiligh sé i 1911 agus fuair post i gCill Dairbhre, Co. Chorcaí. Ar feadh naoi mí níor tugadh aon phá dó toisc tinreamh na scoile bheith róbheag ach chuir sé an dlí ar an sagart paróiste agus fuair na riaráistí (Réalt an Deiscirt 3 Aibreán 1948). Faoi Cháisc 1912 bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath agus post aige i Scoil Pheadair, Baile Phib. Idir sin agus 1915 bhain sé amach BA, Ard-Dioplóma san Oideachas agus MA.

Cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh agus bhíodh ag múineadh ranganna ann agus bhí ina bhall dá choiste, é ina rúnaí acu i 1916. A chuid oibre i gcomplacht Phiarais Béaslaí, Na hAisteoirí, is mó a tharraing aird air. Ní foláir nó bhí eolas maith aige ar an teanga um an dtaca seo. Bhí sé mar ábhar aige don BA agus b’fhiú le Peadar Ó hAnnracháin é a fhostú mar ollamh i gColáiste Chairbre, Cuan Dor, ó 1915 amach.

Bhí sé sna hÓglaigh ó thosach agus bhí ina oifigeach foirne ag Seán Mac Diarmada. Tar éis an Éirí Amach chaith sé tamaill i ngéibheann i mBeairic Risteamain, i Wandsworth, mar a raibh sé ar dhuine de na múinteoirí Gaeilge, agus i bhFrongoch mar ar chabhraigh sé le Micheál Ó Coileáin chun cimí a earcú i mBráithreachas na Poblachta. Ba é a bhí i gceannas ar stailc sa champa sin i nDeireadh Fómhair 1916.

Scaoileadh saor é 21 Nollaig 1916 agus ba ghairid go bhfuair sé post ollaimh i gColáiste Phádraig, Ceatharlach. Toghadh ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha é i 1917 agus bhí de chúram air cabhrú le Risteárd Mac Coitir chun an scéim nua eagraíochta a chur i bhfeidhm i gcontaetha Cheatharlach, Loch Garman agus Chill Mhantáin. Ba iad an tAthair Ó Cillín agus é féin a bhí ina gcomhrúnaithe ag Coiste Chontae Cheatharlach. Ní raibh aon bhliain ó 1917 go 1927 nach raibh sé ina bhall den Choiste Gnó.

Gearradh ceithre mhí príosúnachta air mar gheall ar óráid a thug sé sa Sciobairín (Fáinne an Lae 27 Iúil 1918) agus gabhadh i gCuan Dor é mar gheall ar dhruileáil agus ar chruinniú mídhleathach (ibid 30 Lúnasa 1919). Bhí sé ina bhall de Fhoireann Cheanncheathrú an Airm i 1920. Faoi Mhárta 1921 bhí an rialtas ag tairiscint £3,500 ar a ghabháil. Is gnách le beathaisnéisithe Mhichíl Uí Choileáin a rá gurbh iad Gearóid, Diarmuid Ó hÉigeartaigh agus Joe O’Reilly na cairde ba dhlúithe dá raibh aige. Gan amhras bhí ról an-tábhachtach aige i gCogadh na Saoirse. Nuair a bhris an Cogadh Cathartha amach ba é Ard-Aidiúnach an Airm é (bhí an teideal sin aige in Arm na Poblachta ó Lúnasa 1920 amach). Toghadh é ina theachta Dála i gCeatharlach-Cill Chainnigh in olltoghchán 1921 and toghadh arís é mar theachta a bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh i Meitheamh 1922. Deir Seán T. Ó Ceallaigh (Seán T. II, 1972): ‘B’ait an scéal é gurbh é Bráithreas na Poblachta faoi cheannas Mhichíl Uí Choileáin, Risteáird Uí Mhaolchatha, Sheáin Uí Mhuirthile agus Ghearóid Uí Shúilleabháin, a chinntigh an tromlach don Chonradh sa Dáil’. Toghadh é ina bhall d’Ardchomhairle an Bhráithreachais 19 Samhain 1921.

Phós sé Maud Kiernan as Gránard sa Longfort ar 19 Deireadh Fómhair 1922. Ba dheirfiúr í leis an Kitty Kiernan a bhí in áirithe le Micheál Ó Coileáin. Bhíothas á bheartú go bpósfaí an dá lánúin an lá céanna. Bhí triúr iníonacha agus mac amháin ag Gearóid agus Maud. Fuair Maud bás i 1940 agus phós sé Mary Brennan ó Bhéal Feirste.

Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Airm i 1924 nuair a tharla an ghéarchéim ar a dtugtar ‘Ceannairc an Airm’ agus tugadh air éirí as a phost. Cháiligh sé mar abhcóide i 1927 agus cheap an rialtas é ina oifigeach dlí (Judge Advocate General). Tar éis feallmharú Chaoimhín Uí Uiginn toghadh é ina TD do Chontae Bhaile Átha Cliath agus bhí an suíochán sin aige gur buadh air in olltoghchán 1937. Ó 1932 bhí sé ag obair mar abhcóide i gcúirteanna an iarthair go dtí 1940 nuair a ceapadh é ina Choimisinéir Cánach. B’ionadh le Peadar Ó hAnnracháin an ceapachán sin (Réalt an Deiscirt 3 Aibreán 1948) agus a mhinice a bhí labhartha ag Gearóid go searbh in aghaidh de Valera. D’éag sé Aoine an Chéasta, 26 Márta 1948 ina theach cónaithe i bPáirc Naomh Caoimhín, Dartraí, Baile Átha Cliath. Nocht Piaras Béaslaí leacht os cionn na huaighe i nGlas Naíon ar 24 Aibreán 1959 agus ar 18 Nollaig 1966 nochtadh plaic le hómós dó ag Halla an Bhaile sa Sciobairín.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú