ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil Ó CADHLA, Labhrás (18891961)

Ba é an t-amhránaí ba mhó lena linn é sna Déise. I Scairt na Draighní i bparóiste Chill Bhriain a rugadh é ar 26 Eanáir 1889. Oibrí coitianta ba ea a athair Richard Kiely agus Johanna Flynn ab ainm dá mháthair. Bhí beirt deartháireacha aige. Le Gaeilge a tógadh é agus fuair sé seanchas agus amhráin in éineacht léi. An mháthair a thug an t-amhrán ‘An Fhaoileann’ dó. Dá gcuireadh sé de ghlanmheabhair é thabharfadh sí péire nua bróg dó um Nollaig. Fuair sé na bróga gan amhras.

Deirtear go raibh na céadta d’amhráin na nDéise aige. Ina measc bhí ‘Sliabh geal gCua na féile’. Bhí sé mór le fear a scríofa Pádraig Ó Miléadha agus deirtear gurbh é Labhrás ba thúisce a chan agus a thug don saol Fodhlach é. Is cosúil freisin gurbh é Labhrás a chuir seanfhoinn a bhí aige féin in oiríúint do dhánta Uí Mhileadha.

D’fhoilsigh an Gúm an caoineadh a scríobh Liam de Noraidh síos uaidh: ‘Caoineadh ó na Déise dá thairiscint ag Labhrás Ó Cadhla do mhuintir na hÉireann i gcuimhne na máthar a thug dó é’. In Feasta, Márta 1961, scríobh Micheál Mac Cárthaigh: ‘Ba ghnách leis cúlscéal an amhráin a insint ar dtús .... Ní raibh an brón riamh i bhfad uaidh féin agus ba mhinic do chonac an deor faoina shúil tar éis dó amhrán a chanadh mar thugadh na hamhráin an tseanmhuintir agus an uaisleacht a bhí ag roinnt leo chun a chuimhne’.

Sheinneadh sé ar an bhfeadóg agus ar an bpíb uileann agus bhí ardmheas ag Séamus Ennis ar a chuid ceoil. I ndiaidh a bháis chraol Radio Éireann clár dar teideal ‘Labhrás binn Ó Cadhla, Déiseach’.

D’fhreastail sé ar chúrsa i gColáiste na Rinne 1907 agus bhain teastas múinteora amach. Múinteoir taistil ba ea é ar feadh tamaill. Bhuaigh sé an dara duais i gcomórtas amhránaíochta Oireachtas 1919 – Conchubhar Ó Luasa, Baile Bhuirne, a bhí sa chéad áit.

Bhí sé ag timireacht faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge agus i rith an chogaidh (1939–45) is ar rothar a thaistealaíodh sé ó rang go rang. Bhí an radharc ag dul in olcas agus bhí diaibéiteas air. Nuair a thit sé den rothar oíche shíl sé go raibh sé thar am aige a phost a chaitheamh suas. Chaith sé tamall ina chónaí i gColáiste na Rinne sula ndeachaigh sé chun cónaithe ina theach féin i gCeapach Choinn. Bhíodh sé ag teagasc i gColáiste Dhéagláin san Aird Mhór ag na cúrsaí samhraidh ann ó 1922 ar aghaidh. Ó 1929 go dtí 1960 bhí sé ag teagasc sna cúrsaí samhraidh i gColáiste na Rinne.

Níor phós sé riamh. Deireadh sé féin, go magúil is dóigh, gur fuathaitheoir ban a bhí ann. D’éag sé 15 Eanáir 1961 san Ospidéal i nDún Garbhán. Tá sé curtha i gCill Bhriain. Scríobh Micheál Mac Cárthaigh cuid dá chuimhní air in Feasta, Márta 1961, agus tá eolas ina thaobh i gcló ag Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne: gearrstair, (1987).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta