‘An fear ba bhinne Gaeilge dár chuala mé riamh’, a dúirt an Craoibhín in Mise agus an Connradh i dtaobh an chlódóra seo a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge.

Feirmeoir i bhFaill na Muc (dar le Inniu, 13 Meán Fómhair 1957) i gceantar Bhéal an Dá Chab, Co. Chorcaí, a athair Cornelius. Cainteoir dúchais Gaeilge é. Le Gaeilge a tógadh Pádraig, is cosúil: tá tagairt aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1891, do amhrán a thug sé leis óna athair.

Ar nós go leor daoine san am, b’fhéidir, ní raibh bliain a bhreithe ar eolas aige féin ná ag a bhanchéile. 62 bliana a aois dar lena theastas báis (is é sin le rá gur in 1851 a rugadh é), 53 a chuir sé féin síos i nDaonáireamh 1901 (1848) agus 67 i nDaonáireamh 1911 (1844). I 1908 a cuireadh tús le pinsean na seanaoise agus b’fhéidir gur ag súil leis an gcabhair sin a theacht faoi 1914 a bhí an fear bocht.

Dar le Brian Mac Giolla Phádraig san aiste ar bhunaitheoirí an Chonartha in Feasta, Márta 1956, go mbíodh Pádraig ag cabhrú le Diarmuid Seosamh Mac Suibhne [faoi MAC SUIBHNE, Pádraig] chun rang Gaeilge in Institiúid na Meicneoirí, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath, a stiúradh uair éigin i ndiaidh 1865.

Casadh ar an gCraoibhín é den chéad uair ag an gceant a cuireadh ar leabhair Sheáin Uí Dhálaigh Lúnasa 1878. Dúirt seisean go raibh tamall de bhlianta caite ag an mBrianach sna Stáit Aontaithe agus gur fhoghlaim sé ceird an chlódóra, agus líofacht Ghearmáinise in éineacht leis, agus é ag obair do chomhlacht Gearmáineach ann. Phós sé Mary Masterson, cailin aimsire ó Chontae na Mí, 4 Meitheamh 1884. Cló-eagraí (‘compositor’) an cheird atá luaite sa teastas pósta. Bhí cónaí orthu beirt ag 5 Sráid Mercer Íochtarach, ag an am.

In Irisleabhar na Gaedhilge, Uimhir 27 1887, tágraítear dá bhallraíocht de chomhairle Aontacht na Gaeilge agus deirtear gurbh é a chuidigh le rún Sheáin Pléimeann go gcuirfí siar an cruinniú den chomhairle le hómós don Athair Uilleog de Búrca a bhí tar éis bás a fháil. Bhí rudaí i gcló aige san iris ón am sin amach agus thabharfá leat go raibh sé ag feidhmiú mar fhear eagair nuair a d’éirigh Seán Pléimeann tinn Feabhra 1891.

Tuairim 1892 a chuir sé faoi ag 46 Sráid Chufa. Tá a ainm in eolaire Thom don bhliain 1893. Mar is léir ó Dhaonáireamh 1901, tionóntán nó sórt sluma, b’fhéidir, a bhí sa teach sin, cúig dhuine is tríocha ina gcónaí ann: sábhadóir, searbhóntaithe, bean fúála, diallaiteoir, fir ceirde ag déantóir cóistí, sclábhaí, cúntóirí siopa, múnlóir iarainn, stánaitheoir ... agus a gcuid páistí. Bhí siopa grósaera á reáchtáil ag bean an Bhrianaigh (‘Provision dealer’ an cur síos atá uirthi i nDaonáireamh 1901). Seo é an cur síos atá ag Eoin Mac Néill ar an áit (i gcló in Eoin Mac Néill, scholar and man of action, 1867–1945, 1980 le Michael Tierney) agus é ag trácht ar chruinniú tionscnaimh Chonradh na Gaeilge: ‘Another printer who was present at this first meeting was Patrick O’Brien, a native Irish speaker who worked as a compositor in The Irish Times and had his own printing press at the back of a little shop in Cuffe St. In the front of the shop there were cabbages and potatoes and carrots and I don’t know what else’.

Ag an seoladh i Sráid Chufa a d’fhoilsigh sé Siamsa an Gheimhridh nó cois teallaigh in IargConnachtaibh, le Domhnall Ó Fothartha, in 1892. I nóta faoin leabhar in Irisleabhar na Gaedhilge, Nollaig 1892 deirtear: ‘... printed by a man who has had the courage and confidence to invest his savings in a fount of Irish type’. An bhliain dár gcionn fógraíodh go raibh gnó díolta leabhar ar bun aige i Sráid Chufa ach is dóigh gur ghnó tríd an bpost é.

B’fhéidir a rá gur foilsitheoir, scríbhneoir, clódóir agus díoltóir leabhar a bhí ann. Chuir sé le chéile bailiúchán de sheanscéalta dar teideal Bláith-fhleasg de mhilseáinibh na Gaedhilge: a garland of Irish selections agus d’fhoilsigh é in 1893. Dhá bhliain ina dhiaidh sin roghnaíodh a eagrán de Bruighean Eochaidh Bhig Dheirg mar théacsleabhar do mheánscoileanna. Ba é a chuir Sgéuluidheacht Chúige Mumhan le Pádraig Ó Laoghaire i gcló agus in 1898 tháinig a eagrán de Eochair-Sgiath an Aifrinn an Chéitinnigh amach. Dúirt léirmheastóir ina thaobh: ‘The thorough consistency aimed at by Dr Atkinson in Trinity College is not arrived at in those pages’.

I measc na leabhar eile a chuir sé amach tá The Dentist / An Fiaclóir: a little dramatic piece delivered to the boys of the Gaelic League, Blackrock by John Cannon and Michael Rogers, 1898, ceann de na chéad drámaí i nGaeilge dár foilsíodh; Cnuasacht Chomhagail, 1901 in eagar aige féin; Cúirt an Mheadhon Oidhche, 1908; Sgéalta gearra an Iarthair, 1910 le Micheál Ó Tiománaí agus Domhnall Ó Fothartha; Eachtra Mhacaoimh an Iolair Mhic Ríogh na Sorcha, 1912. Ba é freisin a chlóbhuaileadh an iris An t-Európach. Dúradh in An Claidheamh Soluis 29 Samhain 1913: ‘Pádraig Ó Briain was about the only publisher in the city who undertook to publish books in Irish at his own expense. He worked largely for love of the language and of his people’.

Ó 1901 amach bhíodh sé ag teagasc na teanga i scoil náisiúnta Chlochar Loreto i Lána Líosáin, Baile Átha Cliath.

Bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha aige: Séamus a chuaigh leis an gclódóireacht, Margaret a bhí ina monatóir scoile i 1901, Mary J., Nelly Ellen, Cornelius agus Christine. Timpeall 1912 a d’aistrigh an teaghlach go 27 Sráid Lombard Thiar. Dúirt an Duinníneach in The Leader 29 Samhain 1913 go raibh an chlódóireacht caite suas aige bliain nó dhó roimhe sin agus an cló gaelach díolta aige le muintir Bhranagáin i Sráid na Parlaiminte. Dúirt sé freisin gur bhain timpiste don Bhrianach tuairim an ama chéanna. ‘Bhí an Ghaeilge go breá milis réidh ar bharr a theangan aige’. Dar leis gur mhinic ag cruinnithe Chraobh an Chéitinnigh é agus nach dtéadh sé abhaile riamh gan óráid bhreá bhlasta a thabhairt uaidh.

Fuair sé bás 17 Samhain 1913.

Phós a iníon Mairéad Micheál Ó Loingsigh ó Bhaile Bhuirne in Eaglais Mhuire na mBrón, Carn na gCloch, Baile Átha Cliath, 31 Iúil 1917. Bhí seisean díreach tar éis teacht amach as Frongoch agus a phost státseirbhíse caillte aige agus é anois ina rúnaí ag Coiste Ceantair Bhaile Átha Cliath. Tá tuairisc ar bhás Mhairéid in Fáinne an Lae, 24 Lúnasa 1918.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú