Pearsa thábhachtach é i stair na hÉireann ó 1908 ar aghaidh. Sa Ghreanaigh i bparóiste na Mainistreach Báine, in aice le Baile Feá Aird agus timpeall 19 míle ar an taobh theas de chathair Chorcaí, a rugadh é 10 Eanáir 1878. Timothy Lynch a athair agus Hannah Dunlea a mháthair. Jeremiah Christopher a ainmneacha baiste ach ó 1907 amach níor tugadh air ach Diarmuid. Ní raibh de chlann ag a mháthair ach é agus fuair sí bás nuair a bhí sé an-óg. Aint a thóg é go dtí gur phós an t-athair arís. Bhí ceathrar leasdeartháireacha aige agus leasdeirfiúr amháin. Breac-Ghaeltacht ba ea an Mhainistir Bhán (Trácht Fhionn) nuair a bhí Diarmuid ag fás suas ach ní raibh líofacht Ghaeilge aige riamh, in ainneoin go raibh sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1907 go 1922. Scríobh sé cuntas ar a shaol anuas go 1907 in The IRB and the 1916 Insurrection, 1957 in eagar ag Florence O’Donoghue.

Tar éis bunscolaíochta fostaíodh é mar chléireach sórtála in Ard-Oifig an Phoist i gCorcaigh. Thug cúrsa i gColáiste Skerry go post mar chléireach sóisearach sa státseirbhís é i Londain. Fuair sé cuireadh in 1896 chun oibre i Nua-Eabhrac, i ngnólucht easportála innealra feirme a raibh a uncail ina pháirtí ann. D’éirigh leis bheith ina bhainisteoir cúnta tar éis tamaill. Cheangail sé leis an Philo-Celtic Society in 1897 agus bhí ag freastal ar ranganna Gaeilge. Bhí sé ina rúnaí ag an gcumann faoi dheireadh na bliana sin agus ina uachtarán faoi dheireadh 1902. Nuair a thosaigh feachtas in aghaidh Éireannachais stáitse tuairim 1901 bhí sé gníomhnach ann. Rinne saoránach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá de i ndiaidh cúig bliana.

Bunaíodh Conradh na Gaeilge i stát Nua-Eabhrac i 1902 agus toghadh Diarmuid ina uachtarán. Naoi gcraobh a bhí ann. Is air a thit sé bheith i bhfeighil na searmanas chun slán abhaile a chur le corp Eoghain Uí Ghramhna 13 Meán Fómhair 1903. Agus bhí baint aige leis an gcéad dráma Gaeilge a léiríodh riamh i Meiriceá, más fíor: Ar son Cháit, a chéad ghrá i mBealtaine 1904. Ba é Aindrias Ó Baoill ó Chontae Shligigh a scríobh. Bhí Diarmuid féin i bpáirt Raiftearaí i ndráma an Chraoibhín, An Pósadh, i 1906.

Bhí sé mar mhaíomh aige gurbh eisean a d’iompaigh Daniel F. Cohalan agus páirtí Chlann na nGael ar son na teanga, rud a chabhraigh go mór leis an gCraoibhín le linn a thurais thall i 1905–6. Diarmuid a bhronn an dileagra maisithe air i Halla Carnegie 26 Samhain 1905.

Faoin am seo bhí aithne aige ar leithéidí Devoy, Uí Dhonnabháin agus Tom Clarke. Ach bhí laethanta saoire 1902 agus 1904 caite aige sa bhaile agus ba léir dó féin gurbh í a spéis sa teanga a bhí ag brú air cur faoi in Éirinn. D’fhág sé na Stáit in Iúil 1907 agus ní bhfuair post sa bhaile go Márta 1908. Idir dhá linn bhí sé ag tacú le hiarrthóir Shinn Féin i bhfothoghchán Liatroma Thuaidh. Ní raibh de thuarastal le fáil aige ó chomhlacht Thos. McKenzie i mBaile Átha Cliath ach an t-ochtú cuid dá raibh aige i Nua-Eabhrac. In earrach 1908 freisin thug Seán T. Ó Ceallaigh isteach i gClub Bartholomew Teeling de Bhráithreachas na Poblachta é. Mar theachta ó na Stáit Aontaithe bhí ionad aige ar Choiste Gnó an Chonartha anuas go 1916.

Aistríodh go Corcaigh é 1910 agus faoi 1911 bhí sé ina Lár-Cheann Roinne ag an mBráithreachas i ndeisceart Mumhan agus ina ionadaí san Ard-Chomhairle. An bhliain dár gcionn bhí gnó an Equitable Life Assurance, comhlacht Meiriceánach, ar siúl aige ag 23 Sráid Phádraíg. Tá fógra mór i dtaobh an ghnó seo in An Claidheamh Soluis 16 Márta 1912 agus tugtar le fios gur chun gnó a bhunú in Éirinn a tháinig Diarmuid ó Nua-Eabhrac. Ina leabhar tá tagairt aige d’Ard-Fheis 1913 an Chonartha i nGaillimh ar léir dhá ní shuimiúla uirthi: an teannas idir an dá eite, Sinn Féin agus na Réamonnaigh, mar a mheas sé, agus an méid Gaeilge a bhí aige féin: ‘His [de hÍde] rulings from the chair were distinctly one-sided.... Though I was able to follow the discussions my knowledge of Irish was too slight to enable me to participate in the debates, or appeal from the ruling of the Chair.... So, I had to content myself with the pertinent query: An tusa an Ard-Fheis?’

Nuair a bhí an Conradh á chur go Meiriceá in éineacht le Tomás Ághas chun airgead a bhailiú dúradh faoi in An Claidheamh Soluis 24 Eanáir 1914: ‘Fear gustalach é, gnóthach cruinn i dtaobh figiúirí is tuairiscí, lách le labhairt leis, dian ar lorg an rud a bhíonn uaidh, deaschainteach, binnbhéalach le Gaeil a mhealladh chun oibre, misniúil, agus níl meas maide gan chos aige ar dhaoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle bréige’. Ní rómhaith a d’éirigh leis an turas seo ó thaobh airgid don Chonradh de ach bhí gnó na nÓglach ar siúl freisin ag Diarmuid agus thug sé seic ar £2,000 abhaile chucu ó Chlann na nGael.

Chabhraigh sé le Tom Clarke chun na socraithe don Éirí Amach a eagrú. D’ordaigh Pádraig Mac Piarais dó dul go Ciarraí d’fhonn réamhshocraithe a dhéanamh maidir le lasta gunnaí a thabhairt i dtír. Bhí sé ina chaptaen foirne i ngarastún Ard-Oifig an Phoist i 1916. Bhí príosúnaigh ina chúram ann ar feadh tamaill agus i mBeairic Richmond d’aithin duine díobh é ar a fhiacail óir. Dhaor an chúirt airm chun báis é ‘ach níorbh fhéidir é a bhású toisc páipéir ghéillsine Mheiriceá a bheith aige’ (Fáinne an Lae 21 Nollaig 1918). Tar éis teachtaireacht ón Uachtarán Wilson gearradh deich mbliana géibhinn air. Chaith sé tamaill in Dartmoor agus Lewes. Toghadh ina bhall d’Ard-Chomhairle Shinn Féin é 26 Deireadh Fómhair 1917 agus ina bhall de Choiste Gnó na nÓglach an lá dár gcionn. Bhí sé freisin ina chisteoir ag Bráithreachas na Poblachta an bhliain sin.

Toisc gur measadh gur bhaol don soláthar bia in Éirinn an ganntanas a bhí i Sasana cheap Sinn Féin Diarmuid ina stiúrthóir bia. Ar 21 Feabhra 1918 d’ordaigh sé seilbh a ghlacadh ar mhuca a bhí á n-easportáil go Sasana. Cuireadh i bpríosún Dhún Dealgan é agus ar 20 Bealtaine seirbheáladh ordú díbeartha air. Bhí sé geallta le Mary Quinn ón Droichead Nua agus shíl siad nach ligfí di siúd é a leanúint go Meiriceá mar gheall ar an gcogadh. D’éirigh leo pósadh sa phríosún 24 Aibreán gan fhios do na húdaráis. Díbríodh é an tráthnóna chéanna. Rud fíor-neamhghnách gur phós a leasdeartháir Micheál leasdeirfiúr Mary Quinn, Carmel!

Ceapadh é ina rúnaí ar ‘The Friends of Irish Freedom’ i Meiriceá. Toghadh é in iarthar Chorcaí in olltoghchán 1918 agus d’ainmnigh an Dáil é ina iontaobhaí don iasacht Mheiriceánach. D’éirigh sé as an suíochán Dála in Iúil 1920 toisc gur le Daniel F. Cohalan a bhí sé ag taobhú sna hachrainn le de Valera i Meiriceá: níor theastaigh uaidh go leathnódh an t-easaontas sin chomh fada le hÉirinn. D’fhan sé thall go 1932. Chaith sé an chuid eile dá shaol ag bailiú eolais i dtaobh Bhráithreachas na Poblachta agus Éirí Amach 1916. ‘Beginning at a time when little or nothing had been done to assemble the material for a factual record or to separate the truth from the fables which gather inevitably around the activities of a secret organisation, he pursued it with astonishing industry and acumen’ (Florence O’Donoghue).

D’fhág sé Baile Átha Cliath i 1938 agus bhí ag cur faoi i Mala sula ndeachaigh sé chun cónaithe sa Mhainistir Bhán. Cailleadh ansiúd é 9 Samhain 1950.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú