Ar 17 Nollaig 1870 a rugadh Micheál Ó Síocháin sa Bhaile Nua, cathair Phort Láirge. Siopadóir (‘merchant’) a athair Cornelius agus ba í Anne Lalor a mháthair. In 1881 d’aistrigh an teaghlach go Dún Garbhán agus is i gColáiste Naomh Aibhistín a bhí sé ar scoil ann. Bhí seanchainteoirí Gaeilge ar an mbaile agus rinne Micheál iarracht ar an teanga a fhoghlaim. ‘Ní rabhdar fonnmhar í a mhúineadh dó’, a deir Muiris Ó Droighneáin (Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ...). Tar éis bliana i gColáiste Naomh Eoin i gcathair Phort Láirge, chuaigh sé isteach i Maigh Nuad in 1890 agus oirníodh ann é in 1895. Sa bhliain chéanna sin bhain sé amach céim MA de chuid na hOllscoile Ríoga. Ní foláir nó is i Maigh Nuad a chuir sé aithne ar Risteard de Hindeberg. Agus is le linn dó bheith ann a bhí Eoghan Ó Gramhna ina ollamh le Gaeilge ann. Ghnóthaigh sé céim MA in Ollscoil Oxford freisin le hardonóracha in 1897, an bhliain ar ceapadh é ina ollamh le léann clasaiceach i Maigh Nuad. Fuair sé dochtúireacht sa diagacht ón Róimh in 1898, agus tar éis staidéir in Griefswald agus Bonn bronnadh dochtúireacht eile air in 1900. D’éirigh sé cairdiúil le de Hindeberg in Griefswald. Chaith sé tamall ag taisteal san Éigipt timpeall an ama sin. Bhí sé ar dhuine de Choimisinéirí an Mheánoideachais ó 1906 go 1922. Ó 1905 go 1922 bhí sé ina Ollamh le Gréigis i Maigh Nuad agus ina Leas-Uachtarán ann ó 1919 go 1922 nuair a ceapadh é ina ardeaspag cúnta ar Sydney agus ina ardeaspag teidealach ar Germia. Tá Germia san Áise Bheag. Shroich sé Sydney Meán Fómhair 1922 agus tugadh paróiste Naomh Benedict i lár na cathrach dó.

Chun cur lena eolas ar an nGaeilge is ea a thóg sé teach ar Cheann Heilbhic sa Rinn ar cíos tuairim 1903. Chaitheadh sé a shaoire ann ag breacadh focal, nathanna cainte, seanchais agus eolais faoi mhuintir an cheantair.

Tá cuntas ag Micheál Ó Domhnaill (Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear Coláiste na Rinne: gearr-stair, 1987) ar an gcaoi a ndeachaigh Pádraig Ó Cadhla i ndáil comhairle leis um Cháisc 1905 chun tús a chur le coláiste Gaeilge sa Rinn. ‘Caint agus gramadach agus foghraíocht Gaedhealuinne na Rinne, a theagasc agus a léirmhíniú, an cúram a bhí ar an Dr Ó Síocháin: thugadh sé ceachtanna ar luibheolas chomh maith’. Níl amhras ach gur chabhraigh a rannpháirtíocht san obair chun go gcuirfeadh easpag na deoise a bheannacht ar an gcoláiste in ainneoin naimhdeas an tsagairt paróiste. Seo é an cur síos a rinne Ó Domhnaill air: ‘... fear bunaithe an Choláiste, fear díolta na bhfiach, fear cosanta na háite anuas trí na blianta agus gheofaí a rá le fírinne murach é nárbh ann don Choláiste inniu’. Scríobh Neans de Paor cuntas moltach air in Comhar, Aibreán 1945, agus ag tagairt do chúrsaí lóistín sa Rinn dúirt: ‘Ba mhian leis go mbeadh caoi ag lucht foghlamtha na Gaeilge cur fúthu i bparóiste na Rinne chun labhairt na teanga a leathnú. Níorbh fhéidir le muintir na háite mórán daoine a thógaint isteach ina dtithe féin agus thug sé cúnamh do chuid acu chun feabhas a chur ar na tithe chun go mbeadh seomraí i gcóir an lucht cuarta. Tar éis tamaill thuig sé gur ghá níos mó ná sin agus chrom sé ar choláiste cónaithe a chur ar fáil’.

An leabhar is iomráití óna pheann, Seana-chaint na nDéise, foilsíodh é in 1906. Ba dhóigh le Pádraig Ó Cadhla nach róshásta a bhí sé le roinnt rudaí ann tar éis dó dul níos doimhne sa Ghaeilge, agus nár cheadaigh sé an dara cur amach a thabhairt dó. Ach ar mholadh Thomáis Uí Rathile ghlac Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath leis agus tháinig an dara heagrán amach 1944. In 1961 foilsíodh Seana-chaint na nDeise II.

Leabhair eile dá dhéantús is ea: Cnó coilleadh craobhaighe (1907); Cnuasacht trágha (1908); Árthach an óir, scéalta ó Phádraig Ó Doghair, An Rinn, 1911. Scéalta a cheap sé féin atá in: Gile na mbláth (1912); Gabha na coille (1915); agus Ladhar den lus-mhór (1919). Tarraingíonn Philip O’Leary (Irish Literary Supplement, Fall 1993) ár n-aird ar ghné de shaothar Uí Shíocháin: ‘... of particular interest, particularly in light of the disagreements mentioned between himself and Peadar Ua Laoghaire, would be some discussion of Michael Sheehan’s attempt to combine originality with authenticity by working with native speakers in the creation of new prose tales. Breathnach and Ní Mhurchú list one of these active collaborations, Árthach an óir, as if it were a collection of stories told by Pádraig Ó Doghair and merely collected by Sheehan’. Is mar seo a mhínigh Ó Síocháin an scéal i mbrollach an leabhair: ‘Pádraig Ó Doghair ón Rinn a thug dom na scéalta seo ... Thugas-sa féin cúnamh dhó ar a gceapadh ach má thugas féin ní hí mo chaintse ach a chaint féin atá iontu. Nuair a cheapamar ar dtúis iad, d’fhágamar gan scríobhadh iad go ceann bliana ionnas ná beadh aon rian de mo chuidse cainte orthu’.

Ba é a scríobh Eachtra na mbróg (1918), dráma grinn cúig mhír arbh é ainm Sheáin Uí Chadhla (1885–1919) a cuireadh leis d’fhonn dallamullóg a chur ar an Athair Peadar Ó Laoghaire. Bhí seisean tar eis díspeagadh a dhéanamh ar Ghaeilge Uí Shíocháin sna paimfléid a chuir Muintir na Leabhar Gaeilge amach d’fhonn a thaispeáint nach raibh a gceart á thabhairt do leabhair an Athar Peadar ag an Roinn Oideachais.

Bhíodh Sheehan’s Apologetics á úsáid mar théacsleabhar creidimh sna meánscoileanna Caitliceacha ar feadh i bhfad. Foilsíodh an chéad chuid in 1918 faoin teideal Apologetics and Christian doctrine agus an dara cuid in 1931. Leabhair eile chreidimh dá chuid is ea: An teagasc Críostaidhe (1927); A child’s book of religion (1934), ar chuir Micheál Ó Cionnfhaolaidh leagan Gaeilge de ar fáil faoin teideal Cúrsaí simplí sa chreideamh (1950). Scríobhadh sé ailt in The Catholic Bulletin, Green and Gold, Studies, Irish Ecclesiastical Record....

Bhí ardmheas ag Osborn Bergin ar an Athair Peadar Ó Laoghaire ach is mar seo a scríobh sé chuig an Síochánach uair: ‘Your admirably edited series has many points of interest for students – in phonetics, in vocabulary, and above all in the prominence given to idiomatic usage which is the very life-blood of the language. Anyone who has read your lecture on Irish composition (“Do scríobhadh na Gaeilge”) in this year’s [1911] Irisleabhar Muighe Nuadhat will be able to appreciate the extent to which you have assimilated the native Irish mode of thought. A feeling for idiom such as you evidently possess could only have been acquired by a long familiarity with good speakers and a minute study of authors who are above suspicion’ (i gcló in Irish Ecclesiastical Record Iml. LXV, Uimhir 5, Bealtaine 1945).

Bhí craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun i bparóiste Naomh Benedict, Sydney, chomh maith le scoil bheag Ghaeilge. Thugadh Micheál Ó Síocháin cúnamh agus tacaíocht dóibh agus, chomh maith leis sin, d’eagraíodh sé cruinnithe Gaeilge ar na féilte móra. Thugadh sé féin nó duine éigin dá shagairt seanmóir, deirtí an paidrín páirteach, agus chanadh na páistí iomainn Ghaeilge. Bhí páipéar dar teideal An Gael – An Dord Féinne á cur amach sna 1920idí. San aon eagrán amháin atá ar marthain (Lúnasa 1929, Iml. VII, Uimhir 5) deirtear go raibh an tArdeaspag ina chathaoirleach ar choiste a bhí ag bailiú airgid chun foclóir Gaeilge, a rinne Michael O’Keeffe as Sráid na Cathrach, a fhoilsiú.

Bhí Comhdháil Idirnáisiúnta Chorp Chríost ar siúl in Sydney 1928 agus is air a thit sé an ‘Roinn Ghaelach’ a eagrú. Thóg sé saoire in Éirinn 1933 agus chaith mórchuid na bliana sin sa Rinn.

Toisc easláinte d’éirigh sé as a phost ardeaspaig 1937 agus d’fhill ar Éirinn. Rinneadh cunta i gcúirt an Phápa de, an chéad uair ar bronnadh an teideal sin ar dhuine nár thuata, deirtear. Chaitheadh sé ceithre mhí sa Rinn gach samhradh. Bhaineadh sé taitneamh as an dúlra agus deirtear go dtéadh madraí na gcomharsan ag spaisteoireacht leis gach lá. D’éag sé i mBaile Átha Cliath 1 Márta 1945 agus tá sé curtha sa Rinn. Pádraig Ó Cadhla a thug an t-aitheasc cois na huaighe.

Tá cuntas fada ag Risteard Breatnach air in Maigh Nuad agus an Ghaeilge. Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Tá cuimhní pearsanta Úna Breatnach i gcló in An Linn Bhuí 1, 1997. Bhí a hathair Michael Parks ina chara scoile aige i nDún Garbhán; bhí labhairt na Gaeilge óna óige ag Parks agus baint aige leis an eachtra a dhírigh aird Uí Shíocháin ar an teanga. Deir sí gurbh é an gnó a bhí ag muintir Uí Shíocháin ‘ag ceannach eallaigh agus uibhe ó mhuintir na tuaithe agus á gcur thar lear’. Deir sí freisin gur thacaigh Ó Síocháin le Micheál Ó hIceadha san fheachtas ar son an Ghaeilge a bheith éigeantach i máithreánach Ollscoil na hÉireann: ‘Dá bhrí sin, nuair a fuair an Dr Risteard Ó Síothcháin, Easpag Phort Láirge, bás bhí trácht ar an Dr Micheál Ó Síothcháin bheith ina easpag ar Phort Láirge, ach ní raibh sagairt Phort Láirge sásta mar bhí a bhformhór san i gcoinne na Gaeilge.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú