Ba é seo an tAnnrachánach a bhí ar dhuine de cheannairí Éirí Amach 1916 a cuireadh chun báis. Is luaithe a bhí baint aige fein, ag an bPiarsach, agus ag Éamonn Ceannt le gluaiseacht na teanga ná ag aon duine eile de na ceannairí sin.

Ag an gCé i Ros Mhic Thriúin a rugadh é 16 Eanáir 1877, dar lena theastas breithe. Bhí gnó rafar coirc ag a athair Risteard. Ba í Mary Williams a mháthair. Seisear mac a rugadh don lánúin ach cailleadh triúr acu go hóg. Bhí triúr iníonacha acu i ndiaidh dóibh aistriú go 21 Sráid na Tulaí, Ceatharlach. Bhí Micheál ar scoil ag na Bráithre Críostaí ansiúd ar dtús, agus ansin in Acadamh Naomh Laisréain, scoil a raibh baint aici le Coláiste Phádraig, Ceatharlach. Bhí sé i gceist, deirtear, go ndéanfadh sé scrúdú le bheith ina oifigeach custaim is máil ach níor theastaigh uaidh aon mhionn dílseachta don choróinn a ghlacadh. Sean-Fhínín ba ea a athair. Gearrthóir coirc ba ea Micheál dar le Daonáireamh 1901. Máistirghearrthóir an t-athair.

Toghadh Micheál ina rúnaí ar Chraobh Cheatharlach de Chonradh na Gaeilge i Márta 1899. Ciarraíoch dar sloinne Caomhánach a bhí mar mhúinteoir ag an gcraobh seo ach ní fios an uaidh ná conas a d’fhoghlaim Micheál Gaeilge. Ba é ionadaí na craoibhe é ag an Mhórchomhdháil i mBaile Átha Cliath 17 Bealtaine 1900.

Bhí sé féin agus a dheartháir Anraí ar príomhbhunaitheoirí Chlub na nOibrithe i gCeatharlach agus bhí an t-ainm sin ar an bhfoirgneamh i nGaeilge agus i mBéarla.

Nuair a d’éag an t-athair d’aistrigh an teaghlach go 67 Sráid Chonnacht, Baile Átha Cliath. Bhí gnó de shórt éigin ar bun acu ansin agus fuair Micheál post mar léitheoir profaí sa Chló-Chumann, an t-eagras arbh é an Conradh a chuir an t-airgead ar fáil dó agus a chuireadh irisí agus leabhair an Chonartha i gcló. Faoi 1905 bhí sé ina rúnaí ag Ard-Chraobh an Chonartha agus ina bhall de Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina chomhrúnaí le Pádraig Mac Giolla Íosa ar choiste Mhórshiúl an Chonartha i Meán Fómhair 1909. Thaithíodh sé Stad na nGaeilgeoirí i Sráid Fheardorcha Thuaidh agus bhí sé féin agus a dheartháir ina mbaill de Chlub Lorcáin Uí Thuathail de Chumann Lúthchleas Gael. I nDaonáireamh 1911 taispeántar go raibh sé dífhostaithe, gur ghníomhaire árachais ba ea a dheartháir Anraí, go raibh deirfiúr leis ina cúntóir i siopa tobacadóra, go raibh deirfiúr eile gan aon phost, agus go raibh Eibhlín ina mac léinn ealaíne. Deirtear ann freisin go raibh eolas ar an nGaeilge ag triúr díobh: Micheál, Anraí agus Eibhlín.

Sular fhág sé Ceatharlach bhí péire úrscéal scríofa aige. Níor foilsíodh A swordsman of the brigade go dtí 1914. D’aistrigh Micheál Ó Gallchobhair é faoin teideal Trodaire claidheamh na hÉireann, 1936. I 1919 a foilsíodh When the Normans came agus ba é Nioclás Tóibín a rinne an t-aistriúchán Do theacht na Normanach, 1955. Foilsíodh Irish heroines i 1917.

Bhí sé ina bhall de Shinn Féin, é ar choiste na Craoibhe Láir. Ba iad é féin agus Uaitéar Mac Cumhaill a bhí ina gcomhrúnaithe ag an gComhairle Náisiúnta i 1906, cumann a cuireadh ar bun an chéad lá chun agóid a dhéanamh in aghaidh chuairt Rí Edward VII. Chuaigh sé isteach i mBráithreachas na Poblachta, agus cheangail sé leis na hÓglaigh i 1913. Ceapadh é ina mháistir ceathrún sa Dara Cathlán Márta 1915. Fuair sé ardú céime mar chúntóir don Rathaileach mí Lúnasa. Bhí soláthar arm mar dhualgas orthu agus dúirt Bulmer Hobson faoina gcuid oibre: ‘Soláthar arm ar feadh 1915 – sásúil go leor. Ba í obair chrua an Rathailigh agus a chúntóra. Micheál Ó hAnnracháin, nach maireann, faoi deara é seo’ (athfhriotal in Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913–1916, 1966 le Pádraig Ó Snodaigh). Le tamall roimh an Éirí Amach bhí sé go lánaimseartha ar fhoireann na gceanncheathrún agus oifig aige ag 2 Sráid Dásoin. Deir Liam Ó Briain i dtaobh na hoifige sin: ‘Is fíor go raibh “siopa oibre” ann ina ndéantaí caoi a chur ar ghunnaí a bheadh as a riocht agus b’fhéidir rudaí eile. Bhíodh síorfhaire ag poilias ón tsráid ar a mbíodh ag dul isteach agus ag teacht amach as’. Bhí gunnaí agus armlón i dtaisce ag Micheál i Sráid Chonnacht. Bhí Anraí sna hÓglaigh freisin agus an triúr deirfiúracha i gCumann na mBan. Ba í Eily a thug na horduithe slógaidh go hInis Córthaidh Déardaoin na Seachtaine Móire 1916.

I monarcha Jacobs a bhí Micheál agus Anraí ag troid. Nuair a bhí sé ag séirseáil le haghaidh soláthair bia thit sé ar staighre cloiche agus bhuail a chloigeann gur fhulaing comhtholgadh, meastar. Ach ní cheadódh sé go bhfaigheadh Tomás Mac Donncha scéal na timpiste ar eagla go gcuirfí in ospidéal é. Bhí sé go dona tinn ar feadh na coda eile den seachtain. Lámhachadh é i gCill Mhaighneann 4 Bealtaine tar éis cúirt airm a chur air. Daoradh Anraí chun báis freisin ach tugadh faoiseamh ón mbreith dó. Theip ar a shláinte i bpríosún agus d’éag tamall i ndiaidh a shaortha.

Bhí an tríú leabhar 'My sword, my fortune' scríofa ag Micheál ach scriosadh an lámhscríbhinn le linn ruathair ar a theach i ndiaidh an Éirí Amach.

Chuir Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] i gcomórtas le James Fintan Lalor é ó thaobh dearcaidh agus iriseoireachta de (Catholic Bulletin, Iúil 1917). Bhí ailt i mBéarla agus i nGaeilge aige in irisí mar Irish Nationality, Irish Volunteer ....

Tá cuntas ag Alice Tracy air in Carloviana Vol. 1 No. 12 Nollaig 1963 agus ag Martin Shannon in Sixteen roads to Golgotha, [g.d.]. Sa chuntas deiridh sin is é 17 Márta 1877 atá tugtha mar lá breithe. D’fhéadfadh sin bheith ceart, ar ndóigh, agus gurb é an teastas breithe atá botúnach.

Bhí an sliocht seo i gcló ag Máire Comerford in Agus, Meitheamh 1984: ‘Gar do gheataí an Phríosúin [Mountjoy] ar an mbealach go dtí an reilig [Glas Naíon] d’oscail máthair agus triúr deirfiúracha le Micheál Ó hAnnracháin, a cuireadh chun báis i 1916, siopa beag ina mbíodh nuachtáin, toitíní is milseáin á ndíol. Thagadh méadú is laghdú ar ghnó an tsiopa de réir chúrsaí inmheánacha an Phríosúin. Ag éirí as a suim phearsanta féin agus as suíomh an tsiopa bhí ar a gcumas go leor eolais faoina raibh ar siúl taobh thiar de na ballaí arda is de na geataí iarainn a bhailiú, ach níos tábhachtaí go mór ná sin, ba thríothu a ghabh an bealach rúnda teachtaireachta chuig na príosúnaigh. Comrádaithe domsa i gCumann na mBan na cailíní ach bhí an saol sa bhaile chomh lán de dhainséar, chomh corraitheach, chomhéilitheach sin ar an oiread sin seirbhíse is íobairte airgid go bhféadfaidís a rá le fírinne nach raibh in imeachtaí Chumann na mBan ach sos is caitheamh aimsire’. Is do na mná sin a thugadh an bleachtaire Éamonn Broy eolas faoi rún sular earcaigh Micheál Ó Coileáin é, dar le Tim Pat Coogan in Michael Collins: a biography, 1990.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú