‘Tá sé curtha i mo leith gur ar an naoú lá fichead d’Eanáir na bliana 1887 a rugadh mé .... Ba mé an tríú mac agus an séú duine den mhuirín a bhí ag Seán Pháraic Michil Éamainn Mhaolra Uí Ghaora agus Máire Ní Shúilleabháin, iníon do Pháraic Ó Súilleabháin a bhí pósta le Máirín Pháraic Aindriú. Is í croitheadh an tsacáin an deirfiúr a rugadh i mo dhiaidhse’. Is leis an eolas sin a bhain sé an ceann de scéal a bheatha, Mise, 1943, agus níl de bhuneolas le cur leis ach gur in Inbhear, Ros Muc, Co. na Gaillimhe, a rugadh é, agus gur mhairnéalach a thaistil an domhan ba ea a athair ach a bhí anois ag tráchtáil ar bhád mór idir Gaillimh agus Conamara. Fínín ba ea é ina óige. ‘Ba é m’athair a bhí i súil intinne an Phiarsaigh i sean-Mhaitias atá in Íosagán aige ...’ (Mise). Bhí 12 acra de thalamh sléibhe aige. D’éag sé i 1919.

Ag Scoil an Ghoirt Mhóir a fuair sé scolaíocht. Béarla amháin a bhí ann. An teagasc Críostaí féin is i mBéarla a mhúintí é, cé gur Ghaeilge amháin a bhí ag na daltaí go léir agus cé gur chainteoir dúchais an máistir scoile. Cuireadh Colm faoi lámh easpaig i mBéarla. Níor thosaigh sé ag foghlaim léamh agus scríobh na Gaeilge go dtí an dá bhliain dheireanacha agus fuair sé ceann de na duaiseanna a thairgeadh Conradh na Gaeilge don dalta is mó a labhraíodh Gaeilge; na daltaí féin a rinne vótáil ar an scéal. Bhí sé ar scoil dhá bhliain ní ba fhaide ná aon duine eile sa rang agus ina dhiaidh sin chaith sé trí bliana ag an scoil oíche ann. Bunaíodh craobh den Chonradh do lucht na scoile oíche agus Colm a ceapadh mar rúnaí. In Aibreán 1903 rinne dáréag díobh scrudú sa scoil chun teastas múinteora Gaeilge a bhaint amach. D’íoc siad leathchoróin an duine chun scrúdaitheoir a thabhairt ó Bhaile Átha Cliath. Ba é an Piarsach é agus ba í an chéad chuairt aige í ar Ros Muc.

Thosaigh Colm ag scríobh tamall beag ina dhiaidh sin agus foilsíodh scéal a scríobh sé óna athair, ‘Scolb Glas Mac Rí in Éirinn’, in An Claidheamh Soluis i 1904. I 1905 d’fhoilsigh an ConradhAn Fíbín, cnuasach scéalta agus seanamhrán. Cúig phunt a fuair sé air. Scilling sa lá ag déanamh bóthair an t-aon phá a bhí saothraithe aige go nuige sin.

Thosaigh sé ar chúrsa i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh 1 Iúil 1907. B’éigean dó dul ann de chois ó Ros Muc. I Samhain na bliana sin fuair sé post múinteora in Iorras. Cheannaigh sé rothar óna shagart paróiste ar £9, cé gur bheag má bhí sé in ann é a stuamú. Daichead punt sa bhliain an tuarastal a bhí aige ón gCoiste Gnó. Chaith sé an tréimhse 1907–16 le múineadh na Gaeilge faoin gConradh. Cuntas maith ar ghnó an mhúinteora taistil is ea Mise. ‘Ní raibh samhail ar bith aige ach an Giúdach Fáin, nach raibh ach i dtosach a thaistil agus gan deireadh lena chuid oibre’. Tar éis do Cholm bheith ag gabháil don chrua-obair sa Chlochán ar feadh tamaill de 1911 b’éigean dó cúig sheachtain a chaitheamh in ospidéal i mBaile Átha Cliath.

Ag Oireachtas 1913 i nGaillimh thug Seán Mac Diarmada mionn Bhráithreachas na Poblachta dó, chomh maith le húdarás chun an ghluaiseacht a bhunú i gConamara. In éineacht le Pádraig Ó Máille, an Dr Cíosóg agus Seoirse Mac Niocaill [deartháir Eibhlín], bhunaigh sé na hÓglaigh i Ros Muc. Bhí sé ar choiste na nÓglach sa Chlochán i 1914. Bhí gach uile shórt trína chéile acu Domhnach Cásca 1916 agus chuaigh sé anseo is ansiúd ar a rothar ag iarraidh eolas a dheimhniú. Ghabh póilíní é i gConga agus é faoi airm ar a bhealach go Baile Átha an Rí. Gearradh cúig bliana déag príosúnachta air. Idir sin agus 1921 bhí sé i bpríosúin Chaisleán an Bharraigh, Bheairic Risteamain, Chill Mhaighneann, Mountjoy, Dartmoor, Lewes, Parkhurst agus Pentonville. Tháinig tinneas súl air i Dartmoor ó bheith ag fúáil málaí. Chuir Laurence Ginnell MP ceist i nDáil na Breataine faoin tinneas sin 5 Meitheamh 1917 ach níor tugadh aon sásamh dó. Nuair a ceapadh Colm mar fhothimire i gContae na Gaillimhe i nDeireadh Fómhair 1917 rinneadh tagairt in An Claidheamh Soluis 3 Samhain dó féin, do Thomás Ághas agus de Valera beith ‘i ngarraí prátaí i bpríosún Lewes i Sasana ag leogaint orthu bheith ag rómhar agus gan pioc ar siúl acu mar chúrsaí cainte ach an Ghaeilge agus obair náisiúntachta na hÉireann’.

Toghadh é ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i 1919 agus toghadh é ina chathaoirleach ar an gComhairle Dúiche in Uachtar Aird i 1920 (Fáinne an Lae 26 Meitheamh 1920). Bhí sé tar éis tamall a chaitheamh i bPríosún na Gaillimhe agus scaoileadh amach é i dtús na Bealtaine an bhliain sin tar éis dó bheith ar stailc ocrais ar feadh seachtaine.

Bhí sé i gceannas ar Bhriogáid Chonamara Thoir, Arm na Poblachta, ó 1919 go 1921, agus go 1923 bhí sé ag troid sa Chogadh Cathartha in aghaidh an tSaorstáit. Bhí sé ina thimire ag an gCéad Dáil ó 1919 amach agus bhailigh sé £3,000 ar son na hIasachta Náisiúnta. Bhí múineadh na Gaeilge ar siúl aige go páirtaimseartha faoi Chomhairle Chontae na Gaillimhe i 1924 ach chaill sé an post nuair nach nglacfadh sé an mhóid dílseachta. Bhí sé ina thimire ag Sinn Féin i 1925 agus tráth éigin ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá. Bhí poist éagsúla aige ansiúd agus bhunaigh sé Scoil Ghaeilge Nua-Eabhrac. D’fhill sé 1932 agus fostaíodh é mar mhúinteoir Gaeilge faoi Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Faoi 1947 bhí sé ina bhall de Chlann na Poblachta. Chuaigh sé amach ar pinsean 1952. Phós sé Áine Ní Chonghaile as Cill Chiaráin in Aibreán 1915 agus bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha acu. D’éag sé 13 Márta 1954.

Scríobhadh sé in An Claidheamh Soluis faoin ainm ‘An Gruagach Bán’ agus is faoin ainm sin a foilsíodh Sidheog na rann: seanamhráin Gaeilge ó Chúige Chonnacht, 1911. I 1937 a tháinig Obair is luadhainn, nó saol sa nGaeltacht amach. Aistriúcháin leis is ea In aimsir Emmet, 1937 (In Emmet’s days, le James Murphy) agus Féin-scríbhinn Fíor-Shreothaidhe, 1938 (Autobiography of a supertramp, le W. H. Davies). Bhí scéalta aige in As na ceithre hairdibh: cnuasach gearrscéal, 1938. Bhí cúpla leabhar eile scríofa aige nó bhí ar intinn aige iad a scríobh: ceann faoin tréimhse a chaith sé sna Stáit Aontaithe agus cuntas ar a eachtraí sa Chogadh Cathartha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú