‘B’iontach a ghrá don Ghaeilge agus b’iontach a dhóchas aisti agus a chreideamh go n-éireodh leis an athbheochan nuair nárbh annamh an drochmhisneach ag titim ar chuid againn. Ba mhór an crann taca don ghluaiseacht é. Bhí sé againn le ‘spáint do dhaoine a deireadh gur dí-intleachtúil an ghluaiseacht í, go ndéanfadh sí Tibet iargúlta d’Éirinn’, a dúirt Liam Ó Briain in Comhar, Meán Fómhair 1960.

I nGráinseach Mhóicléir, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é 13 Deireadh Fómhair 1889. Ba é Muiris de Brún, múinteoir náisiúnta ó Cheapach Choinn, a athair. D’fhoghlaim seisean matamaitic ón scoláire mór Seán Ó Cathasaigh. Ba í Cáit Mhac Gearailt, ar de bhunadh Ghráinseach Mhóicléir a mháthair. Bhí siopa agus feirm bheag acu. Tá cur síos ag Máire Mhac an tSaoi, iníon deirféar Phádraig, ar chúlra na beirte sin i léacht a thug sí ag Éigse Dhún Chaoin 1989 agus a foilsíodh in Anois 22 agus 29 Deireadh Fómhair 1989, faoin teideal ‘Sagart na Cille’. Tá eolas freisin, faoi cheilt fhicseanúil, in The Big Sycamore, 1958 le ‘Joseph Brady’ (ainm pinn a dhearthár, an tAthair Muiris de Brún).

Breac-Ghaeltacht ba ea an dúiche timpeall Ghráinseach Mhóicléir. Conas agus cathain a d’fhoghlaim Pádraig an teanga agus cén fáth? Agus é páirteach i siompóis dar teideal ‘The Teaching of Irish’ in Capuchin Annual 1949 thug sé féin freagraí soiléire ar na ceisteanna sin. ‘I never learned Irish at school. My parents got Father O’Growney’sSimple Lessons in Irish when I was ten or eleven years of age. My mother was not a native speaker; her parents were, but apparently the ban was not complete, for she had retained from childhood a fair amount of words and phrases, and she taught what was in O’Growney’s little book to some of her children, and we worked our way through some of the stories written from the telling of Irish seanchaithe by An Craoibhín Aoibhinn. I went to Rockwell for four years, starting at the age of twelve. There were Irish classes there, but I wasn’t in them: likewise in Clonliffe, where I spent five years, I didn’t learn Irish. Before I went to Paris (in 1910) my sister induced me to go with her to Béal Átha an Ghaorthaidh. I attended there the direct method class of Eibhlín Ní Chróinín and discovered Ceachta cainte gramadaí by Seán Ó Catháin. I cannot overestimate the importance of those two events; they opened my eyes and gave me a clear sky over landscape that was new to me. I continued to go to the Gaeltacht (in various places) subsequently in my summer holidays, and also read a considerable amount of Irish, and tried to write it as well as I could...’.

B’fhéidir go raibh an scéal ábhairín níos casta ná sin. Dúirt a máthair le Máire Mhac an tSaoi gur chuimhin léi a tuismitheoirí ag labhairt Gaeilge nuair nár mhian leo go dtuigfeadh a gclann iad. Agus dúirt a hUncail Dáibhí le Máire gur mhó Gaeilge a thug seisean ón gcliabhán leis ná an chuid eile acu. Bhí mar mhonatóir aigesean an cainteoir dúchais deireanach sa sráidbhaile, Ned Phelan.

Ba é Dáibhí an mac ba shine. Sin é an duine a bheadh ina cheann ar Ord San Dominic, an Cairdinéal Micheál de Brún (1887–31 Márta 1971). Ba é Pádraig an dara mac agus ina dhiaidh sin tháinig Muiris (1892–19 Samhain 1979), Seán (1894–5 Iúil 1919), ar scríobh sé a mharbhna, agus Mairéad Bean Mhac an tSaoi, léachtóir sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, (d’éag 7 Meán Fómhair 1976).

Fuair siad bunscolaíocht den scoth óna dtuismitheoirí: Laidin agus matamaitic ón athair, Fraincis agus Gearmáinis ón mháthair––bhí tamall caite aici i nGiobráltar ina nóibhíseach in Ord Loreto. Cheana féin bhí cuid de scríbhneoirí móra an Bhéarla léite ag Pádraig. I ndiaidh meánscolaíochta i gColáiste Charn an Tobair, mar a raibh Éamonn de Valera ag teagasc matamaitice dó, chuaigh sé go Coláiste na Croise Naofa, Cluain Life , mar ábhar sagairt. Bhí sé ag staidéar ansiúd freisin dá chéim ollscoile ón Ollscoil Ríoga agus arís bhí de Valera ar dhuine dá mhúinteoirí. Ach chaith sé an bhliaín deiridh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sé B.A. i 1909 agus céim mháistir le céad onóracha in eolaíocht na matamaitice an bhliain dár gcionn. Thug scoláireacht taistil é go dtí an Sorbonne, mar a bhfuair sé céim Doctorat-es-Sciences. Bhí Marie Curie ar an bhfoireann agus ba le linn a théarma ann a bhuaigh sí Duais Nobel. Chuaigh sé ansin go hOllscoil Göttingen sa Ghearmáin. Bhí a chúrsa diagachta críochnaithe aige i gColáiste na nÉireannach i bPáras agus oirníodh ina shagart é i 1913. Chuir an chéad Chogadh Domhanda deireadh lena chúrsa staidéir sa Ghearmáin agus toghadh é ina Ollamh le Matamaitic i Maigh Nuad an bhliain sin, post a bhí aige gur toghadh ina uachtarán ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe é in Aibreán 1945.

Scríobh a dheartháir Muiris: ‘He was an ardent student of his country’s history and language....His four years’ absence in foreign lands had strengthened his conviction that Ireland was on the road to a complete loss of nationhood unless she made a heroic effort to smash the chains that bound her in bondage’ (The Big Sycamore). Dar le Máire Mhac an tSaoi agus le Liam Ó Briain gurbh é uafás na hoidhe a rug ar cheannairí 1916, agus go háirithe ar a chara Seán Mac Diarmada — bhí sé in éineacht leis an dá oíche sular cuireadh chun báis é — a thug air sólás agus suaimhneas a lorg i measc mhuintir Chorca Dhuibhne. Roimh 1925 cheannaigh sé talamh agus thóg sé teach i nDún Chaoin ina gcónaíodh sé go ham a bháis.

Bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i lár na 1920idí.

Toghadh é ina bhall de choiste Chumann na scríbhneoirí (Misneach 25 Feabhra 1922). Bhí sé ar dhuine de na 17 file ar roghnaigh Éamon Cuirtéis a ndéantús le cur in Cuisle na hÉigse, 1920. Ceann de na dánta is mó riamh i mbéal an phobail, ‘Valparaiso’, bhí sé i gcló in Fáinne an Lae 3 Lúnasa 1918 faoin teideal ‘An Long’. Bhí sé mór le Oliver St John Gogarty a scríobh an bundán. Dánta eile a chum sé a bhfuil eolas go forleathan orthu is ea ‘Sráideanna naofa Átha Cliath’, a scríobh sé um Shamhain 1923, agus ‘Connor (1881–1944)’, marbhna ar Phádraig Ó Conchúir, cara cléibhe agus duine dá chomhghleacaithe agus dá oidí teanga i nDún Chaoin. Deir Máire Mhac an tSaoi gur ‘tuairisc iomlán ar mhodh oibre agus ar fhoinsí teanga Phádraig de Brún óna láimh féin’ is ea an dán deiridh sin.

Chumadh sé dánta i mBéarla agus b’fhiú le heagarthóirí an Oxford Book of Irish verse, 1958 a aistriúchán ar ‘Coinnleach glas an Fhómhair’ a roghnú. Is é a scríobh cuid de na haistriúcháin fhileata in Amhráin Mhuighe Seola le Eileen Costello, ar foilsíodh an chéad eagrán i 1918. Cuimhnítear go háirithe ar an aistriú a rinne sé ar ‘Anach Cuain’ ann.

Le haistriúcháin ar sheoda litríocht na Laidine, na Gréigise, na Gearmáinise, na Fraincise, agus na hlodáilise a chaith sé a dhúthracht. Dúirt Liam Ó Briain: ‘Tá sé le tabhairt fá deara go dtug an Monsignor de Brún...misiún ar leith dó féin in athbheochan na teangan. B’é misiún é sin an obair a thabhairt chun críche sa deireadh thiar thall ar cheart í a dhéanamh agus a déanfaí sa séú aois déag dá mbeadh an tsaoirse agus an fhaill agus an gustal chuici ag lucht saothraithe na teangan an uair úd; an obair a bhí ar siúl san am i measc náisiún iarthar na hEorpa, ná na hEorpa ar fad dá n-abrainn é: anáil na gclasaicí Gréagach agus Rómhánach a chur á shéideadh ar an litríocht agus ar an ealaíon dúchasach...an obair ar a dtugtar “athbhreith an léinn nó an renaissance”’.

Faoin teideal ‘Ars ribendi’ chuir sé cuntas ar an bhfiontar seo aige i gcló in Humanitas, Márta 1930. D’easaontaigh Dónall Ó Corcora leis in uimhir an Mheithimh. Clochmhíle i stair na nualitríochta an chonspóid sin. Dar le Máire Mhac an tSaoi gur líonmhaire a bhí deisceabail Uí Chorcora i measc phobal léitheoireachta na Gaeilge agus go ndearna an chonspóid dochar do fhiontar litríochta seo an Bhrúnaigh agus do chúis na teanga i gcoitinne (‘Pádraig de Brún agus an Ghaeilge: Saol agus saothar in aisce?’ in Maigh Nuad agus an Ghaeilge. Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta). Is é breithiúnas Williams agus Ní Mhuiríosa (Traidisiún liteartha na nGael, 1979) gur chuidigh na haistriúcháin a rinne sé chun an teanga agus an litríocht araon a shaibhriú ach nach bhfuair siad an t-aitheantas a bhí ag dul dóibh. Tá curtha síos ag Máire Mhac an tSaoi sa léacht úd i nDún Chaoin agus arís i Léachtaí Cholm Cille ar an gcaoi a raibh sé faoi chomaoin ag comharsana áirithe i nDún Chaoin agus é i mbun na n-aistriúchán sin.

Bhí sé ar dhuine de shagairt Shinn Féin ó 1917 amach agus bhí ag cabhrú le hArt Ó Gríofa san fheachtas toghchánaíochta sa Chabhán Thoir d’ainneoin easpag na deoise. Sa Chogadh Cathartha bhí a bhá leis an dream a bhí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Tá an bhá sin le feiceáil sa dán Béarla is aitheanta óna pheann ‘In Memoriam’ (‘Rory and Liam and Dick and Joe’) a foilsíodh mar leathán singil tuairim 1923 agus atá le fáil in éineacht le dánta faoi 1916 faoin teideal ‘In memoriam’ in Capuchin Annual 1942. Tuairim 1960 chlóbhuail muintir Uí Chathail dánta leis faoin teideal 1916. Ba é a scríobh an réamhrá le Collected works: plays, stories and poems of P.H.Pearse, 1917. Tá tuairim láidir ann gurbh eisean an ‘P.B.’ a scríobh Aftermath of Easter Week a d’fhoilsigh an Irish National Aid and Volunteers’ Dependents’ Fund i 1917. Chaith sé tamall gairid i bPríosún Mountjoy i bhFeabhra 1923 toisc é bheith á chur ina leith go raibh cáipéisí ceannairceacha ina sheilbh.

Is toisc gur scoláire matamaitice ar leibhéal idirnásiúnta é agus domhainspéis aige i scoláireacht na Gaeilge agus i gcúrsaí saíochta i gcoitinne a ceapadh é ina chathaoirleach ar Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath nuair a bunaíodh í i 1940. Tá cur síos ar a shaothar foilsithe matamaitice agus eolaíochta sa chuntas a scríobh an tOllamh J.N.Flavin, Coláiste Ollscoile na Gaillimhe, air i leabhrán iubhaile órga ar stair Scoil na Fisice Teoiriciúla den Institiúid Ard-léinn. Deir sé go raibh tús curtha aige sna 1950idí le téacsleabhar i nGaeilge ar gheoiméadracht neamheoiclídeach. Ní raibh ionadh ar aon duine nuair a ceapadh é ina uachtarán ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe. Chuir Criostóir Mac Aonghusa i gcomórtas é leis an bhfear a bhí ann díreach roimhe (Scríobh 5, 1981): ‘Ba mhór an difear idir an Brúnach agus Ó hEidhin…. Fear ríléannta a bhí ann.... Bhí sé i riocht dul chun cainte le gach ollamh agus gach léachtóir i dtaobh a chuid oibre, agus comhairle ar fónamh a thabhairt dó. Ba gheall le hOllscoil é Coláiste Ollscoile na Gaillimhe lena linn...’. Tá toradh a mhachnaimh ar mhúineadh na n-ábhar trí Ghaeilge, ar chúrsaí téarmaíochta, agus ar fhadhbanna a bhí gan réiteach (an innealltóireacht, mar shampla), mar aon lena dhearcadh ar thábhacht na hathbheochana, le fáil in ‘Iolscolaíocht trí Ghaeilge’ (University review, Vol. 1 No. 7, 1955).

Rinne prealáid teaghaise de i 1950. Bhí sé tamall ina Leas-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann. Rinne Chevalier de la Legion d’Honneur de i 1949 agus bhronn Uachtarán na hlodáile ballraíocht d’ord Al merito della republica Italiano air i 1956. Ceapadh ina chathaoirleach/stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon é i gcomharbacht ar Sheán Ó Faoláin. I mBealtaine 1960 tar éis dó éirí as an bpost i nGaillimh bhronn an fhoireann teagaisc air busta a rinne Séamus Ó Murchadha. D’éag sé 5 Meitheamh 1960. Bhí teach tógtha ar cíos aige i Rinn na Mara, Dún Laoghaire, agus é curtha in oiriúint dó ag an ailtire, Michael Scott. Ba é seo an chéad uair ina chónaí é in aon chathair mhór seachas Páras.

Bhí sceits bheathaisnéiseach ag an Irish Times tamall roimh a bhás agus dúradh ann: ‘He is the rarest of phenomena, the scholar-poet, churchman, translator, mathematician, patriot, administrator, all under one strong thatch of grizzled hair. He can sing and recite in half a dozen languages and he can jettison all his learning and talk the night wittily away with never a reference to Heraclitus ... equally good company with politician, poet, patriot, pedant or peasant’. Scríobh ‘Sean Shéamuis’ in Scéala Éireann 8 Meitheamh 1960: ‘Ioldánaí dob ea é agus ileagnaí de phór an renaissance ach ba de ghlún deiridh a chineáil é. Ní oireann a shórt do shaolta nua seo na mionscoláireachta’. Ach os a choinne sin deir Máire Mhac an tSaoi: ‘Ní dóigh liom go raibh aon duine eile sna seascaidí a bhain chomh dlúth san le cultúr comhaimsearach na hEorpa’ (Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993). Dúirt Thomas MacGreevy faoi (Capuchin Annual 1961): ‘Monsignor Pádraig de Brún... has been, in our day, a supreme example of the Churchman of that great tradition [humanism]. Of prodigious natural gifts, he came, through his training as a priest, to develop them all, each and every one, with full consciousness of the relative importance of such development and such application to ultimate spiritual values’.

I gcomhpháirt leis an Athair Pádraig Ó Baoighealláin scríobh sé Beatha Íosa Críost, 1929. Tagraíonn MacGreevy don leabhar sin: ‘A day came when Yeats gladly carried to Monsignor a message from Lady Gregory who, on her deathbed, had asked for him to be told that her greatest comfort during her last days had been the Beatha Íosa Críost...’ Is iad na haistriúcháin a rinne sé: Aintioghoiné, 1926; Oidiopús, 1928; Oidiopús i gColón, 1929; Atáile, 1930 (Racine); Polytheism and Fetishism, 1931 (ó Fhraincis an Oir. M.Briault); Poiléacht, 1932 (Corneille); Scéal Naomh Pádraig do bhuachaillíbh agus do Chailíníbh, 1932 (M.H.Gaffney); Íodhbairt Ifigéine, 1935 (Euripides); Beathaí Phlútairc, 1936; Cúpla laoi as Edda, 1940; Stair na Gréige, 1954 (aistriúchán ar leabhar J.B.Bury); Tús Laidne trí Laidin eaglasta, [c.1957]; Coiméide Dhiaga Dante, Leabhar I: Ifreann, 1963; Miserere, 1971 (eitseálacha le Georges Roualt, agus sraith liricí in eagar, mar aon lena haistriúcháin go Béarla, ag Máire Mhac an tSaoi); An Odaisé, 1990 in eagar ag Ciarán Ó Coigligh. Dar le MacGreevy: ‘Monsignor de Brún’s last public gesture was to organise the very important exhibition of the works of the famous French religious artist, the late Georges Roualt’ agus deir sé faoi na téacsanna Gaeilge: ‘It was a beautiful valediction to his own people’. Tá Ciarán Ó Coigligh faoi láthair ag obair ar eagrán den dá leabhar eile den Coiméide, Paradiso agus Purgatorio, a d’fhág an Dr de Brún ina dhiaidh i gclóscríbhinn. Tá an t-aistriú a rinne sé ar an Iliad fós gan foilsiú. Tionchar marthanach Uí Chorcora faoi deara an fhaillí seo, b’fhéidir.

Comhartha ar a ioldánaí agus ar a leithne a bhí sé gurbh fhéidir leis bheith cairdiúil le daoine a bhí chomh héagsúil le de Valera, Lady Gregory, Roger Chauvire, Fred Hoyle, an Propast McConnell, Gogarty, an Duinníneach, Mac Diarmada, John Betjeman, Yeats, Séamus Ennis, Erwin Schrodinger... agus gurbh iad na cairde ba dhlúithe riamh aige Pádraig Ó Conchúir, Mártan Ó hUallacháin, agus Pádraig ac Síthigh, a chomharsana i nDún Chaoin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú