Bhí sí ar na Protastúnaigh den uasaicme a bhí an-ghníomhach i ngluaiseacht na teanga i gcúige Uladh i dtús an 20ú haois. Ach is é an fáth a dtagraítear go minic di inniu go raibh sí i ngrá, más fíor, le Ruairí Mac Easmainn.

I Londain a rugadh Ada Mary MacNeill. Bhí a hathair, Daniel Alexander MacNeill, ina oifigeach in Arm na hIndia. B’as Everleigh in Wiltshire dá máthair, Anna Maria Sarah Astley. Ba í an t-aon duine amháin clainne ag an lánúin í—deirtear anseo is ansiúd go mba dheartháir léi an tAontachtóir Randal MacNeill nó Lord Cushendun ach níorbh ea.

Bhí labhairt na Gaeilge ag a seanathair i gCois Abhann Doinne, Edmund Alexander MacNeill, agus cáil air mar iománaí, mar dhornálaí, mar fhear seoltóireachta agus mar shaor bád. Daniel a tháinig in oidhreacht air in 1869 ach bhí an-drochmheas air sin sna Gleannta. Giúistís ba ea é agus ghearáin cléir den uile dhath, mar aon le siopadóirí agus feirmeoirí, é uair le Tiarna Seansailéir na hÉireann. Tá cuntais ar na Niallaigh seo ag Randall McDonnell in The Glynns I, 1973 agus ag Malachy McSparran in imleabhar XVI 1988 den iris chéanna.

I nDaonáireamh 1901 dúirt Íde go mba bhailitheoir agus eagarthóir í féin. Tháinig sealúchas an athar chuici i 1902 ach is cosúil go mba bheag a spéis ann. Bhí sí ina rúnaí ar Fheis na nGleann ón uair a bunaíodh é agus bhí fós ina ball coiste i 1930. Faoi 1906 bhí sí ina rúnaí ag Dáil Uladh agus faoi 1913 bhí sí ina cisteoir. Luaitear í mar dhuine den cheathrar ba dúthrachtaí dá raibh ag obair ar son Choláiste Uladh i 1906 agus bhí sí ina rúnaí/cisteoir áitiúil an bhliain dár gcionn. Is uirthi a bhí cúram an tí (Coláiste Uladh: leabhar cuimhne iubhaile leathchéad bliain 1906–1956, in eagar ag Ó Néill agus Ó Dubhthaigh).

Ag cruinniú de Dháil Uladh uair mhol sí go mbunófaí Dáil Uladh na mBan do mhná na cúige ar spéis leo an Ghaeilge agus déantúsaíocht na hÉireann (An Claidheamh Soluis 20 Nollaig 1909). Nuair a fuair Máire de Buitléar bás ba í de a toghadh le bheith i gceannas Chiste na bPáistí, eagraíocht a bunaíodh chun gurbh fhéidir bricfeastaí a sholáthar do pháistí bochta Gharumna agus Leitir Mealláin (Misneach 16 Meitheamh 1920).

Is uaithi a thosaigh Mac Easmainn ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. ‘His early mentor in the Irish language’ a thugann Brian Inglis uirthi in Roger Casement, 1973. Dar leis go seachnaíodh sé Co. Aontroma i 1912 toisc go gcuireadh sí náire air, bhí sí chomh mór sin i ngrá leis. An bhliain sin, ná arís i 1913, ní rachadh sé go Coláiste Uladh toisc go mbeadh sí ann. ‘[She] had long thought of herself as Casement’s intended’, a deir B.L.Reid in The Lives of Roger Casement, 1976. Dhealródh gur Phoblachtach ba ea í. In The Glynns XI 1983 tagraíonn Jack McCann don chur síos a rinneadh uirthi: ‘that fierce republican Ada MacNeill’.

Chuaigh sí i bpáirtíocht le Séamus Ó Searcaigh chun Cú na gCleas agus scéaltaí eile, 1914 agus Ceol na n-éan agus scéaltaí eile, 1919 a thabhairt amach. Chuir sí eagar ar Sgéaltan X Reachrann, 1910 le hAoidhmín Mac Gréagóir. Uiscedhathadóir ba ea í agus bhí taispeántas dá pictiúir ar siúl i mBéal Feirste i 1913.

Bhí cónaí uirthi ag Glendun Lodge, Cois Abhann Doinne, agus d’éag sí 10 Iúil 1959 in aois 98 bliana.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú