Chum sé cuid de na bailéid Bhéarla is mó a bhfuil eolas orthu ag Éireannaigh. Ag 25 Sráid Phádraig, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 6 Márta 1861. John McCall (16 Lúnasa 1822–18 Eanáir 1902) as Coill na Longfort, Cluain Mhór, Ráth Bhile, Co. Cheatharlach, agus Eliza Mary Newport as Ráth Daingean, Co. Loch Garman, a thuismitheoirí. Rugadh triúr mac dóibh ach níor mhair díobh ach P.J.

Díol spéise ina cháilíocht féin is ea an t-athair. Ó bhí sé 17 mbliana d’aois is ag obair i dtithe tábhairne agus i siopaí grósaera i mBaile Átha Cliath a bhí sé go dtí gur cheannaigh sé an siopa i Sráid Phádraig tuairim 1856. Scríobhadh sé scéalta agus dánta don Dublin Journal, Argus Magazine, Catholic Advocate. Bhí sraith aistí aige ar fhilí na hÉireann in Irish Emerald, 1892–98. Ba chara le James Clarence Mangan é agus ba é ba thúisce a d’fhoilsigh a dhéantús-san. Ba spéis leis stair agus seanchas na hÉireann, an ceol dúchais agus an Ghaeilge féin. Bhí saineolas aige ar na seanalmanaig agus ó 1874 amach bhí sé ina eagarthóir ar Old Moore. Deirtear go raibh an-chur amach aige ar leabhareolas Bhaile Átha Cliath agus go háirithe ar irisí an 19ú haois. Deir Séamas S. de Vál (‘Pádraig Mac Cathmhaoil an fear a chum “Kelly from Killann”: Gaeilgeoir agus fear ildánach’ in Inniu 23 Lúnasa 1974): ‘Ní hionadh go raibh baint ag Seán Mac Cathmhaoil le gluaiseacht na Gaeilge. Ba bhall é de Bhord na gCaomhnóirí sa chathair agus é ina chathaoirleach ar an gcoiste airgeadais. Chinn sé ar rud praiticiúil a dhéanamh ar mhaithe leis an teanga agus thosaigh sé ag síniú seiceanna an choiste i nGaeilge’. Tá cuntas air freisin ag E. McDonald in Carloviana, Uimhir 34 1986–7.

Bhí P.J. ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge agus ansin i Mainistir Naomh Seosamh i gCrois Araild sula ndeachaigh sé chuig Ardscoil na hOllscoile Caitlicí i Sráid Líosain Íochtarach. Thosaigh sé ag cumadh dánta go hóg ina shaol agus is é a deir D.J. O’Donoghue faoi in Poets of Ireland: ‘... one of the best of modern Irish poets’. D’fhoilsíodh The Dublin Journal, The Nation, Shan Van Vocht, The Shamrock, Sinn Féin ... a dhéantús agus ba mhinic ‘Cavellus’, leagan Laidne dá shloinne, mar ainm pinn aige. Cnuasaíodh na dánta in: Irish nóiníns, 1894; Songs of Erin, 1899; Pulse of the Bard: Cuisle na hÉigse, 1904; Irish Fireside Songs, 1911. Is aistriúcháin ar sheanamhráin Ghaeilge cuid de na dánta. Faoi ‘Nelly of Ballintlea’ tá an nóta seo aige in Irish nóiníns: ‘From the Gaelic taken down phonetically by Mr John McCall from an old woman named Costello, a native of Mayo, in the year 1840’.

Chun The Fenian Nights entertainment, being a series of Ossianic legends told at a Wexford fireside, 1897 a chur le chéile chuir sé Béarla Loch Garman Theas ar ábhar as Revue Celtique, Transactions of the Ossianic Society agus as stair Chéitinn. Tá cuid dá dhéantús féin ann freisin. Léiriú go raibh eolas maith aige ar stair na seanchathrach is ea In the shadow of St Patrick’s, 1893 agus ‘In the Shadow of Christ Church’ (Dublin Historical Record 1939–40). San iris chéanna, i 1945, foilsíodh a chuntas ar shráidéigeas Bhaile Átha Cliath, ‘Zozimus’.

Chum sé focail na n-amhrán ‘Follow me up to Carlow’, ‘Kelly the Boy from Killann’, ‘Boolavogue’, ‘The Lowlands low’, ‘Haste to the Wedding’, ‘Redmond O’Hanlon’.... Sheinneadh sé an veidhlín agus roghnaíodh seanfhoinn dá amhráin. Deir Breandán Breathnach in Ceol agus rince na hÉireann, 1989 nárbh é a roghnaigh ‘Maidin Domhnaigh agus mé ag dul go hEochaill’ do ‘Boolavogue’ ach an t-amhránaí Gearóid Crofts. Bhailíodh sé seanbhailéid agus tá 13 imleabhar ag an Leabharlann Náisiúnta dá raibh cnuasaithe aige. Bhí sé ar dhuine de na rúnaithe oinigh ag an bhFeis Ceoil agus i 1914 chuir Arthur Darley agus é féin eagar ar na foinn a bhí bailithe ag coiste na Feise.

Bhí sé ina bhall den Chumann Pan-Cheilteach a bunaíodh 1 Márta 1888 agus chuir aithne ann ar Katherine Tynan, ar Mhicheál Cíosóg agus ar Shéamus McManus. Nuair a bunaíodh an Irish National Literary Society toghadh é ina rúnaí agus Dubhghlas de hÍde ina uachtarán. Bhí seomraí an chumainn sin á n-úsáid ag Conradh na Gaeilge agus glactar leis go raibh P.J. ina bhall den eagraíocht nua ó thosach. Is dó an tagairt atá ag an gCraoibhín in Mise agus an Connradh: ‘Lúnasa 4.... Chaith mé an oíche i rúmaibh Mhic Chathmhaoil i Sráid Phádraig...’. Is é atá scríofa ina chín lae: ‘Chaith mé an oíche i rúmaibh drochbhlasta drochbhalbhacha Mhic Chathmhaoil i Sráid Phádraig...’.

Deir Seán Ó Lúing in Art Ó Gríofa, 1953 go raibh cairde móra ag an nGríofach ‘nár chuir mórán suime sa bpolaitíocht’ agus luann sé P.J.McCall ina measc. Is dóigh nach é an oiread sin suime a bhí aige sa pholaitíocht ach mar sin féin toghadh é ina bhall de Bhardas Bhaile Átha Cliath in 1896 agus arís i 1902, 15 bliana san iomlán. Sa toghchán deiridh sin bhí Séamus Ó Conghaile ar dhuine dá chéilí comhraic. Fuair P.J. 1,425 vóta agus ní bhfuair an Conghaileach ach 341. Deirtear go n-éiríodh leis ábhar an agenda a fhí le chéile mar dhán. Dúirt duine barrúil ina thaobh: ‘He suggests the ideal citizen of the future... when art, beauty and song will have as pronounced a place in the scheme of city life as gas-lamps and newspaper placards and vulgar vans have today.... Nobody seems more essentially a Dublin man.... He is intellectually urban yet his happier songs and stories are in rural settings’. Nuair a bunaíodh Sinn Féin bhí sé ina bhall dá ngasrasan sa Bhardas.

Phós sé Margaret Furlong, deirfiúr le Alice Furlong, 3 Deireadh Fómhair 1900. Ní raibh aon chlann acu. Scríobh Alice cuntas ceanúil air in Irish Monthly, Aibreán-Bealtaine 1923.

D’éirigh sé as an ngrósaeireacht i 1918 agus chuir faoi i gCill Fhionntain. Fuair sé bás ar 6 Márta, a bhreithlá, 1919. Tá sé curtha i nGlas Naíon. I nGaeilge a bhí fógra an bháis sna nuachtáin. Chuir Coiste Cuimhneacháin 1798 plaic ar an teach i Sráid Phádraig i 1954. Théadh sé ar saoire beagnach gach bliain go Ráth Daingean agus 70 bliain i ndiaidh a bháis bhí éigse bhliantúil ar siúl le hómós dó ann.

Tá tagairt in Fáinne an Lae 15 Márta 1919 dá bhás agus deirtear gur scríobh sé drámaí gairide i nGaeilge agus go léireofaí ceann díobh ag Feis Charman. Deir Séamas de Vál: ‘Tamall beag roimh a bhás bhí dráma beag scríofa aige le léiriú am éigin ag Feis Charman. “The High King of Éireann” an teideal a bhí air. Foilsíodh an dráma beag seo agus aistriúchán Gaeilge mar aon leis i gclár na Feise a tionóladh in Inis Córthaidh ar an 8ú agus an 9ú lá de Mheitheamh 1919, trí mhí tar éis a bháis’. Ba ghnách leis dul chuig an Fheis seo in éineacht le Seán T. Ó Ceallaigh, Arthur Darley agus cairde eile leis. Foilsiódh Glory O! Glory O! The life of P. J. McCall, 2011 le Liam Gaul.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú