I Maigh Nuad, Co. Chill Dara, a rugadh é 5 Feabhra 1866. Cainteoir dúchais Gaeilge ó Chontae Chorcaí ba ea a athair, Cornelius Buckley, siopadóir i Maigh Nuad. Ba í Sarah Jacob a mháthair. Iníon ba ea í siúd le bunaitheoir na Quakers Bána (1843), Joshua Jacob (d’éag 15 Feabhra 1877), fear a áiríonn Peter Somerville-Large i measc na gcarachtar in Irish eccentrics; a selection, 1975. Ba dheartháir le Domhnall an J. J. Buckley a bhí ag feidhmiú tráth mar Stiúrthóir ar an Ard-Mhúsaem. Bhí beirt deartháireacha eile agus deirfiúr amháin aige. Tar éis bunscolaíochta i Maigh Nuad cuireadh go dtí Coláiste Belvedere é agus ansin go dtí an Coláiste Muireach i mBaile Átha Cliath.

Bhí Domhnall ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus de Chumann Lúthchleas Gael i Maigh Nuad. Chuir sé a ainm i nGaeilge ar a chairt. Tharraing sin an dlí anuas air i 1905. Tá cuntas ar an gcás ag Seán Mac Mathúna faoin teideal ‘Dhá chás dlí an Phiarsaigh agus feachtas na gcairteacha’ in Feasta, Samhain 1979. Nuair nár íoc sé an fhíneáil thóg na póilíní earraí ón siopa agus tugadh amach postaer i dtaobh na heachtra sin, dar le tuairisc in An Claidheamh Soluis 16 Nollaig 1905. ‘An effective poster has been staring Maynooth folk in the face during the past week: “AUCTION. ON FRIDAY last the 8th inst. a well-planned and desperate attack was made on the premises of DOMHNALL UA BUACHALLA, Maynooth, by a company of his Majesty’s forces in Ireland, who succeeded in carrying off TWO ROLLS OF CLOTH in satisfaction for NON-PAYMENT OF FINE imposed on the said D. UA BUACHALLA for the crime of having his own name on his cart. It is the intention of His Majesty’s Forces aforesaid to sell said cloth by auction, Monday 11th, in Maynooth. Then, and not till then, shall the Majesty of the Law be vindicated, and the safety of the Empire be assured. ÉIRE GHAEDHEALACH ABÚ!”.’ Cúisíodh Domhnall arís cé gur sa chló rómhánach a bhí an t-ainm scríofa an babhta seo. An uair seo dúirt na breithiúna go raibh na litreacha inléite ach nach raibh an teanga, ag an té nárbh eol dó an Ghaeilge.

Baint eile a bhí ag Domhnall leis an bPiarsach go raibh mac leis i Scoil Éanna an chéad lá.

Cheangail sé le Sinn Féin agus ar ball leis na hÓglaigh. Nuair a chuala sé Luan Cásca 1916 go rabhthas tar éis éirí amach i mBaile Átha Cliath chuaigh sé ar a rothar ann ar dtús chun an scéal a dheimhniú. Ansin bhailigh sé a dhíorma le chéile, scór díobh ar fad, agus chuaigh siad feadh na Canálach Ríoga gur chaith siad oíche i Reilig Ghlas Naíon. Maraíodh beirt díobh ag trasnú Sráid Anraí agus iad ag iarraidh Ardoifig an Phoist a bhaint amach. Is ag Domhnall amháin a bhí raidhfil. Chaill sé é i ndamhach suibhe ar tharla dó léimt isteach ann agus é ar a bhealach trí shiopa chun na hArdoifige. Gabhadh é i ndiaidh an Éirí Amach agus chaith sé tamall i bpríosún. Bhí sé gníomhach in aghaidh an Choinscríofa agus toghadh é i gCill Dara in olltoghchán 1918. Toghadh arís é 1921. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus bhí sé sna Ceithre Cúirteanna nuair a bhris an Cogadh Cathartha amach. Bhí sé i bpríosún Dhún Dealgan go dtí gur ghlac na poblachtaigh seilbh air. Chaill sé a shuíochán sa Dáil i 1923. Bhí tamall caite aige ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Chill Dara agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil. Toghadh arís é sa dá thoghchán i 1927. Chaill sé an suíochán i 1932 agus ceapadh é ina chathaoirleach ar Choimisiún na Gaeltachta.

Nuair a chinn de Valera an bhliain sin ar dheireadh a chur le hoifig an Phríomh-Ghovarnóra bhí gá le duine oiriúnach a chur go sealadach sa phost sin, duine a thuigfeadh cad é an lomdhóthain ba ghá chun na dualgais a chomhlíonadh agus nach rachadh thairis sin. Smaoinigh de Valera ar a chara Domhnall agus ghlac sé mionn an Ghobharnóra 26 Samhain. An Seanascal an t-ainm a thugtaí air. Bhí sé sásta cur faoi i ngnáththeach i mBaile na Manach agus is ar rothar a théadh sé timpeall an cheantair agus go dtí Áras Fhear Ionaid an Rí. Dhiúltaíodh sé dul chuig aon chomóradh nó ócáid shóisialta. Bhí deireadh leis an bpost nuair a leasaíodh Bunreacht an tSaorstáit 11 Nollaig 1936 tar éis do Edward VIII an choróin a thabhairt suas.

Bhí sé ar an duine ba shine dá raibh fágtha de lucht an Éirí Amach nuair a d’éag sé 30 Deireadh Fómhair 1963. Cuireadh sochraid stáit air agus adhlacadh é i Reilig Láithreach Bhriain, Maigh Nuad. Bhí sé pósta ar Shinéad Breathnach agus rugadh seachtar leanaí dóibh. Ba é a sheoladh i mBaile Átha Cliath Lios na Craoibhe, Páirc Stigh Lorcáin, An Charraig Dhubh.

In Scéala Éireann 31 Deireadh Fómhair 1963 dúradh gur thug sé triúr buachaillí ón Rinn uair lena bprintíseacht a dhéanamh ina shiopa agus gur chabhraigh sé leo ina dhiaidh sin chun gnó dá gcuid féin a chur ar bun. Gaeilge amháin a labhraíodh an triúr seo agus leanaí Dhomhnaill le chéile. Oíche Dhaonáireamh 1911 is cinnte go raibh ceathrar printíseach ó Phort Láirge ar chainteoirí Gaeilge iad ag fanacht i dteach Dhomhnaill. Agus cuireadh síos go raibh Gaeilge ag gach duine de chlann Dhomhnaill seachas an leanbhán. Bhí an fógra seo i gcló in An Claidheamh Soluis 15 Meán Fómhair 1906: ‘Wanted a steady young Irish Irelander 14 years, total abstainer, to serve his time to the Hardware, Drapery, Provision business. Is riachtanach dó bheith ina chainteoir dúchais. Cuir litir chuig Domhnall Ua Buachalla, Maigh Nuad’.

Tá aiste le Nioclas Ó Gríobhtháin, ‘Domhnall Ua Buachalla agus Óglaigh na Rinne’, i gcló in An Linn Bhuí 5, 2001. Tá eolas breise ann ar a athair agus deir an t-údar go dtugadh seisean a theaghlach chun na Rinne in ochtóidí an 19ú haois agus ar ball go dtugadh Domhnall a theaghlachsan ann. Is buachaillí ón Rinn a thugadh Ó Buachalla go dtí Maigh Nuad mar phrintísigh ina shiopa agus tá cuntas orthu sin ag Ó Gríobhtháin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú