Ba é an duine deireanach é de na mórscoláirí Francacha a chaith a ndúthracht leis an léann Ceilteach. Bhí dlúthbhaint aige le dhá iris cháiliúla: bhí sé sáite in obair an Revue Celtique ó 1908 gur éag Joseph Loth, an t-eagarthóir, i 1934 agus gur tháinig deireadh leis an iris sin: dhá bhliain ina dhiaidh sin bhunaigh sé féin Études Celtiques. Lean a spéis sa léann Ceilteach ar feadh trí scór bliain.

Leis an léann clasaiceach a thosaigh sé agus thug sé an dá léann le chéile ina chéad mhórshaothar ar an nGaeilge: De hibernicis vocabulis quae a Latina lingua originem duxerunt, 1902. Rinne sé staidéar faoi Arbois de Jubainville, Henri Gaidoz, agus Rudolf Thurneysen. Bhain sé cáil amach mar theangeolaí agus bhí tuiscint aige sa stair, sa seandálaíocht agus sa litríocht. Bhí poist aige i Clermont-Ferrand (1902) agus Caen (1906) sular ceapadh é i 1907 ina ollamh sa Sorbonne agus bhí ina Dhéan sa Faculte des Lettres ó 1937 go 1945 agus ag an am céanna ina ollamh le teangeolaíocht Cheilteach san École des Hautes Etudes. Deirtear go raibh dearcadh an-tírghrách aige le linn fhorghabháil na Gearmáine.

Scríobh sé Grammaire du Vieil-Irlandais, 1908 ach deir Brian Ó Cuív: ‘Bhí an leabhar curtha le chéile le dúthracht aige ach toisc ná raibh a dhóthain eolais aige fós ar an ábhar bhí roinnt mhaith dearúdaithe ann. Bliain ina dhiaidh sin is ea fhoilsigh ThurneysenHandbuch des Alt-Irischen.... Do bhí Vendryes ar an gcéad duine a fháiltigh roimh leabhar Thurneysen agus a thug cothrom molta dhó’ (Feasta, Aibreán 1960).

Bhí a ainm in airde mar theangeolaí. D’oibrigh sé i bpáirt le Antoine Meillet agus le comhaltaí an Societe de Linguistique chun suim san ábhar a mhúscailt agus scríobh sé leabhar (La Langage) ina bhfuil ‘cruinnléiriú ar na nithe is bunúsaí agus is tábhachtaí chun cúrsaí teangan a thuiscint’ (Ó Cuív).

Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht air i 1925 agus tháinig sé go hÉirinn arís i 1946 chun cúpla léacht a thabhairt. Cé go raibh sé ag dul in aois thosaigh sé ar Lexique Etymologique de l’Irlandais Ancien agus bhí imleabhair á bhfoilsiú ag Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath ó 1959 amach. D’éag sé ar 30 Eanáir 1960. Tá liosta a shaothair in Choix d’études linguistiques et Celtiques, 1952. Chuir sé eagar ar Airne Fingein, 1953.

Chaith sé tamall ag foghlaim na teanga labhartha. ‘Tháinig an tOllamh J.Vendryes cúpla samhradh, is dóigh liom, ag triall ar Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Dá mhéid scoláire é, bhíodh sé ana-shéimh, ana-chneasta leis an lucht léinn. Bhí cúigear nó seisear cailíní ina gcairdibh agamsa, agus théimis go léir ag siúlóid i dteannta a chéile tar éis dinnéir. Bhíodh a lán cainte agus a lán grinn ar siúl againn, agus ar nós gach Francaigh eile, bhíodh Vendryes an-ghalánta leis na cailíní’ (Gearóid Ó Nualláin in Beatha dhuine a thoil, 1950).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú