Colm de Bhailís agus Réamhrá don Chúirt

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Fleadh ‘gus féasta: amhráin Choilm de Bhailís (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

‘Ní fheadar an bhfuil deichniúr eile sa tír ar láidre a dtionchar ar son na Gaeilge. Níl cur síos ar an spreagadh atá tugtha aige dá chuid scoláirí agus ní le seanmóireacht é’ (‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 21 Samhain 1959).

Múinteoirí ó Chontae an Chláir a bhí ag múineadh scoile i dTír an Fhia, Co. na Gaillimhe, ba ea a thuismitheoirí. Sa phortráid sin in Scéala Éireann deirtear gur san áit sin a rugadh é. Garmna a deirtear in Inniu 20 Márta 1953. Ach níl aon amhras ach gurbh i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, a rugadh é ar 9 Márta 1911. B’as ceantar Shliabh Calláin dá athair Michael McGuane agus b’as ceantar Shráid na Cathrach dá mháthair, Margaret Meade. Bhí beirt deartháireacha aige.

Tar éis bunoideachais i dTír an Fhia fuair Aodh meánscolaíocht i gColáiste Mhuire i nGaillimh sula ndeachaigh sé go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe. I ndiaidh céim a fháil fuair sé post cúntóra i Roinn na Gaeilge. Toghadh é ina reachtaire ar an gCumann Éigse agus Seanchais i 1932/3 agus bhí sé ina eagarthóir ar iris an Choláiste, An tIrisleabhar. Bhí sé ag múineadh i Scoil na mBráithre, Cé Uí Shúilleabháin, Corcaigh, ó Lúnasa go Nollaig 1933 sula bhfuair sé post i gColáiste Éinde i nGaillimh, áit ar chaith sé beagnach 28 mbliana. Fuair sé céim mháistir sa stair i 1939. Bhíodh sé ag múineadh i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste, sa samhradh.

An stair an t-ábhar a mhúineadh sé i gColáiste Éinde. Dúirt duine dá iardhaltaí, Breandán Ó hEithir: ‘Shaibhrigh sé saol agus leathnaigh sé dearcadh na gcéadta a d’oil sé.... Ina phearsa féin léirigh sé na suáilcí agus an daonnacht daonlathach a ba cheart a bheith mar bhunshraith faoi chóras na gcoláistí ullmhúcháin.... B’fhéidir gur chúis iontais dó [an dalta] ó am go ham go gcasfaí Saor Éire agus briseadh Frank Edwards in Eangach a bhí curtha do Garibaldi nó go mbeadh eachtraí Sheán a’ Chóta i gceacht ar an mbriathar saor’ (Connacht Tribune, 14 Aibreán 1980).

Nuair a cuireadh deireadh le córas na gcoláistí ullmhúcháin i 1962 aistríodh é go Coláiste Dhún Chéirí sa Charraig Dhubh, i mBaile Átha Cliath. Scríobh Séamus Ó Néill cuntas ar an gcaidreamh a bhí aige air ansiúd in Inniu 8 Aibreán 1980.

Go luath ina shaol d’éirigh sé an-tugtha don drámaíocht. Bhí sé ina stiúrthóir agus ina aisteoir i dTaibhdhearc na Gaillimhe. D’aistrigh sé tuairim dosaen dráma. Bhuaigh An Stoirm, aistriúchán ar dhráma le Ostrovski, duais i gcomórtas de chuid Amharclann na Mainistreach i 1942 agus léiríodh ann é. Bhunaigh sé a dhráma Cinniún ar Of mice and men le John Steinbeck. Níor foilsíodh de na haistriúcháin ach Deireadh an aistir (Journey’s end le R.C. Sherif), obair a rinne sé agus é fós ina mhac léinn. Le linn dó bheith i gCorcaigh bhunaigh sé féin agus an tAthair Micheál Ó Sé OFM Cap, cumann drámaíochta ann. Bhí sé ina rúnaí tamall ar Fhéile Drámaíochta na hÉireann. Ghlac sé páirteanna i mórán drámaí raidió agus bhí páirt Fheistí aige in Colm, an tsraith le hEoin Ó Súilleabháin. Nuair a chuaigh sé chun cónaithe i mBaile Átha Cliath thugadh sé cabhair in Amharclann Damer.

Scríobh sé Éire 1600-1938, 1939. Chóirigh sé leabhar Frank O’Brien, Filíocht Gaeilge na linne seo, 1968 le haghaidh a fhoilsithe. Deir an t-údar sa réamhrá: ‘Tá obair bhreá déanta aige le féachaint chuige nach mbeadh bacaíl le sonrú ar chaint an té a bhfuil an fharraige mhór idir é agus tíriúlacht na Gaeilge’.

Tá aistí óna pheann le fáil in Ar Aghaidh, An tÉireannach, An tIrisleabhar... agus scríobhadh sé léirmheasanna ar dhrámaí in Scéala Éireann. Bhí sé pósta ar Mháire Healy ó bhaile Chill Mhantáin agus bhí beirt iníonacha agus beirt mhac acu. D’éag sé 10 Aibreán 1980 agus tá sé curtha i nGráinseach an Déin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú