‘An Conradh inchollaithe. Ba é an Conradh é ina bheatha. Fíoreiseamláir den chaoi a dtáinig síol an Chonartha faoi bhláth í meon agus i gcroí an duine’ (Feasta, Aibreán 1969).

Ba é an dara duine é sa chlann cheathrar mac agus beirt iníonacha a bhí ag Denis Tallon agus Mary Kavanagh. Rugadh é ar 6 Nollaig 1889 ag 153 Sráid na Breataine Móire. Bhí post ag Denis in Freeman’s Journal, deirtear. Clódóir ag an bpáipéar sin, Micheál Mac Aodha ó Chontae na Gaillimhe, fear a mhúineadh rang i Halla na gCeard, Sráid Chéipil, an chéad mhúinteoir Gaeilge a bhí ag Séamus. Ag na Bráithre Críostaí i Sráid Bhrunswick Thuaidh agus i Scoil Uí Chonaill a fuair sé oideachas.

Faoi 1908 bhí sé ag freastal ar cheithre rang éagsúla in Ard-Chraobh an Chonartha agus bhí Sinéad Ní Fhlannagáin ar dhuine de na múinteoirí a bhí aige. Ó 1913 go 1916 bhí sé féin ag teagasc i gCraobh Cholm Cille. Le cúpla bliain roimhe sin bhí cónaí ar an gclann ag 2 Branavilla, Sráid Risteamain Thuaidh. I nDaonáireamh 1911, tugadh an t-eolas seo faoin gclann: Denis, 55 bliana d’aois, foilsitheoir cúnta ag nuachtán, é pósta le 23 bliana: a bhean Mary (52); Christopher (22), pacálaí i ngnó nuachtánaíochta; Séamus (21), cléireach i ngnó nuachtánaíochta; Seosamh (16), dalta scoile; Mary agus Teresa, daltaí scoile. Bhí mac eile, Donncha, nach raibh sa teach an oíche sin. D’éag seisean den eitinn go hóg ina shaol. Bhí sé gníomhach in obair na teanga freisin agus bhí an bheirt chailíní ina mbaill de Chraobh an Chéitinnigh.

Bhí Séamus ina bhall den Chéad Chath, Complacht B de na hÓglaigh agus ghlac sé féin agus a thriúr deartháireacha páirt in Éirí Amach 1916, agus bhí sé féin agus Seosamh ina mbaill de gharastún Ard-Oifig an Phoist. Bhí Seosamh ar dhuine d’iompróirí shínteán Uí Chonghaola. Chaith Séamus téarmaí in Wakefield agus Frongoch. D’éirigh sé cairdiúil le hArt Ó Gríofa timpeall an ama seo agus bhunaigh siad beirt Craobh Chluain Tarbh den Chonradh i 1917, Art ina uachtarán agus Séamus mar rúnaí. Tuairim an ama seo, thosaigh Séamus ag dul chun na Rinne. Chraol sé caint ar shaol an Dr de Hindeberg ar 2RN (i gcló in Fáinne an Lae, Meitheamh 1928). Comhartha é, b’fhéidir, ar an gcaidreamh a bhí aige ar mhuintir na Rinne go raibh sé i láthair thar ceann An Scuab ag cruinniú de mhuintir na bpáipéar Gaeilge in Aibreán 1925 (Fáinne an Lae 25 Aibreán 1925). Chaith sé téarma freisin i gColáiste na Mumhan sna 1920idí. Ba chuimhin le hAindrias Ó Muimhneacháin (Feasta, Aibreán 1969) Séamus agus a dhlúthchara Tomás Page a bheith ag seinm ceoil ag céilithe an Choláiste.

Bhí sé ina rúnaí ag Múinteoirí Gaeilge na hÉireann ó 1928 amach, ina bhall d’ardchomhairle an Fháinne an bhliain chéanna sin, agus ina bhall den Choiste Gnó 1930–67, é ina chisteoir acu ar feadh tréimhse. Ach b’fhéidir gur mó an bhaint a bhí aige le Coiste na bPáistí ná le haon dream eile. Seisear a bhunaigh é i 1932 chun dul i gcomhar leis na ceardchumainn d’fhonn páistí an lucht oibre a chur go dtí an Ghaeltacht. Ba iad an seisear sin: Séamus féin, a bhí mar chisteoir, an rúnaí Micheál Ó Maoláin as Árainn, Cathal Ó Tuathail, Seán Beaumont, Seán Ó hUadhaigh, agus Earnán de Siúnta. Níor éirigh i gceart leis an scéim go dtí 1934 nuair a cuireadh 67 páiste siar go Cois Fharraige ar 23 Iúil. Bhí athair Shéamuis, Denis, ag an gCloch Leathan chun slán a fhágáil leo agus thit sé min marbh ar an ardán.

Ag tagairt d'obair Shéamuis ar son Choiste na bPáistí, dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin: ‘B’aoibhinn leis bheith i measc na bpáistí ... Le páistí an Choiste, iad ag filleadh abhaile ar an traein Ián de ghleo is de theaspach, piscíní is coileáin is coiníní a dtabhairt abhaile acu. A chúraimí is a bhíodh sé faoi na páistí sin’. Deirtear gur chaith sé 30 samhradh i gCois Fharraige ag obair don Choiste. Ba chara leis Sean O’Casey, drámadóir, agus chuireadh seisean síntiús chuig Séamus le haghaidh obair an Choiste.

Bhí sé ina bhall den choiste a d’athbhunaigh an tOireachtas 1939. Bhí sé ina chisteoir ag an bhféile ar feadh ocht mbliana anuas go 1965, agus toghadh ina Uachtarán é ar Oireachtas na bliana sin.

Mar mhúinteoir i gceardscoileanna Bhaile Átha Cliath a thuilleadh sé a bheatha – leithéidí Sráid Bholton, Sráid na Danmhairge, Sráid Pharnail – ag teagasc luathscríbhneoireachta agus clóscríbhneoireachta agus ceoil iontu. Bhíodh sé ag teagasc ag an am céanna go minic i gclochair anseo is ansiúd agus i scoileanna tráchtála. Scríobhadh sé aistí agus scéalta le cur i gcló in Irish Fun, Fáinne an Lae, An Camán. Scríobh sé dráma beag freisin, Scéal na mBó agus léiríodh é i dTaibhdhearc na Gaillimhe.

Bhí baint mhór aige le Fianna Fáil, é ina chathaoirleach ar Chumann Thomáis Uí Chléirigh, é ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann an Phiarsaigh agus Ógra Éireann.

Phós sé Caitlín Ní Annrachtaigh 1939. A chomhoibrí sa Chonradh agus i gCoiste na bPáistí, Cathal Ó Tuathail, a sheas leis. Bhí cónaí orthu ag 36 Ardán Pháirc na nGrás, Baile Átha Cliath. Faoin ainm Caitlín Bean Uí Thallamhain scríobh Caitlín na leabhair seo: Rós Fiáin Lios an Daill, 1967; An Pictiúr ar an mBalla, 1973; Iníon an Tinncéara Rua, 1976; Sinéad: Scéal Shinéad Bean de Valera, 1979.

D’éag Séamus ar 21 Márta 1969. D’éag a bhaintreach Caitlín ar 15 Iúil 2004. Bhí ceathrar deartháireacha aici.

Rugadh Seosamh, deartháir le Séamus, ar 23 Márta 1895 ag 153 Sráid na Breataine Móire. Bhí sé ar scoil i Sráid na Trá agus Scoil Uí Chonaill. Bhí sé ina mhúinteoir i Scoil Uí Chonaill agus san Ómaigh sular thosaigh sé ag teagasc matamaitice trí Ghaeilge i Scoil na mBráithre, Dún Dealgan. Chaith sé 25 bliana ann agus d’fhill ar Scoil Uí Chonaill tuairim 1953. Bhí sé pósta ar Nóra Nic Ionnraic agus d’éag sé ar 25 Lúnasa 1963. Bhí cónaí ar an gclann ag 118 Bóthar Laighean, Ráth Maonais. Scríobh sé Céimseata na Meánscoil I, 1934.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú