Dúirt Kuno Meyer nárbh fhiú aon ní a rá faoi cheist ar bith a raibh trácht déanta uirthi ag Strachan. Tá ainmneacha na beirte snaidhmthe ina chéile de bharr Scoil Ard-Léinn na Gaeilge. Dúirt an scoláire mór Pokorny ina leabhar ar stair na hÉireann in 1933: ‘The School of Irish Learning in Dublin finally laid the foundation for a succesful study of the Irish past in Ireland, under his [Meyer’s] direction and that of Strachan’.

In Brae in aice le baile Keith in Banffshire a rugadh John Strachan ar 31 Eanáir 1862. Feirmeoir ba ea a athair James agus Ann Kerry a bhí ar a mháthair. I ndiaidh bheith i Scoil Ghramadaí Keith chuaigh sé go hOllscoil Obar Dheathain in 1877. Ar na teangacha clasaiceacha agus ar an bhfealsúnacht is mó a bhí a aird ar dtús agus bhain sé amach céim sna clasaicigh le honóracha den chéad scoth in 1881. Bhuaigh sé scoláireachtaí in Cambridge agus chaith an bhliain 1883 in Ollscoil Jena. Is ansiúd a tháinig sé faoi thionchar Thurneysen agus a músclaíodh a spéis sa léann Ceilteach agus a fuair sé oiliúint sa teangeolaíocht agus sa tSanscrait. Ceapadh ina ollamh le Gréigis é in Ollscoil Mhanchain in 1885 agus ó 1889 ar aghaidh bhí sé ina ollamh le teangeolaíocht chomparáideach chomh maith. Cé go raibh obair na Gréigise ar siúl aige agus a aird ar Herodotus go háirithe agus ar ghramadach na teanga, de réir a chéile bhí a iúl go léir á chur aige sa léann Ceilteach. Is dó a tugadh an léachtóireacht nuabhunaithe sna teangacha Ceilteacha. In ainneoin gur phost é nach raibh aon phá ag dul leis d’éirigh le Strachan scoil a bhunú arbh fhéidir a rá fúithi gurbh í an chéad scoil Cheilteach sa Bhreatain agus in Éirinn í a raibh an modh eolaíoch faoi réim inti. I measc na scoláirí óga ó Éirinn a rinne staidéar ann bhí Tomás Ó Máille.

I gcomhar le Whitley Stokes thug sé an Thesaurus Palaeohibernicus amach in 1901–03, gluaiseanna agus scholia as lámhscríbhinní ar fud na hEorpa, mar aon le dréachtaí próis agus filíochta, ainmneacha dílse agus inscríbhinní. D’fhoilsigh Institiúid an Ard-Léinn athchló in 1975. Deirtear gur foinse é nach bhfuil déanamh a ghnó gan é ag mac léinn na Sean-Ghaeilge. Bhí sé ar intinn ag Strachan foclóir a bhunú ar an thesaurus sin.

Ach b’fhéidir gurbh é bunú Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 1903, i bpáirtíocht le Kuno Meyer, an fiontar léinn is mó a raibh tábhacht leis. Bhí Strachan ar dhuine de na gobharnóirí. Tá stair na scoile sin inste ag Seán Ó Lúing in Scríobh 5 agus Scríobh 6 agus in Kuno Meyer 1859–1919: a biography (1991). An chéad samhradh sin d’fhreastail mic léinn as gach cearn d’Éirinn, ar Ghaeilgeoirí an chuid ba mhó díobh, ar léachtanna Sean-Ghaeilge Strachan. Ina measc bhí Pádraig Mac Piarais.

B’é Strachan a roghnaigh Ériu (1904-) mar theideal ar iris léannta na scoile.

Bhí spéis mhór aige gan amhras sa Bhreatnais agus in 1907 thug sé cuairt ar Penarth chun obair a dhéanamh ar lámhscríbhinní. Tholg sé niúmóine ann agus fuair bás 25 Meán Fómhair ina theach féin, Thorndale, Hilton Park, Prestwich. Bhí tuairim ag daoine gurbh é a thaise a bhí a sheomra san óstán in Penarth ba chúis leis an niúmóine agus bhí Meyer chomh suaite sin go raibh sé ag bagairt dlí a chur ar an úinéir.

Is dóigh gurbh é an Piarsach a scríobh tuairisc a bháis in An Claidheamh Soluis 5 Deireadh Fómhair 1907. ‘Is truamhéalach an scéal é an rí-fhear agus an rí-scoláire, an Strachánach, a bheith ar lár. Ba mhór é a shaothar ar son athardha Gael. Ní tháinig lenár linn éinne is dílse agus is dícheallaí a d’oibrigh chun seanteanga na hÉireann a bhuanú, chun seanléann na hÉireann a nochtadh don tsaol, ná chun seanchlú na hÉireann a chosaint agus a leathadh ar fud na Críostaíochta’. Agus arís: ‘Calamitous as is the loss to Irish scholarship, we are thinking rather of the zealous teacher, the true and sincere friend, the kindly simple man whom we shall see no more. We recall him in his little class room in Dublin, teaching, helping, striving; his face pale and refined as that of a mediaeval ascetic, his glowing eyes, his spare but wiry form; his ever-ready kindness, his inexhaustible patience, his quiet but genial humour. To have sat at his feet even for a few weeks will be a precious memory and an inspiration throughout life to many an Irish student’.

D’fhág sé ina dhiaidh: Selections from old Irish glosses (1904); Old Irish paradigms (1905); Stories from the Táin (1908). Ní raibh sé ach 45 bliana nuair a d’éag sé. Shíl Meyer go ndéanfadh sé saothar mór dá maireadh sé agus nach raibh déanta aige ach a phrintíseacht. ‘He had to do the work which in better equipped universities is divided among four professors, having to teach both Greek and Celtic, Sanskrit and comparative philology.... To those who had the good fortune to work with him or be numbered among his students his severe conception of scholarship and his ungrudging devotion in its service will ever remain a guiding force and an inspiration’ (Ériu Vol 4 1907).

Bhí sé pósta le Mina Grant, iníon a sheanmháistir in Keith. Bhí ochtar clainne acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú